TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
Bóthar Leitrí: Ó acomhal an Tobair go dtí Crosaire Thóin na Brocaí. Beidh bealach rochtana ag muintir na háite amháin idir an Cuarbhóthar agus an bealach isteach chuig eastát tithíochta an Tobair.
Tréimhse Dúnta Chéim 1: 24/7 ó Dé Luain an 7 Meán Fómhair go dtí Dé Máirt an 15 Meán Fómhair 2026.
Bóthar Leitrí: Ó Chrosaire Thóin na Brocaí go dtí an L-13234. Beidh bealach rochtana ag muintir na háite amháin idir an L-13234-0 agus Bóthar an Droma.
Tréimhse Dúnta Chéim 2: 24/7 ó Dé Céadaoin an 16 Meán Fómhair go dtí Déardaoin an 17 Meán Fómhair 2026.
An Chúis: Oibreacha Uasghrádaithe Iarthar Chathair na Gaillimhe thar ceann Uisce Éireann.
Bealaí Atreoraithe: Céim 1 - Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí Bhóthar Leitrí, an N59 agus an Cuarbhóthar. Nó mar mhalairt air sin trí Bhóthar Leitrí, Bóthar Rathúin, Bóthar an Easpaig Uí Dhónaill agus an Cuarbhóthar.
Céim 2: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí Bhóthar Thobar Odhráin, an N59 agus Bóthar Leitrí. Nó mar mhalairt air sin trí Bhóthar an Droma, Bóthar Rathúin agus Bóthar Leitrí.
Coinneofar bealach rochtana oscailte do mhuintir na háite agus d’Fheithiclí Éigeandála.
Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná Déardaoin 20 Lúnasa 2026.