DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Bóthar an Bhealaigh

Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

 

Bóthar an Bhealaigh: Ó Acomhal Bhóthar an Bhealaigh leis an N59 go dtí Acomhal Bhóthar an Bhealaigh le Bóthar Leitrí agus Bóthar Ghort an tSléibhe. 

 

An Tréimhse Dúnta:  24/7 ó Dé Luain an 2 Samhain go Dé hAoine an 27 Nollaig 2026.

 

An Chúis: Príomhphíobán uisce a chur síos.

 

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe tríd an N59 agus Bóthar Ghort an tSléibhe.

      

Beidh rochtain áitiúil ar fáil an t-am ar fad.

 

Beidh bealach isteach ag Feithiclí Éigeandála an t-am ar fad.

 

Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair. 

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 
12.00pm Dé Céadaoin an 28 Deireadh Fómhair 2026.