DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 Fógra Rúin - Ascaill Phailmíre

Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:

Ascaill Phailmíre: Idir Bóthar Mhuire agus Bóithrín na Sliogán.

An Tréimhse Dúnta:    24/7 ó Dé Luain an 23 Samhain go Dé hAoine an 27 Samhain 2026.

An Chúis: Ceangal nua uisce óil agus fuíolluisce do réadmhaoin.

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí Bhóthar Mhuire. An Corrán agus Páirc Phailmíre.

Beidh rochtain áitiúil ar fáil an t-am ar fad.

Beidh bealach isteach ag Feithiclí Éigeandála an t-am ar fad.

Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Déardaoin an 12 Samhain 2026.