DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Ascaill Mhuire

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:

Ascaill Mhuire: Ón mBóthar Ard go Bóthar na Trá Íochtarach.

An Tréimhse Dúnta: 24/7 ón 23 Feabhra go dtí an 17 Aibreán 2026.

An Chúis: Chun uasghrádú práinneach a dhéanamh ar an mbonneagar uisce. 

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí tríd an mBóthar Ard agus Bóthar na Trá Íochtarach.

Beidh rochtain áitiúil ar fáil an t-am ar fad.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.