Éire Shláintiúil 2026 ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

Healthy Ireland image

Faoin gCreat Éire Shláintiúil, cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail áitiúla taobh istigh de limistéar riaracháin Chathair na Gaillimhe.  

Is straitéis náisiúnta rialtais í Éire Shláintiúil a bhfuil sé d’aidhm aici sláinte agus folláine gach uile dhuine atá ina gcónaí in Éirinn a fheabhsú.

Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Éire Shláintiúil fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú ó chumainn agus ó ghrúpaí pobail áitiúla taobh istigh de Chathair na Gaillimhe chun tacú le tionscnaimh, le tionscadail agus le gníomhaíochtaí atá dírithe ar shláinte agus ar fholláine a fheabhsú. 

Le go n-éireoidh le hiarratas ar mhaoiniú, ba cheart don iarratas a bheith ag teacht le ceann nó níos mó de na spriocanna thuas. 

Glacfar le hiarratais ar líne ón 9am Dé Luain an 9 Feabhra 2026.

Is féidir teacht ar threoirlínte maidir leis an deontas anseo  Healthy Galway City Community Grant 2026

Healthy Ireland Group Photo

Déan iarratas ar líne ar dheontas Éire Shláintiúil 2026 ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe anseo:  HEALTHY GALWAY CITY 2026 COMMUNITY GRANT – Fill in form

Ní mór do ghrúpaí a n-éireoidh leo a bheith cláraithe mar sholáthróir de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Mura bhfuil tú cláraithe fós, ná déan dearmad an fhoirm atá ceangailte a líonadh.  Supplier Setup Form GCC 2025 - IRISH 

Má bhíonn aon cheist agat déan teagmháil le community@galwaycity.ie.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chathair Shláintiúil na Gaillimhe téigh chuig  https://www.healthygalwaycity.ie/ 

Chun breis eolais a fháil faoin gCreat Éire Shláintiúil, téigh chuig  gov.ie - Healthy Ireland Framework 2019-2025

4.00pm Dé hAoine an 27 Feabhra 2026 an dáta deiridh nglacfar le hiarratais ar líne.