Faigh Amach faoi Ghaillimh i Ré na Meánaoise: Imeachtaí Oidhreachta Saor in Aisce Mhí na Samhna

Stone Carvings on Lynches Castle

 

 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tacaíocht fhial ón gComhairle Oidhreachta, thar a bheith sásta clár spreagúil d’imeachtaí oidhreachta saor in aisce a chur i láthair i rith mhí na Samhna 2026.

Is cuma más duine mór staire thú nó más oideoir thú atá ag iarraidh do dhaltaí nó do scoláirí a spreagadh, bí linn chun an stair, an seandálaíocht agus an cultúr saibhir atá ar leac an dorais agat a fhiosrú.

 

Imeachtaí Poiblí

Turas Siúil ar an gCathair Mhúrtha

Tar uait siar sa ré atá caite ag siúl shráideanna lúbacha ré na Meánaoise i nGaillimh.

  • Áit, Dáta agus Am: Tiocfar le chéile ag Margadh an Éisc, ag an bPóirse Caoch, Dé hAoine, an 20 Samhain ag 2:00pm
  • Treoraithe: Faoi stiúir an tSeandálaí Martin Fitzpatrick agus an Dr Jim Higgins (Oifigeach Oidhreachta Chathair na Gaillimhe).
  • Iontráil: Saor in aisce, ach tá teorainn ar an líon spásanna atá ar fáil.
  • Áit a chur in áirithe: Ní mór áit a chur in áirithe roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig heritage@galwaycity.ie.

 

Cláir do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna

Turais Siúil Scoile “Siúlóid agus Caint”

An stair a thabhairt chun fíre do do dhaltaí/scoláirí. Rachaidh seandálaí gairmiúil go dtí do scoil agus tabharfaidh sé nó sí do rang ar thuras idirghníomhach trí Chathair na Gaillimhe, ag tabhairt cúnamh do ghasúir meas a bheith acu ar sheandálaíocht agus ar chultúr na háite.

  • Dátaí: Dé Máirt, an 17 Samhain, Dé Luain, an 23 Samhain agus Dé Máirt, an 24 Samhain 
  • Spriocphobal: Ranganna scoile agus a gcuid múinteoirí.
  • Áit a chur in áirithe: Tá teorainn ar an líon spásanna atá ar fáil. Déan teagmháil leis an Oifigeach Oidhreachta ag Heritage@GalwayCity.ie

 

Seandálaíocht Phraiticiúil i Músaem Cathrach na Gaillimhe

Lá lán spraoi idirghníomhaigh agus lán fionnachtana! Taispeánfaidh seandálaithe gairmiúla an chaoi a ndearnadh déantáin ársa fadó agus tabharfaidh siad deis do na daltaí / scoláirí nach bhfaightear go minic súil níos géire a chaitheamh ar mhacasamhlacha ardchaighdeáin de dhéantáin ársa agus iad a láimhseáil.

  • Dátaí & Amanna: Déardaoin, an 19 Samhain agus Dé hAoine an 20 Samhain, 10:00 AM – 2:00 PM
  • Áit: Músaem Cathrach na Gaillimhe
  • Áit a chur in áirithe: Ní mór do scoileanna áit a chur in áirithe roimh ré, mar tá teorainn ar an líon spásanna atá ar fáil. Cuir d’áit in áirithe ag Heritage@GalwayCity.ie

 

An chaoi le háit a chur in áirithe

Tá gach imeacht saor in aisce, ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré do gach seisiún. 

Chun d’áit a chinntiú nó chun do scoil a chlárú, seol ríomhphost chuig Heritage@GalwayCity.ie agus luaigh d’ainm, an t-imeacht is rogha leat agus méid an ghrúpa.