Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh Aire Féiniúlachta agus Cultúir Cheanada go Halla na Cathrach

delegation standing outside city hall

Bhí áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte a chur roimh an Teachta Parlaiminte Onórach, Marc Miller, Aire Féiniúlachta agus Cultúir Cheanada, chuig Halla na Cathrach an tseachtain seo mar chuid dá chuairt ar Éirinn.

Bhí an chuairt mar chuid de chlár níos leithne chun comhar cultúir idir Éire agus Ceanada a neartú roimh an tionscnamh Ceanada-Éire 180 a bheidh ar siúl in 2027, tionscnamh déthaobhach suntasach trína ndéanfar ceiliúradh ar na naisc chultúir, ealaíonta agus stairiúla atá idir an dá thír le fada an lá.

In éineacht leis an Aire Miller bhí Denis King, Ambasadóir Cheanada chun na hÉireann, oifigigh shinsearacha ó Roinn Oidhreachta Cheanada, agus John Concannon, Ambasadóir na hÉireann chun Cheanada. Chuir an Méara Helen Ogbu, an Príomhfheidhmeannach Leonard Cleary, Stiúrthóirí agus oifigigh shinsearacha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe Andrew Reddington fáilte roimh an toscaireacht.

Cuireadh béim le linn plé ar ról na Gaillimhe mar lárionad don léiriú ealaíonta, don nuálaíocht chultúir, don chruthaitheacht ilteangach agus don mhalartú cultúir idirnáisiúnta. Ba dheis a bhí sa gcuairt freisin plé a dhéanamh ar an gcaidreamh láidir agus seanbhunaithe atá idir Éire agus Ceanada agus ar an ról tábhachtach atá ag an gcultúr i gceangail agus pobail idirnáisiúnta a neartú.

Rinneadh tagairt freisin do chaidrimh idirnáisiúnta na cathrach, lena n-áirítear an Comhaontas Cairdis atá ag Gaillimh le Moncton, New Brunswick, comhaontas a léiríonn na ceangail láidre atá fós idir Éire agus cósta Atlantach Cheanada.

Chuir Méara na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu, fáilte roimh an gcuairt:

“Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh an Aire Miller agus a thoscaireacht go Gaillimh. Cuidíonn cuairteanna dá leithéid seo leis na ceangail idir ár dtíortha a neartú agus le deiseanna a chruthú do chomhoibriú amach anseo i réimse an chultúir, na turasóireachta agus i bhforbairt pobail."

Chuir Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leis an méid sin nuair a dúirt:

"Is cuid shainiúil d'fhéiniúlacht na Gaillimhe é an cultúr agus is cuid lárnach dár gcathair é. Tá muid bródúil as na comhpháirtíochtaí atá tógtha againn go hidirnáisiúnta agus tá muid ag tnúth le tuilleadh deiseanna a fhiosrú chun oibriú le chéile sna blianta amach romhainn”.