Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an bhfógra ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD go bhfuil maoiniú ar fiú níos mó ná €15m é á chur ar fáil do Chathair na Gaillimhe faoin gCiste Infheistíochta Athghiniúna Bailte agus Cathracha. Bronnadh maoiniú ar chúig iarratas ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoin scéim nua seo, ar scéim í a cuireadh in áit an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach chun tacú le tionscadail athnuachana uirbí agus chun pobail inbhuanaithe a fhorbairt.
Tabharfar dhá thionscadal mhóra i nGaillimh, a athróidh lár na cathrach agus ceantair Chnoc na Cathrach ó bhonn, ar aghaidh chuig na céimeanna dearaidh mionsonraithe agus as sin cuirfear tús leis an obair thógála ós rud é gur bronnadh leithdháiltí maoinithe ar fiú €7.5m an ceann iad ar an bpéire.
Is tionscadal sainchomhartha poiblí é An Tús Pháirc Bhaile an Rí atá mar chuid de Thionscadal Pháirceanna Poiblí agus Fhearann Uirbeach Poiblí Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora a cheadaigh an Coimisiún Pleanála le déanaí. Le Tionscadal An Tús Bhaile an Rí, cuirfear tús le háis phobail bhunathraitheach a thabhairt i gcrích trína dtabharfar aghaidh ar an easpa bonneagair pobail, caithimh aimsire agus taitneamhachta atá i gceantar Chnoc na Cathrach i láthair na huaire. Fágfaidh an maoiniú atá ceadaithe go mbeifear ábalta an chéad chéim seo den tionscadal a thabhairt chun críche, agus nuair a bheidh sé sin déanta beidh an chuid thuaidh de Pháirc Bhaile an Rí críochnaithe a bheidh ina áis inrochtana ardchaighdeáin a fhreastalóidh ar dhobharcheantar ina bhfuil thart ar 14,000 duine. Mar chuid den chéim seo maoineofar páirc shintéiseach nua 4G, páirc Cluiche Corr, Caighean Slactha Cruicéid, saoráidí feistis, Bealaí Sábháilte chun na Scoile, Glasbhealach, spásanna poiblí agus áiseanna poiblí, Plandáil agus Seomra Ranga agus Amfaitéatar Faoin Spéir agus oibreacha comhlacha eile.
Leis an obair a dhéanfar ag Stáisiún Cheannt - Cnoc San Aibhistín cuirfear tús leis an gcuspóir síneadh soir a chur le lár chathair na Gaillimhe a bhaint amach trí níos mó ná 5,500m2 d’fhearann poiblí feabhsaithe a fhorbairt, ina gcuimseofar inrochtaineacht níos fearr agus taithí i bhfad níos fearr do dhaoine arb é Stáisiún Cheannt nua-athfhorbartha a gceann scríbe i nGaillimh. Tacóidh sé sin freisin le pobal nua a chruthú i gcroílár chathair na Gaillimhe trí Mháistirphlean Chnoc San Aibhistín trína mbainfear feidhm as suíomh athfhorbraíochta 8.5 acra ó dheas ó Stáisiún Cheannt ar a dtógfar forbairtí cónaithe, cultúir, miondíola, fóillíochta, oifige agus iompair. Cothóidh tionscadal an Fhearainn Phoiblí nasc idir príomhfhorbairtí lena n-áirítear Stáisiún Cheannt a forbraíodh le déanaí, Cnoc San Aibhistín agus Cé Bonham. Is ionann an tionscadal agus comhpháirtíocht idir ionadaithe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Iarnród Éireann agus Chnoc San Aibhistín.
Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an dá thionscadal a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh faoi Mheán Fómhair 2027.
Tá trí leithdháileadh maoinithe ar fiú €150,000 an ceann iad curtha ar fáil ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freisin chun pleananna straitéiseacha agus obair ullmhúcháin a chur chun cinn do thrí limistéar eile i gCathair na Gaillimhe.
Baineann deis athnuachana le Muirbheach, atá suite go straitéiseach ar thart ar 24.3 heicteár talún ar chósta thoir Chathair na Gaillimhe. Tá an maoiniú atá leithdháilte ar Chosaint Chósta agus ar Phromanáid Mhuirbhigh ríthábhachtach chun leas a bhaint as an acmhainn atá sa láithreán úrnua seo maidir le forbairt shuntasach agus inbhuanaithe tithíochta. A bhuí leis an maoiniú seo, a bhfuil maoiniú breise á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina leith agus atá á chur chun cinn i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, beifear ábalta an togra seo a thabhairt ar aghaidh go dtí an Chéim Réamhdheartha agus beifear ábalta togra comhleanúnach agus plean mionsonraithe a fhorbairt chun promanád, líonra taistil ghníomhaigh agus bonneagar níos leithne a fhorbairt mar chuid d’fhís chomhtháite do chomharsanacht chósta nua atá dírithe ar iompar.
Tá sé beartaithe le Straitéis Seachadta Lár na Cathrach an bealach a n-oibríonn seirbhísí seachadta i gcroílár stairiúil na Gaillimhe a athdhearadh. Tá sé d’aidhm leis an straitéis sin riachtanais tráchtála na ngnólachtaí agus na gcónaitheoirí a chomhlíonadh, agus lár na cathrach a dhéanamh níos sábháilte, níos oiriúnaí do choisithe agus do thaisteal inbhuanaithe. Tá sé beartaithe freisin go mbeadh an staidéar ag teacht leis na hathruithe tráchta a bheidh ann amach anseo a bhaineann le BusConnects Gaillimh: Nasc Traschathrach, agus go dtacódh sé le teorannú níos mó a dhéanamh do choisithe agus le gluaiseacht níos fearr ar fud lár na cathrach, mar a shainaithnítear i Straitéis Fearainn Phoiblí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Tá baint dhíreach ag an maoiniú atá ar fáil do Staidéar ar Ghluaiseacht in Iarthar Chathair na Gaillimhe leis an obair phleanála atá ar bun agus atá ag teacht chun cinn, agus tacóidh sé le cur chuige straitéiseach ar mhaithe le creat gluaiseachta a fhorbairt ar fud an cheantair. Tacóidh sé seo le feabhsuithe ar an bhfearann poiblí, agus riachtanais rochtana coisithe, rothaithe, iompair phoiblí, seirbhísí, feithiclí éigeandála agus gluaisteáin phríobháideacha á gcothromú ag an am céanna. Sa limistéar staidéir tá Plean Thrive Cheantar Thiar Chathair na Gaillimhe, limistéar Thionscadal Athnuachana na Sráide Trasna, limistéar staidéir Thionscadal Athnuachana Shráid Lombard, agus na bealaí, na hacomhail, na droichid, na lánaí agus na spásanna poiblí níos leithne trína gceanglaítear na ceantair seo lena chéile, le croílár na gcoisithe agus le Oileán Altanach. Scrúdóidh an staidéar freisin na naisc agus na hidirghníomhaíochtaí atá idir na ceantair sin.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, go gcabhróidh an maoiniú seo le tionscadail a chur i gcrích a dhéanfaidh difríocht cheart agus dhearfach don chathair. “Is fógra mór maoinithe é seo do Ghaillimh, agus cabhróidh sé le Comhairle Cathrach na Gaillimhe príomhthionscadail a chur i gcrích don chathair, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon. Is ionann é agus tacaíocht d’uaillmhian na Comhairle áiseanna nua agus níos fearr a chur ar fáil ar fud na cathrach. Cuirim fáilte roimh an tacaíocht seo ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus táim ag tnúth leis na tionscadail seo a fheiceáil ag teacht chun críche sna blianta amach romhainn.”
Tá fáilte curtha ag Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, roimh an scéala faoin maoiniú do Chathair na Gaillimhe. “Is cúis mhór áthais é beagnach €15.5m a bheith fógartha le haghaidh cúig thionscadal ar fud na Gaillimhe, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Browne agus lena fhoireann as an vóta muiníne seo i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.”
“Beifear réidh, mar a bhí beartaithe, chun tús a chur leis an obair thógála ar Chnoc San Aibhistín agus ar Pháirc Bhaile an Rí araon am éigin i rith na bliana seo amach romhainn. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas dul chun cinn a dhéanamh ar dhá thionscadal bhunathraitheacha – ceann amháin acu a chuirfidh athrú mór ar lár na cathrach, agus ceann eile a chuirfidh áiseanna spóirt feabhsaithe ar fáil do na mílte i gceantar Chnoc na Cathrach, anois agus amach anseo.”
“Ina theannta sin, tá an maoiniú atá fógartha freisin chun na trí straitéis agus pleananna a fhorbairt tábhachtach freisin. Déanfaidh an obair seo eolas do chinntí straitéiseacha amach anseo ag gach ceann de na suíomhanna seo, agus cuirfidh sí Comhairle Cathrach na Gaillimhe sa riocht ina mbeifear ábalta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus an maoiniú sin a fháil chomh maith le cead pleanála a fháil d’oibreacha breise a rachaidh chun sochair go mór do shaol na ndaoine atá ina gcónaí anseo, a thugann cuairt ar an áit agus atá ag obair anseo.”
Tá maoiniú €409m fógartha ag an rialtas mar chuid den chlár nua ‘Ciste Infheistíochta Athghiniúna Bailte agus Cathracha’ do bheagnach 120 tionscadal ar fud gach údarás áitiúil sa Stát. Cé go dtiocfaidh sé in áit an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (URDF), leanfaidh an ciste nua seo de thacaíocht a thabhairt do thionscadail athghiniúna uirbí agus d’fhorbairt pobal inbhuanaithe trí pháirtmhaoiniú a dhéanamh ar thionscadail a bhíonn á stiúradh ag na hiarratasóirí féin. Tríd sin, cuirfidh sé go mór le hathghiniúint agus athbheochan chathracha agus bhailte móra eile na hÉireann, i gcomhréir le cuspóirí an Chreata Náisiúnta Pleanála agus an Phlean Forbartha Náisiúnta. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ach dul chuig https://www.gov.ie/en/department-of-housing-local-government-and-heritage/press-releases/minister-james-browne-announces-landmark-boost-of-409-million-in-towns-and-cities-regeneration-investment-fund/