Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an méadú ar mhaoiniú an Údaráis Náisiúnta Iompair do thionscadail ghníomhacha taistil agus iompair phoiblí

An image showing bollards and a red painted cycle lane along Doughiska Road South

Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an méadú ar mhaoiniú chun cuidiú léi tionscadail iompair inbhuanaithe nua agus níos fearr a fhorbairt ar fud na cathrach.  Tá leithdháileadh €11.6m fógartha ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) do réimse tionscnamh gníomhach taistil agus iompair phoiblí a fhorbróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe in 2026.  Tacóidh an maoiniú seo, a bhfuil €550,000 níos mó ann i mbliana i gcomparáid le 2025, leis an gComhairle leanúint d'infreastruchtúr nua agus níos fearr a chur ar fáil a chabhróidh le brú tráchta a laghdú agus a fhágfaidh go mbeidh Gaillimh ina timpeallacht níos sábháilte agus níos compordaí do choisithe agus do rothaithe. 

Tá tacaíocht á tabhairt do shraith leathan tionscadal tábhachtach ar fud Chathair na Gaillimhe tríd an tráinse maoinithe seo, lena n-áirítear €9.5 milliún do thionscadail Taistil Ghníomhaigh i nGaillimh in 2026.  Áirítear ar na tionscadail sin:

  • Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin (€2.8 milliún) – Leis an maoiniú seo beifear in ann an tionscadal seo a chur i gcrích, a chuirfidh lánaí rothaíochta tiomnaithe feadh an dá bhóthar mar aon le háiseanna níos fearr do shiúlóirí, do rothaithe, daoine a úsáideann deiseanna a bhfuil rothaí orthu agus daoine a bhíonn ag taisteal ar an mbus. Tá sé beartaithe an tionscadal seo a chur i gcrích i R3 2026.
  • Tionscadal Taistil Ghníomhaigh Bhóthar Stiofáin (€1.7 milliún) – Cuirfear áiseanna nua rothaíochta agus siúil ar fáil feadh Bhóthar Stiofáin faoin tionscadal seo, agus ceanglófar raon limistéar cónaithe le moil fostaíochta agus saoráidí spóirt.  Tá an obair ar an scéim seo ag dul ar aghaidh de réir an sceidil agus tá siad ar an mbóthar ceart lena cur i gcrích i R3 2026.
  • Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar Dáileacháin an Iarthair (€875,000) – Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas an tionscadail dul chun cinn a dhéanamh trí dhearadh mionsonraithe agus i dtreo na tógála.  Cuirfear lánaí rothaíochta nua ar fáil ar feadh 3km de Bhóthar Dáileacháin an Iarthair faoin scéim seo, lena n-áirítear uasghrádú ar an lána rothaíochta éigeantach atá ann cheana.  Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an obair thógála in 2026.

Tá gach ceann de na tionscadail sin cómhaoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus ag Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach an rialtais.

Ina theannta sin, áirítear leis an maoiniú don taisteal gníomhach €310,000 chun an clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile (SRTS) a leathnú, clár atá deartha chun an oiread daltaí agus scoláirí agus is féidir i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna a spreagadh a bheith ag siúl, ag rothaíocht nó ag baint úsáid as deiseanna a bhfuil rothaí orthu.  Leithdháileadh maoiniú ar naoi scoil, a rinne iarratas cheana féin le bheith páirteach i gclár SRTS, agus leithdháileadh €50,000 an ceann ar thionscadail ar leithligh ag:

  • Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig
  • Scoil St. John the Apostle, Cnoc na Cathrach
  • Meánscoil Choláiste Éinde
  • Gaelscoil Dara, An Rinn Mhór
  • Coláiste Iognáid
  • Scoil Speisialta Naomh Seosamh agus Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile na Gaillimhe.

Bronnadh €5,000 an ceann freisin ar oibreacha i mBunscoil an Chladaigh agus i nGaelscoil Mhic Amhlaigh, a fógraíodh le déanaí mar chuid de Bhabhta 4 de SRTS.  Cuirfidh an t-airgead seo ar a gcumas réamhobair a dhéanamh le haghaidh scéimeanna amach anseo a bheidh le tógáil ag na scoileanna seo. 

Cuirfidh an maoiniú ar a gcumas freisin iarratas ar thoiliú reachtúil a ullmhú maidir le tionscadail nua bhreise ar Bhóthar Mhuine Mheá, Bóthar Sheantalaimh agus Bóthar an Chlaí Bháin.   Leithdháileadh maoiniú breise (€200,000) freisin chun rialuithe rochtana breise (geataí aonfhir mar a thugtar orthu) a bhaint anuas in áiteanna ar fud na cathrach, ag leanúint leis an obair a rinneadh le déanaí in áiteanna lena n-áirítear Baile an Locháin, an Pháirc Theas agus Páirc Foraoise Thír Oileáin.

Anuas ar an infheistíocht mhór seo i dtaisteal gníomhach, tá €2.1 milliún breise leithdháilte ag an Údarás Náisiúnta Iompair ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe trí shruthanna maoinithe eile, rud a fhágann gur féidir feabhas a chur ar iompar poiblí sa gcathair.  Áirítear leis seo €600,000 chun ciorcal casta bus buan nua agus áiseanna gaolmhara a thógáil ag Páirc Ghnó na Páirce Móire Thiar.  Tacaíonn sé sin freisin le Bealach 409 níos faide agus le hAthdhearadh Líonra Bus na Gaillimhe.  D'fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair maoiniú freisin chun dul chun cinn thionscadail Nasc Traschathrach agus Chonair Iompair Bóthair Bhaile Átha Cliath a cheadú, ar tionscadail iad atá fós á gcur chun cinn ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus a mbeidh ról lárnach acu maidir le bonneagar iompair na cathrach a fheabhsú.

Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard fáilte roimh an mborradh maoinithe ilmhilliún euro seo don chathair.   “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus leis an rialtas as an infheistíocht ilmhilliún euro seo i mbonneagar na Gaillimhe.  Spreagfaidh na forbairtí seo níos mó daoine chun taisteal gníomhach nó iompar poiblí a roghnú agus cuideoidh siad linn leanúint ar aghaidh ag forbairt na cathrach ar bhealach inbhuanaithe.  Molaim go mór obair na Rannóige Taistil Ghníomhaigh go dtí seo, agus táim ag tnúth le fáilte a chur roimh thuilleadh dul chun cinn sa bhliain seo amach romhainn.” 

Ar bhonn náisiúnta, fógraíodh €360 milliún san iomlán i maoiniú Rialtais do Thaisteal Gníomhach agus Glasbhealaí in 2026.  Tá an infheistíocht seo ón Údarás Náisiúnta Iompair tiomanta do thionscadail siúil agus rothaíochta a fhorbairt a chuireann roghanna iompair sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúla ar fáil do phobail ar fud na tíre.  Táthar ag súil go gcuirfear 200km d'infreastruchtúr siúil agus rothaíochta i gcrích i mbliana, i gcomhréir leis an sprioc atá leagtha amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide.

***

Is féidir an t-eolas ar fad faoin bhfógra maoinithe seo ón Údarás Náisiúnta Iompair a fháil ag an nasc seo.