Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh Mhaoiniú Ollmhór Oidhreachta do Shéadchomharthaí na Cathrach

4 staff standing in church

Tá fáilte oifigiúil curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le gairid roimh dhá fhógra maidir le dhá láithreán i gCathair na Gaillimhe. Chuir Stiúrthóireacht Uirbeach na Comhairle Cathrach fáilte roimh leithdháileadh deontais €260,000 ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoi Chiste na Séadchomharthaí Poiblí. Roinnfear an maoiniú idir péire de láithreáin oidhreachta is suntasaí na cathrach; tabharfar €130,000 do Chaisleán Mhionlaigh agus beidh €130,000 le leithdháileadh ar Eaglais Choláisteach San Nioclás. 

Ba é an dara fógra a rinneadh ná go raibh deontas €25,000 faighte ón gComhairle Oidhreachta, faoi Dheontais Oidhreachta Pobail 2026. Thacaigh Rannóg Oidhreachta na Comhairle Cathrach leis an iarratas sin a ullmhú.

Cuirfidh na hinfheistíochtaí airgeadais seo maoiniú ar fáil d'obair dheisithe riachtanach, caomhnú struchtúrtha, agus oibreacha caipitil atá dírithe ar an gcuma atá ar an dá struchtúr a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú.

Léirigh an Comhairleoir a bhí i láthair thar ceann Mhéara Chathair na Gaillimhe; John McDonagh, a thacaíocht láidir don infheistíocht:

“Tá cúnamh ollmhór faighte ag rannán oidhreachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leis an leithdháileadh €260k ó Chiste na Séadchomharthaí Poiblí chun Caisleán Mhionlaigh agus Eaglais Choláisteach San Nioclás a chosaint. Cinntíonn an maoiniú criticiúil seo go ndéanfar deisiú struchtúrtha agus caomhnú fadtéarmach agus go gcuirfear feabhas ar an gcuma atá ar an dá shéadchomhartha iontacha seo, chun stair áitiúil a chosaint ionas gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint astu amach anseo.”

Athchóiriú Eaglais Choláisteach San Nioclás
Cuirfidh an leithdháileadh €130,000 d’Eaglais Choláisteach San Nioclás le tréimhse athchóirithe rathúil trí bliana atá déanta cheana féin chun croslann theas an fhoirgnimh a athrú ó bhonn. Cabhróidh an maoiniú nua le deisithe struchtúrtha práinneacha a chinnteoidh go mbeidh an áit stairiúil seo sábháilte don phobal i gcónaí.

Chuir an Ró-Oirmhinneach Lynda Peilow, Reachtaire Eaglais Choláisteach San Nioclás, béim ar an dá ról atá ag an bhfoirgneamh mór le rá ina pharóiste gníomhach agus ina chuid ríthábhachtach de stair an cheantair:

“Tá an maoiniú seo ríthábhachtach chun oidhreacht shaibhir an fhoirgnimh a chosaint, rud a chabhróidh leis na hiarrachtaí athchóirithe leanúnacha a nochtann gnéithe stairiúla nárbh eol dúinn faoin bhfoirgneamh cheana. Cé gur séipéal gníomhach í Eaglais Choláisteach San Nioclás, is láithreán oidhreachta é freisin a mbaineann fíorthábhacht stairiúil leis i nGaillimh.”

Caomhnú Leanúnach ar Chaisleán Mhionlaigh
Bainfear úsáid as an €130,000 do Chaisleán Mhionlaigh, fothrach aitheanta ón 19ú haois suite le cois Abhainn na Gaillimhe, chun obair chaomhnúcháin ríthábhachtach a chur chun cinn. Ba le muintir de Bláca an t-eastát go dtí gur scriosadh i dtine é i dtús an 20ú haois, agus tá daingniú agus cothabháil leanúnach á déanamh ar an láithreán.

Thug Jim Higgins, Oifigeach Oidhreachta do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, an tábhacht a bhaineann le bainistíocht leanúnach an chaisleáin faoi deara:

“Is sainchomhartha iomráiteach é Caisleán Mhionlaigh ar Abhainn na Gaillimhe, a bhíodh ina áit chónaithe ag muintir de Bláca go dtí gur scriosadh i dtine é i dtús an 20ú haois. Tá tugtha faoi obair mhór le roinnt blianta anuas chun an caisleán a chaomhnú, agus chuidigh an maoiniú leithdháilte a fuarthas linn leanúint leis na hidirghabhálacha ríthábhachtacha seo.”

Luaigh Brendan Dunne, Pleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach don Ailtireacht agus don Chaomhnú i gComhairle Cathrach na Gaillimhe gur foirgneamh le hoidhreacht shaibhir shuntasach í Eaglais Choláisteach San Nioclás, eaglais i lár na cathrach agus an chathair ina croílár.  Le breis is seacht gcéad bliain, tá fáilte curtha roimh adhraitheoirí agus cuairteoirí araon go dtí an láithreán dochreidte seo, agus cinnteoidh maoiniú na bliana seo go mbainfear úsáid leanúnach as mar thaitneamhacht faoi leith sa gcathair. 

€8 milliún ina iomláine a bheidh ar fáil go náisiúnta do thionscadail a thagann faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2026. Rinneadh iarratais a mheas ar bhonn:

  • Tábhacht an tséadchomhartha seandálaíochta
  • Éifeachtúlacht an tionscadail atá beartaithe chun aidhmeanna an chiste a bhaint amach
  • Cáilíocht na modheolaíochta agus fiúntas teicniúil an tionscadail atá beartaithe
  • An tairbhe atá ann don phobal nó don phobal i gcoitinne