Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh thús a bheith curtha arís leis an bpróiseas chun Beartas Iompair Amach Anseo a fhorbairt

line draw of city skyline with text saying GMATS

 

  • Cuirfidh GMATS creat pleanála straitéiseach fadtéarmach nua ar fáil chun bonn eolais a chur faoi riachtanais iompair Cheantar Uirbeach na Gaillimhe.

  • Déanfar an fhéidearthacht Iarnróid Éadroim a fhorbairt a mheas, de réir na tuarascála a cuireadh i gcrích roimhe seo.

(01.07.2026) Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh chur i bhfeidhm Straitéis Iompair Cheantar Uirbeach na Gaillimhe (GMATS) arís ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI). Sainaithneofar riachtanais iompair na Gaillimhe sa Straitéis thábhachtach seo agus cuirfear bonn eolais faoi fhorbairt na Gaillimhe amach anseo, rud a chabhróidh léi leanúint de bheith ina lárionad eacnamaíoch agus cultúir d’Iarthar na hÉireann.

I ndiaidh na próisis reachtúla do Chuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe a chur i gcrích, chuir ÚNI tús arís le forbairt GMATS, ag obair i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann, Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair agus Comhairlí Cathrach agus Chontae na Gaillimhe. Nuair a bheidh an próiseas seo curtha i gcrích, tiocfaidh GMATS in ionad Straitéis Iompair na Gaillimhe, a glacadh in 2016. Bainfear úsáid as an gcreat pleanála straitéiseach fadtéarmach nua seo chun bonn eolais a chur faoi thaisteal gníomhach, seirbhísí bus, iarnróid, bóithre agus bearta bainistithe éilimh a fhorbairt ar fud Cheantar Uirbeach na Gaillimhe, lena n-áirítear an fhéidearthacht d’iarnród éadroim.

Táthar ag súil go reáchtálfar comhairliúchán poiblí ar dhréacht GMATS i dtús na bliana seo chugainn, agus go mbeidh Straitéis chríochnaithe i bhfeidhm in 2027.

I mí Dheireadh Fómhair 2024, d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair Tuarascáil Staidéir Féidearthachta maidir le hIompar Iarnróid Éadroim na Gaillimhe, mar chuid de Straitéis uasdátaithe Iompair na Gaillimhe agus de Straitéis Iompair Cheantar Uirbeach na Gaillimhe (GMATS). Léiríodh sa Staidéar Féidearthachta go bhféadfadh, faoi na cúinsí cearta, cás a bheith ann chun córas iarnróid éadroim a fhorbairt i nGaillimh, le héileamh bliantúil measta de thart ar 7.5 milliún paisinéir sa mbliain.

Leag Comhairle Cathrach na Gaillimhe béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le Straitéis Iompair Limistéar Cathrach na Gaillimhe (GMATS/SILCG) agus ina haighneacht ar athbhreithniú ar an Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíochta (RSES/SRSE), tugadh le fios an ról atá aici maidir le tacú le gréasán iompair poiblí comhordaithe a sholáthar ar fud na cathrach agus le ceangal feabhsaithe ar fud na cathrach. Beidh GMATS/ SILCG lárnach i gcóras iompair comhtháite agus inbhuanaithe a sholáthar do Ghaillimh.

Go dtí go bhfaighfear torthaí GMATS uasdátaithe agus go nglacfar leo, tacaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe le togra taighde maidir le hindéantacht Iarnróid Éadroim i bpróiseas Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe agus sa Straitéis Spáis agus Eacnamaíoch Réigiúnach (SSER). Céimeanna tábhachtacha a bheadh iontu sin chun an bunús straitéise agus beartais a theastaíonn a chur i bhfeidhm chun réitigh iompair i nGaillimh a fhorbairt amach anseo, lena n-áirítear an fhéidearthacht maidir le hIarnród Éadroim.

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, “Léiríonn taighde an ÚNI le gairid go dtaistealaíonn 67% de dhaoine go croílár miondíola Chathair na Gaillimhe ar bhus, ar thraein, ag siúl nó ar rothar. Léirítear leis sin go bhfuil suim ag daoine bealach eile seachas an carr a úsáid agus go bhfuil féidearthacht ann maidir leis an taisteal níos gníomhaí agus níos inbhuanaithe, ionas gur áit níos tarraingtí í Cathair na Gaillimhe le bheith i do chónaí, le bheith ag obair inti, le bheith ag staidéar inti agus le hinfheistiú inti. D’fhéadfadh ról a bheith ag an Iarnród Éadrom i meascán iompair inbhuanaithe do Chathair na Gaillimhe amach anseo - agus cuirim fáilte roimh rannpháirtíocht agus tacaíocht an ÚNI chun a chinntiú go gcuirfear na réitigh is oiriúnaí chun cinn inár gcathair.” 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Rinneadh athbhreithniú i dTuarascáil Féidearthachta an ÚNI 2024 maidir le hIarnród Éadrom ar a indéanta is a bheadh iarnród éadroim i gCeantar Uirbeach na Gaillimhe go ginearálta agus ar na hailínithe táscacha féidearthacha, agus taispeánadh na conairí leis an bhféidearthacht is fearr d’iarnród éadrom i gCeantar Uirbeach na Gaillimhe. Aithníodh conair oirthir-iarthair tríd an gcathair sa taighde, a mbeadh an fhéidearthacht is mó aige maidir le hiarnród éadrom - le sraith roghanna éagsúla a d’oirfeadh d’fhorbairt na cathrach amach anseo á meas freisin. Cé gur réamhbhealaí iad na roghanna bealaí seo agus go gcaithfí iad a fhiosrú tuilleadh, tugtar léargas leo maidir le roghanna féideartha chun aghaidh a thabhairt ar thrácht agus forbairt inbhuanaithe a chur i bhfeidhm i gCeantar Uirbeach na Gaillimhe, mar chuid de straitéis níos leithne ina bhfuil taisteal gníomhach, iompar poiblí, bóithre agus bearta bainistithe éilimh. Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh chur chun cinn GMATS agus rannpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair chun córas iompair oiriúnach agus éifeachtach do Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn anois agus amach anseo.” 

Bhuail Ardbhainistíocht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le Coiste Gluas an 6 Bealtaine 2026 chun féidearthacht Iarnróid Éadroim i gCathair na Gaillimhe a phlé. 

Tá Staidéar Féidearthachta an ÚNI maidir le hIarnród Éadrom i nGaillimh le fáil ar https://www.nationaltransport.ie/publications/light-rail-feasibility-study-for-galway/