D'óstáil Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, Fáiltiú an Mhéara an tseachtain seo caite (Dé hAoine an 27 Márta 2026) chun ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí iontacha spóirt atá déanta ag John Shortt, Fiona Murtagh, Lúthchleasaíocht an Chaisleáin Ghearr, agus ag Sraithchomórtas Dhúiche na Gaillimhe.
Bhí an searmanas ar siúl in Óstán an Clayton, i nGaillimh agus tugadh aitheantas don ghaisce atá déanta acu seo i saol an spóirt – ní hamháin mar dhaoine spóirt den scoth, ach ina n-ambasadóirí ag Gaillimh agus ag Éirinn chomh maith.
Thug Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard aitheantas dóibh duine ar dhuine as a gcuid éachtaí.
Agus é ag labhairt faoin snámhaí John Shortt, dúirt an Méara Mike Cubbard, "In 2025, chomh maith leis na dúshláin ar fad a bhaineann leis an Ardteist, thug John Shortt aghaidh ar Chraobhchomórtais Shóisearacha Uiscíochta an Domhain sa Rómáin – agus tháinig sé ar ais abhaile le trí bhonn agus mar churadh domhanda dúbailte. Chuir John leis an mbailiúchán bonn atá aige ag Craobhchomórtais Uiscíochta na hEorpa sa bPolainn i ndeireadh na bliana 2025, nuair a bronnadh Curadh Snámh Droma 200m na hEorpa air - an chéad bhonn idirnáisiúnta sinsearach atá buaite aige."
Chuir an Méara Cubbard fáilte roimh theaghlach Fiona Murtagh, mar nár fhéad sí féin taisteal de bharr dualgais a bhain le comórtais.
Leag an Méara béim ar chuid de na héachtaí ceannródaíocha atá déanta ag Fiona, agus dúirt sé: "Tar éis di tosú ag rámhaíocht in 2009 nuair a thug a deartháir Alan blaiseadh den spórt di, bhain Fiona Murtagh clú agus cáil amach nuair a thug sí léi abhaile an chéad bhonn Oilimpeach do mhná a bhuaigh Rámhaíocht na hÉireann - agus Bonn Cré-umha buaite aici sa Women’s Four ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo in 2020. Go deimhin, tá boinn Oilimpeacha buaite faoi dhó ag Fiona, tar éis di ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gCluichí Oilimpeacha Pháras in 2024, agus tá roinnt boinn Eorpacha agus Dhomhanda bainte amach aici go dtí seo."
Tugadh ómós do Lúthchleasaíocht an Chaisleáin Ghearr agus iad ag ceiliúradh mar go bhfuil 50 bliain caite acu mar phobal ag plé le cúrsaí spóirt. Bunaíodh AC an Chaisleáin Ghearr i mí Dheireadh Fómhair 1975, tar éis spreagadh a fháil ó lá spóirt an pharóiste a bhí ar siúil ar an Domhnach an 8 Meitheamh an bhliain chéanna. B’iad coiste na mban CLG an Chaisleáin Ghearr a d’eagraigh an lá spóirt sin.
Thug an Méara Cubbard aitheantas do dhúthracht gach duine a bhí páirteach agus don obair dheonach a rinne siad, agus dúirt sé "Le caoga bliain, tá oibrithe deonacha tagtha le chéile le hoiliúint a chur ar lúthchleasaithe agus iad a iompar chuig comórtais, le hairgead a bhailiú, imeachtaí a óstáil, agus pobal ríthábhachtach agus tacúil a chruthú dá lúthchleasaithe."
Sa deireadh tugadh aitheantas do Shraithchomórtas Dhúiche na Gaillimhe. I mí Feabhra na bliana 2026, bhí an bua ag Sraithchomórtas Dhúiche na Gaillimhe le 5-0 in aghaidh Shraithchomórtas Dhúiche Luimnigh i bPáirc Éamon Deacy – chun Trófaí Oscar Traynor an FAI a thabhairt abhaile leo agus an dara bua sa gcomórtas a chinntiú – sa mbliain 1971 a bhuaigh siad go deireanach.
Dúirt an Méara Cubbard an méid seo freisin, "Léiríonn an bua an tionchar a bhí ag na blianta fada d'oiliúint, de dhúthracht, d’obair dheonach agus d’fhorbairt scileanna a bhí ar bun ag Sraithchomórtas Dhúiche na Gaillimhe"
Thug an Méara Cubbard ómós freisin do "na daoine ar fad a bhí sa gcúlra" ag tacú leis na lúthchleasaithe. ‘’Is cinnte gur chuidigh an muinín a chuir sibh sna lúthchleasaithe, chomh maith leis an aistriú scileanna, an t-eolas, an cheannaireacht agus an fhís maidir le rathúlacht, go mór leis na lúthchleasaithe agus iad ag baint barr a gcumais amach.’’
Bhronn an Méara Cubbard scrolla comórtha ar John Shortt, ar theaghlach Fiona Murtagh, ar Lúthchleasaíocht an Chaisleáin Ghearr agus ar Shraithchomórtas Dhúiche na Gaillimhe, agus ghuigh sé gach rath orthu ina n-iarrachtaí amach anseo.