Fógra faoi Bhóithre a bheidh le Dúnadh – Bóthar Mhuine Mheá (in aice le hAcomhal Bhóthar an Bhaile Bháin)
Tá obair athdhromchlaithe bóthair faoi Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin beagnach críochnaithe anois. Is éard atá i gceist leis an gcéim dheiridh stráicí de Bhóthar Mhuine Mheá a athdhromchlú soir agus siar ó Acomhal Bhóthar an Bhaile Bháin. Chun sábháilteacht an phobail agus na n-oibrithe a chinntiú le linn na hoibre seo, beifear ag dúnadh bóithre go sealadach ag tréimhsí áirithe feadh Bhóthar Mhuine Mheá. Leagtar amach sonraí faoin dúnadh thíos.
Tuigimid go mbeidh roinnt cur isteach i gceist agus gabhaimid ár mbuíochas leat as do chuid foighne agus an tionscadal á chur i gcrích go sábháilte.
An Chéad Tréimhse Dúnta
An 18 agus an 19 Bealtaine - An stráice den bhóthar siar ó Acomhal Bhóthar an Bhaile Bháin.
Beidh an dúnadh seo i bhfeidhm ón 9am go 4pm ar an dá lá.
Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí Bhóthar an Bhaile Bháin; Bóthar San Séamas; Bóthar Mhichíl Uí Choileáin; Ascaill Uí Chonghaile; Bóthar Thuama; agus Bóthar na dTreabh.
Seirbhísí Bus
Déanfar seirbhísí bus a atreorú ó Bhóthar an Bhaile Bháin idir 9.30am – 4.00pm, agus leanfaidh siad an bealach atreoraithe atá sa léaráid ar an mbileog seo. Rithfidh na busanna mar is gnáth gach tráth eile. Cuirfear comharthaíocht in airde freisin ag gach stad bus chun paisinéirí a chur ar an eolas faoin stad bus malartach a bheidh ar Bhóthar San Séamas nó ar Bhóthar Mhichíl Uí Choileáin.
An Dara Tréimhse Dúnta
An 20 agus an 21 Bealtaine - An stráice den bhóthar soir ó Acomhal Bhóthar an Bhaile Bháin.
Beidh an dúnadh seo i bhfeidhm ón 9am go 4pm ar an dá lá.
Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí Bhóthar an Bhaile Bháin agus trí Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Beidh bealach rochtana áitiúil agus bealach rochtana do choisithe agus ag rothaithe an t-am ar fad.
Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.
Ní bheidh tionchar ar sheirbhísí bus.
Tuilleadh Eolais agus Ceisteanna
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar leathanach gréasáin an tionscadail.
Déan teagmháil le foireann tionscadail Coffey ar an uimhir 086 3847193 nó ar ríomhphost ActiveTravel@GalwayCity.ie