Tugtar fógra leis seo go bhfuil an Dréachtbhuiséad Bliantúil do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don bhliain airgeadais dar críoch 31ú Nollaig 2027 ullmhaithe agus go mbreithneoidh an Chomhairle Cathrach é ag Cruinniú Bliantúil Reachtúil an Bhuiséid a thionólfar Dé Luain, 23ú Samhain 2026 ar 3.00p.m. i Seomra na Comhairle de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Faoi fhorálacha Alt 103 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, taiscfear cóip den Dréachtbhuiséad Bliantúil in Oifi gí na Comhairle Cathrach ag Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh agus féadfar é a iniúchadh ann, saor in aisce, ag aon duine den phobal ó Dé Luain, 16ú Samhain 2025 ag am ar bith agus na hoifi gí ar oscailt chun gnó oifi giúil a dhéanamh.
Cuirfear cóip den Dréachtbhuiséad Bliantúil ar fáil d’aon duine a dhéanann iarratas ar phraghas €4.00 agus beidh sé ar fáil freisin le híoslódáil ar ár suíomh gréasáin ag www.galwaycity.ie
Arna dhátú: 12ú Samhain 2026
| Sínithe: Stiúrthóir | Helen Kilroy, Airgeadais & Stiúrthóireacht Forbartha Corparáidí |