Fógraíonn an tAire Peter Burke infheistíocht €12 milliún in athfhorbairt chlaochlaitheach ar Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe

Minister for tourism, ceo of failte ireland, Deputy mayor and ce posing for photo outside of the museum.

Ar Dé Céadaoin an 20 Bealtaine 2026, d'fhógair an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke TD, €12.6 milliún d'infheistíocht chaipitil chun athfhorbairt chlaochlaitheach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe a chur sa tsiúil. Tá an infheistíocht shuaitheanta seo, arna chur ar fáil ag Fáilte Éireann i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar chuid de thionscadal foriomlán ar luach €19.3m é. Is tiomantas mór é do bhonneagar turasóireachta na hÉireann a neartú, agus Músaem Cathrach na Gaillimhe a shuíomh mar mhealladh cultúrtha suntasach a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis agus mar phríomhthiománaí d'fhás eacnamaíoch réigiúnach. 

Measann Fáilte Éireann go meallfaidh an t-athfhorbairt 820,000 cuairteoir intíre agus thar lear breise thar thréimhse 10 mbliana, rud a ghinfidh €47.3 milliún breise i gcaiteachas díreach cuairteoirí don gheilleagar turasóireachta áitiúil agus réigiúnach. Tacóidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch bhreise seo go díreach agus go hindíreach le 127 post in aghaidh na bliana ar fud earnáil na turasóireachta agus na hearnálacha tacaíochta

Ag croílár na hathfhorbartha tá fís chultúrtha uaillmhianach a thabharfaidh beocht do scéalta na Gaillimhe trí eispéireas mealltach tumtha do chuairteoirí. Fréamhaithe i saol, i gcruthaitheacht agus i naisc dhomhanda mhuintir na Gaillimhe, cuirfidh an músaem sraith téamaí léirmhínithe i láthair a dhíghlasálfaidh a bhailiúcháin agus a chruthaíonn turas saibhir agus tarraingteach do chuairteoirí.

Déanfaidh cuairteoirí iniúchadh ar thurais, ar thrádáil agus ar mhalartú cultúrtha ón réamhstair go dtí an lá atá inniu ann, lena n-áirítear turais le maraithe ón gCré-Umhaois go hOileáin Árann, teagmhálacha le Gráinne Mhaol, agus oidhreacht dhrámatúil Armáid na Spáinne. Cuirfidh an litríocht agus an fhilíocht beocht ar an nGaeilge mar theanga bheo le linn eispéireas an chuairteora, ag nascadh lucht féachana lena tionchar leanúnach ar léiriú cruthaitheach comhaimseartha agus ag neartú féiniúlacht na Gaillimhe mar chathair bhródúil dhátheangach. 

Comhtháthaeoidh an tionscadal an músaem atá ann cheana le síneadh nua trí stór agus Teach Comerford stairiúil, rud a mhéadóidh acmhainn go suntasach agus a chumasóidh clár taispeántais agus imeachtaí níos uaillmhianaí. Ceanglóidh turas nua cuairteoirí na foirgnimh agus an tírdhreach máguaird, lena n-áirítear rochtain ar amharc  crochta ón bPóirsc Caoch. Leis an athfhorbairt, bunófar an músaem mar phríomh-mhol cultúrtha ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, le dánlanna úrscothacha agus spásanna taispeántais tumtha a thugann beocht do scéalta na Gaillimhe ar bhealaí nua agus tarraingteacha, agus ag an am céanna tacú le fás turasóireachta inmharthana agus le gníomhaíocht eacnamaíoch níos leithne ar fud an réigiúin. 

Ag fógairt na hinfheistíochta, dúirt an tAire Peter Burke TD: 
"Léiríonn an leibhéal infheistíochta seo tiomantas láidir an Rialtais d'fhorbairt eacnamaíoch réigiúnach agus ról na turasóireachta mar phríomhthiománaí don fhás sin. Tabharfaidh athfhorbairt Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe buntáistí eacnamaíocha insealbhaithe don réigiún, ag tacú le poist, ag méadú caiteachas cuairteoirí agus ag cruthú deiseanna nua do ghnólachtaí áitiúla. Neartaíonn infheistíochtaí straitéiseacha mar seo bonneagar turasóireachta na hÉireann, feabhsaíonn siad ár n-iomaíochas idirnáisiúnta agus cinntíonn siad go roinneann pobail ar fud na tíre na buntáistí fadtéarmacha a bhaineann le geilleagar rathúil do chuairteoirí."

Lonnaithe in aice leis an bPóirsc Caoch ar bhruach Abhainn na Gaillimhe, tá ról tábhachtach ag Músaem Cathrach na Gaillimhe le fada an lá maidir le hoidhreacht na cathrach a chaomhnú agus a roinnt. Cuirfidh an t-athfhorbairt seo lena ról go suntasach, ag teacht le Plean Forbartha Ceann Scríbe agus Eispéireas Fáilte Éireann do Chathair na Gaillimhe, a aithníonn an tionscadal mar thosaíocht chun feabhas a chur ar thairiscint chultúrtha na cathrach agus chun a tarraingteacht mar cheann scríbe bríomhar cósta a neartú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Fáilte Éireann, Caroline Bocquel: 
"Is tionscadal uaillmhianach agus claochlaitheach é seo a dhéanfaidh athshamhlú ar Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe mar eispéireas cultúrtha suntasach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Trí scéalta na Gaillimhe a thabhairt beo trí eispéireas cuairteoirí níos tumtha agus níos tarraingtí, táimid ag cruthú cúis láidir do chuairteoirí teacht go Gaillimh, fanacht níos faide agus ceangal níos doimhne a dhéanamh leis mar cheann scríbe. Léiríonn sé ár bhfócas ar nithe is díol spéise ar leith d'ardchaighdeán a fhorbairt a léiríonn carachtar uathúil áite agus a neartaíonn tairiscint turasóireachta foriomlán na hÉireann."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard:

"Tá Músaem na Cathrach ar cheann de na sócmhainní cultúrtha agus cuairteoirí is tábhachtaí sa réigiún, agus cuireann sé fáilte roimh bhreis is 200,000 cuairteoir gach bliain. Cuireann an infheistíocht seo go díreach le geilleagar turasóireachta na Gaillimhe i gcoitinne, a thacaíonn le breis agus 10,000 post ar fud na cathrach agus an chontae. Tá díol spéise cultúrtha cosúil leis an Músaem lárnach don rath sin – cuairteoirí a mhealladh, tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla, agus cáil ar Ghaillimh mar cheann scríbe cultúrtha bríomhar a neartú." 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe: 

"Cuireann an infheistíocht seo ar chumas céim shuntasach nua forbartha do Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe. Cuirfidh sé spásanna taispeántais agus léirmhínithe leathnaithe ar fáil, oideachas agus limistéir phoiblí fheabhsaithe, agus áiseanna feabhsaithe do chuairteoirí i gcomhréir lena mbeifeá ag súil le in institiúid chultúrtha nua-aimseartha. Neartóidh an t-athfhorbairt ról an Mhúsaeim taobh istigh den cheathrú chultúrtha ar bhruach na habhann, tacóidh sé le lár na cathrach níos bríomhaire, agus beidh ról tábhachtach aige i bhfás an gheilleagair cuairteoirí i rith an lae - amanna cónaithe níos faide a spreagadh agus tacú le gnólachtaí áitiúla."