Freastal déanta ag 900 Scoláire i nGaillimh ar Thionscadal LifeSaver, Tionscnamh Cumhachtach chun Sábháilteacht ar Bhóithre a chur chun cinn

Staff safety partnership, an garda síochána, and ambulance services standing outside a garda car and ambulance

Táthar ag rá gur éirigh thar barr le Tionscadal LifeSaver i ndiaidh imeacht dhá lá a bhí ar siúl i Ráschúrsa na Gaillimhe ar an 15 agus 16 Deireadh Fómhair, áit ar ghlac beagnach 900 scoláire Idirbhliana ó scoileanna ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe páirt i dtogra cuimsitheach foghlama ar shábháilteacht ar bhóithre a bhí dírithe ar iompar agus cinnteoireacht níos sábháilte a spreagadh ar na bóithre.

Faoi stiúir an tSáirsint Tony Miniter, an Gharda Alan Kelly agus an Gharda John Browne, thug an ócáid ​​​​scoláirí, múinteoirí, na seirbhísí éigeandála agus gairmithe sábháilteacht ar bhóithre le chéile chun ceacht foghlama cumhachtach a chur ar fáil nach ndéanfaí dearmad air a bhí dírithe ar iompar níos sábháilte a chur chun cinn ar bhóithre na hÉireann.

Ba é an chuid is tábhachtaí den chlár ná insamhlú réalaíoch de thimpiste bóthair, inar léiríodh freagairt chomhordaithe phearsanra an Gharda Síochána agus na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna ar thimpiste thromchúiseach bóthair. Leagadh béim le linn an taispeántais ar na hiarmhairtí tubaisteacha a bhíonn ag luas, seachmall, tiomáint faoi thionchar agus gan do chrios sábhála a bheith ort ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail.

Labhair freagróirí tosaigh agus saineolaithe sábháilteachta bóthair freisin leis na scoláirí, go bhfuair siad léargas fíor dáiríre ​​ar an tionchar a bhíonn ag timpistí bóthair ar dhaoine.

Bhí an t-aiseolas a fuarthas ó scoláirí agus ón bhfoireann teagaisc araon thar a bheith dearfach, agus dúirt go leor acu gur ócáid ​​chumhachtach, spreagúil thar a bheith ábhartha a bhí inti agus gur fágadh iad le neart ábhair machnaimh. Mhol múinteoirí an clár as daoine óga a mhealladh ar bhealach bríoch agus ceachtanna a chur ar fáil a mbeidh cuimhne acu orthu go ceann i bhfad i ndiaidh na hócáide.

Ag labhairt dó i ndiaidh na hócáide, leag an Ceannfort Finbarr Philpott béim ar an tábhacht a bhaineann le bheith ag cur comhairle ar dhaoine óga sula dtosaíonn siad ag tiomáint go rialta iad féin agus iad ina n-úsáideoirí bóthair neamhspleácha.

“Tá gach duine freagrach as sábháilteacht ar bhóithre. Tugtar deis ar leith do na daoine óga leis an Tionscadal LifeSaver na fíor-iarmhairtí a bhaineann le tiomáint chontúirteach a fheiceáil agus cloisteáil dóibh féin ó na daoine a bhíonn ag déileáil le timpistí bóthair gach lá. Trí chomhairle a chur ar na scoláirí sula dtosaíonn siad féin ag tiomáint go rialta, is féidir linn cabhrú leo roghanna níos sábháilte a dhéanamh agus cur le cultúr bóthair níos sábháilte do gach duine."

Dúirt an Comhairleoir Niall McNelis, Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe:

"Léiríonn chomh maith is atá ag éirí leis an Tionscadal LifeSaver an méid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn gníomhaireachtaí, scoileanna agus pobail le chéile. Is iontach an t-éacht é go bhfuil 900 scoláire tar éis freastal ar an imeacht seo thar dhá lá, agus beidh tionchar buan ag an méid a pléadh agus a taispeánadh dóibh orthu. "Tá ríméad orm a bheith ag tacú le tionscnamh a chabhraíonn le daoine óga roghanna níos sábháilte a dhéanamh agus a chuireann le pobail níos sábháilte ar fud na Gaillimhe."

Cuirtear an Tionscadal LifeSaver ar fáil trí mhórobair chomhpháirtíochta idir an Garda Síochána, comhpháirtithe sna seirbhísí éigeandála, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla Chathair agus Chontae na Gaillimhe.

Mar gheall ar chomh maith agus a d’éirigh leis an imeacht i mbliana, agus mar gheall ar an aiseolas dearfach a fuarthas ó na scoileanna a bhí i láthair, tá sé deimhnithe ag an lucht eagraithe gur imeacht bliantúil a bheidh as seo amach sa Tionscadal LifeSaver do scoláirí na hIdirbhliana ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe.

Trí chomhairle a chur ar na daoine óga sula dtéann siad féin ag tiomáint go rialta ar an mbóthar, tá sé mar aidhm ag an Tionscadal LifeSaver úsáid níos sábháilte agus níos freagraí ar na bóithre a chothú sa gcéad ghlúin eile.

Moltar d'aon duine ar spéis leo an Tionscadal LifeSaver a chur ar fáil ina scoil, ina gcoláiste, ina n-eagraíocht nó ina n-ionad oibre teagmháil a dhéanamh lena Stáisiún Gardaí áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.