Ag tógáil ar an rath a bhí ar fhéile na bliana seo caite, tá Gaillimh A-bú! ag filleadh i mbliana le clár níos fairsinge agus níos spleodraí ar fud na cathrach. Is ceiliúradh é ar bhunús ársa agus comhaimseartha na Samhana, áit a dtagann an béaloideas, an draíocht agus an pobal le chéile chun ceann de na traidisiúin is sine in Éirinn a cheiliúradh.
Mar chuid de scéim Foinse na Samhna de chuid Fáilte Éireann, beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ag léiriú fuinneamh, cruthaitheacht agus oidhreacht shaibhir chultúrtha sa gcathair. Beidh dhá chomóradh suntasacha mar bhuaicphointí ar leith i mbliana freisin: ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód ag Macnas agus 30 bliain d'Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon do Pháistí Baboró.
Tá clár iomlán na féile ar fáil ar an leathanach 'Gach Imeacht', le seónna agus imeachtaí ó Dheireadh Fómhair go luath sa tSamhain. Ó thaispeántais mhóra sráide go heispéiris mhealltacha solais agus fuaime, tugann Gaillimh A-bú! cuireadh do chuile dhuine Oíche Shamhna traidisiúnta a cheiliúradh, fréamhaithe sa mbéaloideas, sa bhféasta agus sa tine.
Taispeántas iontach Cultúir agus Cruthaitheachta na Gaillimhe, a bhfuil cáil dhomhanda air agus atá á roinnt leis an saol mór trí Thraidisiúin na Samhna.
Tabharfaidh Gaillimh Ah-Boo! beatha nua do bhunús thraidisiúin na Samhna in Éirinn i gcathair a bhfuil cáil uirthi cheana féin as an gcruthaitheacht, na taibhléirithe sráide agus an scéalaíocht.
Bunaithe ar an tSamhain, an fhéile ársa Cheilteach trína ndearnadh ceiliúradh ar an mbliain nua, tráth ar beag a bhí idir saol s’againne agus an saol eile, cothaíonn Gaillimh Ah-Boo! ceangal idir an béaloideas, tine, cleasaíocht agus samhlaíocht trí fhuinneamh chultúr sainiúil na cathrach.
Ó thaispeántas iontach Macnas a bhfuil cáil dhomhanda air go suíomhanna oidhreachta atmaisféaracha agus imeachtaí faoi stiúir na gcomharsanachtaí, oireann scéal Oíche Shamhna na Gaillimhe don teaghlach ar fad agus tá clár imeachta curtha le chéile chun aird a tharraingt ar Chathair na Gaillimhe mar chathair féilte na hÉireann.