Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg iarratas ó lucht eagraithe féilte do Chiste na bhFéilte Réigiúnacha 2026 agus Ciste na bhFéilte Bia Réigiúnacha a bunaíodh le gairid.
Tá tacaíocht fhlaithiúil á cur ar fáil do na cistí sin ag Fáilte Éireann.
2. Cuspóir na gCistí
Tá sé d’aidhm ag na tacaíochtaí seo:
• Scaipeadh réigiúnach agus séasúrach a neartú
• Caighdeán thaithí an chuairteora a fheabhsú
• Tacú le féilte ina dtaispeántar cultúr, bia, oidhreacht, ceol, scéalaíocht agus féiniúlacht an phobail
• Turasóireacht inbhuanaithe agus gníomhaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn
3. Na Sruthanna Maoinithe atá ar fáil
A. Ciste na bhFéilte Réigiúnacha
Tacaítear le féilte a léiríonn féidearthacht turasóireachta, rannpháirtíocht cuairteora, agus féiniúlacht chultúir na Gaillimhe.
B. Ciste na bhFéilte Bia Réigiúnacha
Tacaítear le himeachtaí atá dírithe ar bhia ina bhfuil féidearthacht forbartha turasóireachta agus eacnamaíochta.
4. Riachtanais Incháilitheachta
Ní mór do gach iarratasóir:
• An fhéile a óstáil laistigh de Chathair na Gaillimhe
• Sonraí árachais agus rialachais a chur ar fáil
• A bheith tiomanta do thuairisciú agus d’aitheantas cruinn a thabhairt do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Fáilte Éireann nuair is cuí
• Cloí le caighdeáin sábháilteachta agus inbhuanaitheachta
5. Critéir don Mheasúnacht
• Tionchar ar an turasóireacht a léiriú
• Luach cultúir/cócaireachta a léiriú
• Buntáiste eacnamaíoch a léiriú
• Margaíocht agus láithreacht dhigiteach
• Féidearthacht agus acmhainneacht eagraíochta
• Inbhuanaitheacht
• Luach ar airgead
6. Leibhéil Maoinithe
Braitheann na leibhéil maoinithe ar scála, uaillmhian, tionchar turasóireachta agus an méid a thagann siad le cuspóirí an chláir.
7. An Chaoi le hIarratas a Dhéanamh
Seol isteach na nithe seo a leanas:
• Cur síos ar an bhféile
• Sonraí eagraíochta
• Buiséad mionsonraithe
• Plean margaíochta
• Sonraí an chláir do 2026
• Léirigh an chaoi a gcomhlíonann an fhéile na critéir thuas
8. Spriocdháta agus Iarratais
Seol chuig: events@galwaycity.ie
Ábhar: Iarratas ar Chiste na bhFéilte Réigiúnacha 2026 nó Iarratas ar Chiste na bhFéilte Bia Réigiúnacha 2026 faoin 21 Aibreán 2026.
9. Tuilleadh Eolais
Teagmháil:
Louise Osborne, Oifigeach Féilte agus Ócáidí
Ríomhphost: events@galwaycity.ie