Gairm le haghaidh Léiriú Spéise seolta ag Café Lates Chathair na Gaillimhe

People dancing (salsa) at cafe

Tá seoladh Café Lates 2026, tionscnamh píolótach leathnaithe Geilleagair Oíche a thacóidh le caiféanna cur lena gcuid uaireanta oscailte agus eispéireas oíche nach bhfuil dírithe ar an ól a chur ar fáil ar fud Chathair na Gaillimhe, fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Seoladh an tionscnamh den chéad uair i mí Iúil 2024 mar fhreagra ar éileamh láidir ón bpobal le haghaidh cultúr caifé i ndiaidh 6:00pm, agus anois is príomhthionscnamh éagsúlaithe é Café Lates laistigh de gheilleagar oíche síorathraitheach Chathair na Gaillimhe. Tacaíonn an clár le caiféanna uaireanta oscailte níos déanaí a thriail amach ar bhealach nach bhfuil mórán riosca ag baint leis, chomh maith le cur le himeachtaí oíche lár na seachtaine sa gCathair agus roghanna níos ionchuimsithí a chur ar fáil do dhaoine atá ag bualadh le chéile sa gCathair i rith na hoíche.

Ón tráth a seoladh é, léirigh an tionscnamh píolótach éileamh agus torthaí dearfacha do na gnólachtaí a ghlac páirt ann. Idir mhí Mheán Fómhair agus mhí na Nollag i 2024, cuireadh tríocha imeacht Café Lates ar bun i gcúig chaifé. Cuireadh leis sin i rith na bliana 2025 agus cuireadh níos mó ná 30 imeacht ar bun in ocht gcaifé idir mhí Bealtaine agus mhí an Mheithimh, agus arís ó mhí Lúnasa go dtí mí na Nollag. Ní hamháin go bhfuair na gnólachtaí a ghlac páirt tacaíocht ón gclár, fuair siad cuidiú tiomnaithe cumarsáide agus margaíochta freisin, rud a chabhraigh leo daoine a mhealladh agus infheictheacht i leith gníomhaíochtaí oíche a spreagadh.

I measc na n-imeachtaí a fuair tacaíocht ó Café Lates roimhe seo bhí sraith oícheanta maidhc oscailte agus oíche cheoil bheo le Tracey Bruen in Fairhill Café, oícheanta ceoil beo i bPlámás, agus oícheanta DJ leis an Yawlag Collective sa Jungle Café.  Bhí ceardlanna ceardaíochta ar siúl in Wylde Café agus i Ré Café i mBóthar na Trá. 

Agus é ag cur fáilte roimh sheoladh Café Lates 2026, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard:

“Is sampla iontach é Café Lates den chaoi a bhfuil athshamhlú á dhéanamh ar gheilleagar oíche Chathair na Gaillimhe ar bhealach atá ionchuimsitheach, cruthaitheach agus dírithe ar an bpobal. Tacaíonn an tionscnamh seo le caiféanna áitiúla agus tugtar níos mó roghanna do dhaoine taithí a fháil ar an gcathair i ndiaidh 6:00pm. Léirítear ár n-uaillmhian cathair bhríomhar oíche a fhorbairt atá oiriúnach do chónaitheoirí, do chuairteoirí agus do ghnólachtaí araon.”

Leanann Café Lates 2026 de bheith dírithe ar chuairteoirí a tharraingt isteach i rith na hoíche, ag tacú le caiféanna éagsúlú agus fás a dhéanamh, agus ag cur leis an méid imeachtaí nach bhfuil dírithe ar an ól atá ar fáil san oíche i nGaillimh. Bíonn na himeachtaí ar bun ón 6:00pm ar aghaidh agus áirítear clár cruthaitheacha, cultúir agus sóisialta mar chuid de atá dírithe ar raon leathan daoine, go háirithe daoine atá ag cuardach rud éigin eile seachas gníomhaíochtaí oíche traidisiúnta.

Aontaíonn na gnólachtaí a ghlac páirt faoin luach atá leis an tionscnamh. Dúirt duine amháin a bhí páirteach ann:
“Bealach iontach nach raibh mórán riosca ag baint leis ab ea Café Lates chun tosú amach i margadh nua. Thug sé sonraí ríthábhachtacha dúinn chun cinntí gnó a dhéanamh go muiníneach, chabhraigh sé linn ár mbranda a fhorbairt, agus thug sé deis dúinn barr feabhais a chur ar spás a bheidh á úsáid san oíche as seo amach. D’oscail sé margadh iomlán nua dúinn agus leanfaimid ag cur leis in 2026.
— Wylde Café, Sráid Forster

Tá Léirithe Spéise oscailte anois do chaiféanna ar fud lár Chathair na Gaillimhe agus Bhóthar na Trá. Is féidir le gnólachtaí a ghlacann páirt clár seachtainiúil oíche Déardaoin a mholadh nó Café Late míosúil a bheidh ar bun ar an Déardaoin deiridh den mhí a mholadh. Beidh tionscnamh píolótach 2026 ar bun thar dhá thréimhse, ó mhí Aibreáin go mí Iúil agus arís ó mhí Lúnasa go mí na Nollag.

Cuirtear Café Lates ar bun mar chuid de Chlár Geilleagair Oíche Chathair na Gaillimhe agus tá sé maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Moltar do chaiféanna a bhfuil suim acu a bheith páirteach iarratas a dhéanamh agus an chaoi ar féidir le Café Lates tacú le fás gnó agus cur le cathair níos bríomhaire agus níos ionchuimsithí san oíche a fhiosrú.

Is é an 2 Márta 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le Léirithe Spéise. Tá tuilleadh eolais agus sonraí iarratais ar fáil ar www.GalwayCity.ie.