Gairm Oscailte 2026 Éire Ildánach Seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Creative Ireland Gaeilge.jpg

 

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Clár Éire Ildánach seoladh Ghairm Oscailte 2026 Éire Ildánach a fhógairt, trína dtugtar cuireadh do ghrúpaí pobail, d’eagraíochtaí cultúir, d’ealaíontóirí, do lucht cruthaitheachta, agus do chomhpháirtithe trasearnála tograí do thionscadail chruthaitheacha samhlaíocha agus i gcomhar a bheadh ar siúl i rith na bliana 2026 a chur faoina mbráid.

Tacaíonn an Ghairm Oscailte le fís náisiúnta Éire Ildánach é a chur ar chumas gach duine agus gach pobal a gcumas iomlán cruthaitheachta a bhaint amach, déantar sin trí fholláine a chothú, tríd an gcaoi a gcuirtear cultúr in iúl a neartú agus trí rannpháirtíocht ionchuimsitheach a spreagadh. 

I nGaillimh, ar cathair í a bhfuil cáil uirthi ar fud an domhain as a cultúr, a hoidhreacht agus a nuálaíocht shaibhir, déantar iarracht tríd an gclár tionscadail uaillmhianacha a chothú a thugann daoine le chéile, a spreagann cruthaitheacht, agus a shaibhríonn éiceachóras cruthaitheach fuinniúil na cathrach.

Cuirfear idir €1,000 agus €5,000 i maoiniú ar fáil. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí pobail agus deonacha; eagraíochtaí cultúrtha, ionaid agus féilte; ealaíontóirí, scríbhneoirí, déantóirí, taibheoirí agus cleachtóirí cruthaitheacha; grúpaí óige agus eagraíochtaí comharsanachta agus daoine eile a rannchuidíonn le rannpháirtíocht chruthaitheach. 

Ní mór gur i gCathair na Gaillimhe le linn na bliana féilire 2026 a bheadh na gníomhaíochtaí beartaithe uile ar siúl. Ní mór comhoibriú, nuálaíocht, agus uaillmhian a bheith le brath ar gach tionscadal, agus ní mór rannpháirtíocht pobail, agus obair cleachtóir/cleachtóirí cruthaitheacha a bheith i gceist leo. Ní mór go mbeadh na tograí ag teacht le Straitéis Chultúir agus Cruthaitheach na Gaillimhe 2023–2027

Spreagann Comhairle Cathrach na Gaillimhe grúpaí a bhféadfadh sé nach raibh siad rannpháirteach le Clár Éire Ildánach roimhe seo iarratais a sheoladh isteach, go háirithe iad siúd a bhfuil spéis acu bealaí nua agus nuálacha a fhiosrú maidir le pobail a nascadh tríd an gcruthaitheacht.

Ní mór iarratais a chur ar aghaidh ar líne trí thairseach iarratais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: Iarratas ar Dheontas Phobail Ildánacha Chathair na Gaillimhe 2026 Is é Dé Céadaoin an 8 Aibreán 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. 

Moltar go láidir d’iarratasóirí athbhreithniú a dhéanamh ar Straitéis Chultúir agus Cruthaitheach na Gaillimhe 2023–2027 sula gcuireann siad iarratas ar aghaidh

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun ceisteanna a chur déan teagmháil le creativeireland@galwaycity.ie