Tá níos mó ná 100 méara, leas-mhéara agus ionadaí tofa ó 60 cathair i 22 tír san Eoraip tar éis Glao chun Gnímh Chorcaí maidir leis an Aeráid agus an tSláinte a shíniú. Gheall siad gníomhú go háitiúil maidir leis an dúlra, leis an mbia, leis an taisteal gníomhach, leis an tithíocht agus leis an ullmhacht don adhaimsir.
Bhí na ceannairí i mbun idirbheartaíochta ar feadh dhá lá chun na gealltanais a chomhaontú le linn Chruinniú Mullaigh WHO ar an Aeráid agus an tSláinte do Mhéaraí i gCorcaigh, Éire, arna óstáil ag Comhairle Cathrach Chorcaí agus ag Líonra Cathracha Sláintiúla Eorpacha WHO.
Is é réigiún na hEorpa an réigiún is tapa téimh ar domhan agus é ag téamh timpeall is dhá uair níos tapa ná an meán domhanda. Tá níos mó ná 200,000 duine maraithe ag an teas mór ar fud an Aontais Eorpaigh agus ina thíortha gaolmhara ó 2022 i leith, agus bhí go leor de na básanna sin a bhféadfaí iad a chosc.
Cuireann an Glao chun Gnímh cathracha ar thús cadhnaíochta na géarchéime aeráide agus ar thús cadhnaíochta na réiteach freisin. Thug sínitheoirí a ngealltanas i ndáil le 5 thosaíocht théamacha:
-
cathracha dearfacha don dúlra: an bhithéagsúlacht agus spásanna glasa agus gorma a chosaint agus a athbhunú agus réitigh atá bunaithe ar an dúlra a úsáid;
-
córais níos sláintiúla, inbhuanaithe bia: bia inacmhainne, cothaitheach, geilleagair bhia áitiúla níos láidre agus níos lú dramhaíola bia;
-
cathracha gníomhacha: infheistíocht sa siúl, rothaíocht agus iompar poiblí;
-
tithe sláintiúla: caighdeán tithíochta níos fearr, éifeachtúlacht fuinnimh agus dálaí maireachtála inacmhainne, sláintiúla; agus
-
seasmhacht agus ullmhacht: pobail a chosaint ó adhaimsir, tuilte agus teas.
Gheall siad freisin go gcuirfidís an tsláinte, an cothromas agus an ceartas aeráide i gcroílár na cinnteoireachta áitiúla, ionas go mbainfeadh gach pobal leas as na buntáistí a bhaineann le gníomhaíocht aeráide.
Chuir Taoiseach na hÉireann, Micheál Martin, tús leis an gcruinniú mullaigh agus leag sé béim ar thacaíocht na hÉireann do ghníomhaíocht rialtais áitiúil maidir leis an aeráid agus leis an tsláinte. Thug Katrín Jakobsdóttir, iarPhríomh-Aire na hÍoslainne agus Cathaoirleach an Choimisiúin Pan-Eorpaigh um Aeráid agus Sláinte, an phríomhóráid agus bhí sí i gceannas ar na pléití polaitiúla ardleibhéil. I gcomhar leis an Ollamh Sir Andy Haines, príomhchomhairleoir eolaíochta an Choimisiúin, mhínigh sí an chaoi ar féidir le cathracha moltaí an Choimisiúin a chur i bhfeidhm.
“I mo Mhéara dom ar Chathair na Gaillimhe, tá mórtas orm a bheith i gcuideachta ceannairí cathrach ar fud na hÉireann agus na hEorpa agus mé ag síniú ‘Glaoch chun Gnímh Chorcaí’ agus ag gealladh dul i ngleic le ceann de na géarchéimeanna is práinní ár linne,” a dúirt an Comhairleoir Helen Ogbu, Méara Chathair na Gaillimhe “Cuireann na pléití, na ceardlanna agus na cuairteanna ar láithreáin ar tugadh fúthu mar chuid den Chruinniú Mullaigh, i gcuimhne dúinn nach hiad na áiteanna i bhfad i gcéin amháin a bhíonn thíos le tionchar an athraithe aeráide. Is fadhb é seo atá ag cur isteach cheana féin ar shláinte na ndaoine, na bithéagsúlachta agus an phláinéid. Tá sé ríthábhachtach go ndíreofaí na hiarrachtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú ar na daoine is leochailí: daoine óga, pobail ar ioncam íseal, daoine faoi mhíchumas nó a bhfuil galair ainsealacha orthu, agus daoine scothaosta.
“Is sna cathracha is mó a bhraitheann daoine tionchar an athraithe aeráide, agus is iontu sin freisin a fheicimid cuid de na réitigh is éifeachtaí,” a dúirt an Dr Natasha Azzopardi-Muscat, Stiúrthóir Córas Sláinte WHO/An Eoraip. “Léiríonn an gealltanas atá tugtha ag breis agus 100 ceannaire polaitiúil i gCorcaigh inniu go bhfuil níos mó daoine ag tuiscint anois gurb ionann infheistíocht a dhéanamh anois i dtithe sláintiúla, i mbia inbhuanaithe, i soghluaisteacht ghníomhach, sa dúlra agus sa seasmhacht agus infheistíocht a dhéanamh i sláinte agus i rathúnas na glúine reatha agus na glúine atá le teacht.”