- Tá Ceoilín nua le haghaidh Podchraoladh cruthaithe ag Music Generation Chathair na Gaillimhe ‘Galway City – Your Council’.
Is cúis ríméid dúinn gné-eipeasóid speisialta den phodchraoladh Galway City – Your Council a roinnt, ina bhféachtar go grinn ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí taobh thiar de ghligín nua ár bpodchraolta.
Léiríodh an clár seo i bpáirt le Music Generation Chathair na Gaillimhe agus cruthaíodh é in éineacht le beirt cheoltóirí óga chumasacha, Arthur agus Isaac, a bhí i gceannas ar an ngligín nua a chruthú. Cé gur chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe treoir leathan ar fáil dóibh, is iad, Arthur agus Isaac – le tacaíocht ón Oideoir Ceoil Emma Lohan – a chruthaigh an fhuaim ón mbonn. Tháinig siad le chéile le haghaidh roinnt seisiún, agus úsáid á baint acu as meascadh fuaime, meaisín drumadóireachta agus sintéiseoir, chun píosaí a thriail amach, smaointe a bheachtú, agus foinn agus rithim a chruthú a thugann saintréith uathúil don ghligín. Tá a gcuid cruthaitheachta, a gcomhoibriú agus an fhéith cheolmhar atá iontu i gcroílár an phíosa deiridh a bheidh á chloisteáil agat.
Tá David Boland, Oifigeach Forbartha Ceoil agus Emma Lohan, Oideoir Ceoil ó Music Generation Chathair na Gaillimhe inár dteannta freisin chun labhairt faoi thionchar an cheoil ar dhaoine óga, faoi raon tionscadail Music Generation atá ag tarlú ar fud na cathrach, agus an bealach inar tháinig an chruthaitheacht, an comhoibriú agus guth na hóige le chéile chun brí agus anam a chur sa ngligín seo.
Cuireann Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe €25,000 ar fáil, thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, le haghaidh na gnáth ghníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag Music Generation agus gealladh infheistíocht bhreise €10,000 in 2025 don chlár píolótach 'Ceol sa Nádúr'.
Cuireann an Oifig Ealaíon tacaíochtaí agus moltaí ar fáil freisin, chomh maith le cúnamh a thabhairt lena mbíonn ar bun ag Music Generation Chathair na Gaillimhe a stiúradh. In éineacht leis sin tugann siad árdán do chuid de thaibhithe Music Generation le linn imeachtaí i gCathair na Gaillimhe ar nós Féile Lá Fhéile Pádraig, Youth Lates, Cruinniú na nÓg agus Oíche Chultúir.
Ar mhaith leat tuilleadh a fháil amach faoi Music Generation Chathair na Gaillimhe agus an bealach inar féidir le daoine óga a bheith rannpháirteach? Féach ar www.MusicGenerationGalwayCity.ie nó lean MGGC ar na meáin shóisialta chun an t-eolas is deireanaí a fháil faoinár gcuid clár agus imeachtaí.
Is féidir cluas a thabhairt don tsraith cibé modh a dtapaíonn tú ábhar podchraoltóireachta nó sruthchraoladh a dhéanamh ar www.GalwayCity.ie/Podcast