Gradam ríomh-Rialtais na hÉireann don tSeirbhís Páirceála ‘Tá Neart Bealaí Íocaíochta Ann’ buaite ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

patrick greene accepting an award

Bhuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an Gradam do Sheirbhísí, Íocaíochtaí agus Idirbhearta Digiteacha ag Gradaim ríomh-Rialtais na hÉireann 2026 as a cur chuige nuálach agus cuimsitheach i leith íocaíochtaí páirceála i gCathair na Gaillimhe.

Tugtar aitheantas leis an ngradam seo don athrú ó bhonn atá déanta ag an gComhairle ar a seirbhís íocaíochta páirceála, ag imeacht ó chóras a bhí ag brath go príomha ar mheaisíní íoc agus taispeáin ar an tsráid go dtí samhail sholúbtha “Tá Neart Bealaí Íocaíochta Ann”.

Déantar ceiliúradh ag Gradaim ríomh-Rialtais na hÉireann ar shármhaitheas, ar nuálaíocht agus ar chruthaitheacht ar fud earnáil phoiblí na hÉireann agus aithnítear iad mar thagarmharc don sármhaitheas i seirbhísí agus i gcaighdeáin dhigiteacha an rialtais. Anois ina 23ú bliain, tacaíonn na gradaim freisin le malartú smaointe i measc daoine atá chun tosaigh maidir le hathruithe ar an gcaoi is féidir leis an teicneolaíocht agus digitiú seirbhísí poiblí níos fearr a chur ar fáil.

Léirítear leis an gcatagóir Seirbhísí, Íocaíochtaí agus Idirbhearta Digiteacha, a tugadh isteach in 2026, an t-aistriú leanúnach chuig seirbhísí poiblí lán-dhigiteacha - áit ar féidir le daoine iarratais, íocaíochtaí agus idirbhearta a dhéanamh go tapa, go slán sábháilte agus gan aon bhac. Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe iomaíocht ghéar ó aip shoghluaist5e Electric Ireland, Ireland’s Content Pool ó Fáilte Ireland, ardán deimhniúcháin na Comhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil, agus Uirlis Chomparáide an Údaráis Árachais Sláinte de dhroim seoil chun an gradam a thabhairt siar abhaile leo. 

Reáchtáladh Cruinniú Mullaigh agus Gradaim Cheannaireachta ríomh-Rialtais na hÉireann 2026 ar an 24 Meán Fómhair i Halla O’Reilly UCD in Belfield, Baile Átha Cliath, agus bhí an tAire Jack Chambers TD i láthair ag an ócáid.

Faoi mhúnla nua íocaíochta páirceála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, is féidir le tiománaithe íoc ar an aip ‘Galway City Parking’, ar líne, ar an bhfón, nó le hairgead tirim nó le cárta i siopaí Payzone atá rannpháirteach sa scéim. Cuireann an tseirbhís ar chumas tiománaithe íocaíocht a dhéanamh roimh ré, tuilleadh ama a chur ar a dticéad ó chian, íocaíocht aonuaire a dhéanamh nó cuntas a chruthú. Níl aon táille bhreise i gceist as an tseirbhís íocaíochta nua a úsáid.

Forbraíodh an tionscadal tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chórais íocaíochta agus bainistíochta páirceála na Comhairle. Aithníodh deiseanna le linn an athbhreithnithe chun roghanna agus áisiúlacht na gcustaiméirí a fheabhsú agus costais oibriúcháin agus próiseála a laghdú ag an am céanna.

Dúirt Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, faoin mbua: “Cuirtear fáilte roimh an aitheantas atá faighte againn leis an ngradam seo ar an obair atá déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun seirbhís íocaíochta páirceála atá níos solúbtha, níos éifeachtúla agus níos inrochtana a chur ar fáil do thiománaithe.

Bhí níos mó i gceist leis an aidhm a bhí againn leis an tionscadal seo ná díreach córas digiteach nua a thabhairt isteach, bhí muid ag iarraidh rogha níos fearr a thabhairt do dhaoine maidir leis an gcaoi a n-íocann siad. Is féidir le custaiméirí an aip, an suíomh gréasáin nó an tseirbhís teileafóin a úsáid, agus tá roghanna acu freisin íoc le hairgead tirim nó íocaíocht a dhéanamh trí mhiondíoltóirí Payzone atá páirteach sa scéim.

Tá muid thar a bheith bródúil as na hacmhainní foghlama agus na ceardlanna pobail a forbraíodh chun cabhrú le daoine an tseirbhís nua a úsáid go muiníneach. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhoireann na Comhairle, d’eagraíochtaí pobail, do chomhpháirtithe litearthachta agus do pháirtithe leasmhara eile a bhí páirteach, mar ní bheifí ábalta é seo a dhéanamh murach a gcomhoibriú agus a dtiomantas.”

Bhí úsáid bainte ag níos mó ná 103,000 tiománaí as na seirbhísí íocaíochta nua faoi mhí na Samhna 2025, seirbhísí a seoladh mí na Nollag roimhe sin (2024). Rinneadh 97% d’idirbhearta míosúla páirceála na Comhairle trí na modhanna íocaíochta nua i mí Mheán Fómhair 2025.

Táthar ag súil go mbeidh coigilteas bliantúil breis is €227,000 ann mar thoradh ar an aistriú seo ó mheaisíní páirceála. Is mar thoradh ar chostais níos lú i dtaobh trealaimh, cothabhála, próiseáil cártaí agus láimhseáil airgid thirim an coigilteas sin, rud a léiríonn go bhfuil úsáid níos éifeachtaí á baint as cistí poiblí.

Tá cur chuige “Digital Plus” Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gcroílár an tionscadail, a chomhcheanglaíonn buntáistí seirbhísí digiteacha le roghanna neamhdhigiteacha leanúnacha eile. Cinntíonn sé seo go bhfuil duine ar bith nach bhfuil in ann an aip nó an suíomh gréasáin a úsáid, nó nach bhfuil ag iarraidh an aip nó an suíomh gréasáin a úsáid, in ann a íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón nó le hairgead tirim nó cárta i siopaí rannpháirteacha Payzone.

Chun tacú le tabhairt isteach na seirbhíse nua, d’oibrigh an Chomhairle le hoiliúnóir litearthachta chun an Pacáiste Eolais agus Foghlama “Páirceáil níos Éasca” a fhorbairt. Tá páirt glactha ag os cionn 160 duine i gceardlanna pobail saor in aisce go dtí seo, le tacaíocht ó fhoireann na Comhairle agus ó eagraíochtaí pobail áitiúla.

D’oibrigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe freisin le GRETB, Age Action, Leabharlanna Chathair na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Fáilte Éireann agus ionadaithe gnó áitiúla chun eolas inrochtana a chur ar fáil do chónaitheoirí agus do chuairteoirí. Iarradh ar an nGníomhaireacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomharthaíocht pháirceála nua agus a chinntiú go bhfuil an t-eolas atá ar an gcomharthaíocht soiléir agus éasca le tuiscint.

Leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe dá cuid seirbhísí páirceála a fhorbairt, agus díreoidh sí a haird ar roghanna a chur ar fáil do chustaiméirí, ar inrochtaineacht, ar luach ar airgead agus ar a chinntiú nach mbeidh aon duine sa bpobal fágtha ar lár.

Oibrítear an aip Galway City Parking app agus www.GalwayCityParking.ie i gcomhar le ParkMagic agus Payzone