GSeolann Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe a Straitéis Chomhpháirteach Forbartha Eacnamaíochta 2040 chun fás agus rathúnas a chothú ar fud an réigiúin

Members of the Panel at the launch of the Joint Economic Strategy for Galway City and County in the Portershed on Monday 16 November 2026 – Dr Orla Flynn, President, Atlantic Technological University; Professor Alan Aherne, Head of Economics, University of Galway; Peter Burke, TD, Minister for Enterprise, Tourism and Employment; Karen Ronan, CEO, Galway Chamber; and Kenny Deery, West Regional Enterprise Plan Programme Manager, Galway County Council. Photo: Andrew Downes, Xposure.

 

Leagtar amach sa chéad Straitéis Chomhpháirteach Forbartha Eacnamaíochta ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe plean chun fostaíocht a mhéadú, dlús a chur le seachadadh bonneagair agus ról na Gaillimhe mar phríomhthiománaí eacnamaíochta don réigiún níos leithne a neartú go dtí 2040. 

Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe a Straitéis Chomhpháirteach Forbartha Eacnamaíochta inniu. Leagtar amach inti uaillmhian chomhroinnte maidir le todhchaí eacnamaíochta Chathair agus Chontae na Gaillimhe go dtí an bhliain 2040. 

D'fhorbair an dá Údarás Áitiúil an straitéis le tacaíocht ó Grant Thornton. Is toradh í ar dhlúthchomhoibriú agus tá sí bunaithe ar anailís mhionsonraithe eacnamaíochta agus ar chomhairliúchán fairsing leis an earnáil ghnó agus leis an bpobal. Is í fís fhoriomlán na straitéise:

‘Geilleagar ceangailte, iomaíoch agus inbhuanaithe a bheidh i nGaillimh a chomhcheanglaíonn fiontraíocht ardluacha, eolas, nuálaíocht agus sainaitheantas faoi leith chun tacú le rathúnas fadtéarmach ar fud na cathrach, an chontae agus an réigiúin níos leithne.’

Déantar sa straitéis cur síos ar an nGaillimh mar aon gheilleagar feidhmiúil amháin a nascann cathair atá ag fás, a bruachbhailte, bailte an chontae agus pobail thuaithe, lena n-áirítear pobail sa nGaeltacht. Is í Gaillimh príomh-inneall eacnamaíochta an limistéir níos leithne agus, cé go bhfuil an straitéis dírithe ar an nGaillimh, beidh sí ríthábhachtach don réigiún Iartharach ar fad. 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu:

“Baineann an straitéis seo le daoine. Leagtar amach inti uaillmhian shoiléir mhuiníneach don Ghaillimh agus is é atá i gceist go bunúsach ná a chinntiú go mbeidh buntáistí dáiríre ag baint leis an bhfás do na daoine atá ina gcónaí anseo: poist mhaithe, deiseanna dár ndaoine óga agus caighdeán maireachtála a fhágann gur áit í Gaillimh inar mian le daoine a dtodhchaí a thógáil. Áit í Cathair na Gaillimhe i gcónaí inar tháinig daoine, smaointe agus fiontraíocht le chéile. Mar chroílár eacnamaíochta réigiúin níos leithne, tá tábhacht le rath na cathrach i bhfad níos faide ná ár dteorainneacha féin agus táimid tiomanta d'obair le chéile ar mhaithe le rath comhroinnte dár bpobail.” 

Tá beagnach 300,000 duine ina gcónaí anois i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Tá méadú 16.8% tagtha ar an daonra ó 2017, níos airde ná an ráta náisiúnta fáis de 14.9%. Is fiú €16.4 billiún geilleagar na Gaillimhe, tá thart ar 161,000 duine fostaithe inti, agus tá méadú 42% tagtha ar an bhfostaíocht ó 2014, ceann de na rátaí fáis is tapúla sa mhargadh saothair in Éirinn. Tá 37% den daonra faoi bhun 30 bliain d'aois agus tá cáilíocht tríú leibhéal ag beagnach leath de dhaoine fásta, rud a thugann fórsa saothair óg ardoilte don Ghaillimh agus bonn láidir don fhás amach anseo. 

Dúirt Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Andrew Reddington:

“Ní stopann geilleagar na Gaillimhe ag teorainn na cathrach agus níor cheart go stopfadh ár straitéise ann ach an oiread. Cónaíonn daoine i gcuid amháin den Gaillimh, oibríonn siad i gcuid eile agus déanann siad gnó ar fud an chontae agus na cathrach. Tugann an straitéis aitheantas cuí don chothromaíocht idir an n-geilleagar uirbeach agus bruachbhaile, bailte an chontae, pobail thuaithe agus pobail sa nGaeltacht, agus aithníonn sí an ról ar leith atá ag gach ceann acu. Teastaíonn contae láidir ó chathair láidir agus baineann contae láidir tairbhe as cathair atá faoi bhláth. Trí bheith ag obair as lámha a chéile, is féidir linn a chinntiú go mbeidh an fás cothrom, inbhuanaithe agus le sonrú i ngach cuid de Ghaillimh.” 

Láidreachtaí ar fud earnálacha éagsúla

Tá Gaillimh ar cheann de na príomhionaid tionsclaíocht míochaine san Eoraip agus tá cuideachtaí domhanda teicneolaíochta leighis chomh maith le líon mór comhlachtaí dúchasacha agus soláthraithe lonnaithe inti. Tógtar ar an neart sin sa straitéis agus tacaítear freisin le fás sna ceithre earnáil tosaíochta seo a leanas: 

  • Teicneolaíocht míochaine agus ard-déantúsaíocht: leigheas beachtais agus ábhair ardchumasacha.

  • An earnáil digiteach, TFC agus geilleagar na sonraí: intleacht shaorga, cibearshlándáil agus bonneagar sonraí.

  • Seirbhísí airgeadais agus seirbhísí dian-eolais

  • Oideachas, taighde agus nuálaíocht: tráchtálú, fiontair seachthairbheacha agus fiontraíocht faoi stiúir na nuálaíochta. 

Comhlánaíonn na réimsí sin láidreachtaí seanbhunaithe na Gaillimhe sa turasóireacht, sa chultúr agus sa gheilleagar cruthaitheach, sa n-geilleagar mara, san agraibhia agus san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Liam Conneally:

“Tá aitheantas idirnáisiúnta ag Gaillimh mar phríomhionad teicneolaícht míochaine agus fanfaidh an earnáil sin ina bunchloch dár ngeilleagar. Ach tá neart an réigiúin seo le fáil i bhfad níos faide ná sin freisin: san earnáil digiteach agus sonraí, i seirbhísí airgeadais agus dian-eolais, i dtaighde agus nuálaíocht, sa n-geilleagar mara agus ísealcharbóin, san agraibhia, sa turasóireacht agus sna hearnálacha cruthaitheacha. Is í an éagsúlacht sin, mar aon leis an bhfiontraíocht dhúchasach atá mar bhonn aici, a chinnteoidh teacht aniar eacnamaíochta na Gaillimhe san fhadtéarma agus ar bhealach cothrom ar fud an réigiúin.” 

Cúig théama straitéiseach

Tá an straitéis bunaithe ar chúig théama straitéiseacha, agus sraith shoiléir gníomhartha agus táscairí ag baint le gach ceann díobh chun dul chun cinn a thomhas: 

  1. Réigiún Cathrach Sainiúil agus Nasctha

  2. Fás faoi Threoir Bonneagair agus Ullmhacht don Infheistíocht

  3. Geilleagar Ardluacha agus Iomaíoch

  4. Deiseanna Straitéiseacha agus Tionscail na Todhchaí

Forbairt Tallainne, Scileanna agus an Lucht Saothair Aithnítear sa straitéis gur bunchoinníoll don fhás amach anseo é bonneagar leordhóthanach. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary:

“Ní mór seachadadh a bheith ag gabháil leis an uaillmhian, agus braitheann seachadadh ar bhonneagar. Tá an straitéis soiléir gur gá infheistíocht i gcúrsaí iompair, uisce agus fuíolluisce, fuinnimh, nascachta digití agus tithíochta chun go mbeidh Gaillimh in ann leanúint dá fás agus fanacht iomaíoch. Gealltar freisin láithreáin atá réidh don infheistíocht a thabhairt chun cinn agus deiseanna athghiniúna straitéisí a chur chun cinn. Ní féidir leis na hÚdaráis Áitiúla é seo a bhaint amach leo féin. Cuirfidh an dá Chomhairle an straitéis seo i bhfeidhm i gcomhpháirt lena chéile agus iad ag obair go dlúth le gníomhaireachtaí náisiúnta agus le comhpháirtithe réigiúnacha. Tá an chomhpháirtíocht sin riachtanach chun infheistíocht agus deiseanna leanúnacha a chinntiú do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe, agus don réigiún maguaird a mbíonn siad ag tacú leis.” 

Rialachas agus cur i bhfeidhm

Déanfar maoirseacht ar chur i bhfeidhm na straitéise trí Ghrúpa Stiúrtha Comhpháirteach Forbartha Eacnamaíochta Cathrach-Contae, ina mbeidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus príomhpháirtithe seachadta páirteach. Beidh Comhchoiste Beartais Straitéisigh (SPC) mar mheicníocht chun tuairisciú agus maoirseacht a dhéanamh ar an obair. Déanfar dul chun cinn a mheas trí mhonatóireacht leanúnach ar ghníomhartha agus ar phríomhtháscairí feidhmíochta, trí athbhreithniú bliantúil cur chun feidhme agus trí athbhreithniú níos leithne gach trí bliana chun a chinntiú go bhfanfaidh an straitéis freagrúil do dhálaí eacnamaíochta, do bheartais agus do thosaíochtaí infheistíochta atá ag athrú.

 

An straitéis a rochtain Tá an straitéis iomlán ar fáil ar líne.