Láthair Adhlactha Nua do Naíonáin i Reilig an Bhóthair Mhóir forbartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh

Leaba na Leanaí

Tá láthair adhlactha nua do naíonáin i Reilig an Bhóthair Mhóir á forbairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

 

Níl aon spás fanta anois i ‘Láthair na nAingeal’ atá ann cheana, an áit ina gcuirtí uaigheanna ar fáil do naíonáin a básaigh sular tháinig siad ar an saol nó a bhásaigh nuair nach raibh siad ach ina naíonáin an-óg, agus ní úsáidfear í a thuilleadh le haghaidh adhlacthaí.

 

Ón 1 Feabhra 2026, beidh adhlacthaí á ndéanamh i ‘Leaba na Leanaí’ ar láthair léana nuafhorbartha taobh istigh de Reilig an Bhóthair Mhóir. Beidh cead bláthanna úra a leagan ar an uaigh tráth an adhlactha; tabharfar chun bealaigh iad, áfach, ionas gur féidir an féar a choinneáil néata. Ós rud é nach gceadaítear clocha cinn aonair, beidh fáilte mhór roimh theaghlaigh ar mian leo ainm a linbh a áireamh ar chlocha cinn comhroinnte sin a dhéanamh. 

 

Beidh Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh ag tabhairt faoi athchóiriú ar ‘Láthair na nAingeal’ atá ann cheana lena chinntiú go bhfanfaidh sé ina áit chuimhneacháin shíochánta ómósach.  I measc na hoibre atá beartaithe a dhéanamh, tá na colbhaí a ghlanadh agus colbhaí nua a chur in áit seanchinn nuair is gá, chomh maith leis na clocha ainmnithe a ghlanadh. Mar chuid den obair seo, beidh orainn crann agus toir a bhaint, mar go bhfuil a gcuid fréamhacha ag cur isteach ar an uaigh anois. Tá an-aiféala orainn go gcaithfidh muid é seo a dhéanamh, ach tá sé riachtanach chun an áit a bhfuil na leanaí curtha a chosaint agus chun an láthair a chaomhnú leis an gcúram agus meas atá tuillte aige. 

 

Chun go mbeidh muid in ann an obair feabhsúcháin seo a chur i gcrích, ní mór na plaiceanna aonair, na clocha ainmnithe, na dealbha agus na nithe pearsanta ar fad atá leagtha faoi láthair ar ‘Láthair na nAingeal’ a thabhairt chun bealaigh. Cuirfear na plaiceanna ainmneacha aolchloiche atá ann cheana ar ais arís a luaithe a bheidh an obair críochnaithe, agus beidh tuismitheoirí fós in ann ainmneacha a leanaí a chur leis na plaiceanna. 

 

Tá Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh anois do thuismitheoirí agus do theaghlaigh a gcuid earraí pearsanta a bhailiú - earraí ar nós plaiceanna aonair, clocha, dealbha agus bréagáin - atá leagtha ar an láthair faoi láthair.  Iarrtar le mórmheas ar theaghlaigh na hearraí seo a thabhairt leo faoin 15 Feabhra 2026. Tabharfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe léi aon earra eile nach mbeidh bailithe tar éis an dáta seo agus stórálfar go sábháilte iad lena mbailiú ar feadh trí mhí go dtí an 15 Bealtaine 2026.  

 

Tá míle fáilte roimh thuismitheoirí agus teaghlaigh ar mhaith leo tuilleadh eolais a fháil faoin atá beartaithe againn nó faoin gcloch chinn chomhroinnte teagmháil a dhéanamh le: Helen Byrnes, Bean Chabhrach Tacaíochta Méala, ag an uimhir 087 7712329, nó le Anne McKeown, Comhordaitheoir do Chúram Deireadh Saoil, ag an uimhir 087 4418574, ó Luan go hAoine.