Tá Leabhar Comhbhróin oscailte in ómós don chraoltóir agus iriseoir Michael Lyster i Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe inniu (Dé Máirt an 24 Márta). Bhí sáraithne ar an nGaillmheach i gcraoltóireacht spóirt na hÉireann le breis is 30 bliain. D’oscail a Onóir, Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, an leabhar a bheidh ar fáil don phobal le teachtaireachtaí comhbhróin a bhreacadh ann. Beidh leabhar comhbhróin ar fáil ar líne freisin.
Is éard a dúirt an Méara Cubbard, “Thar ceann mhuintir na Gaillimhe, ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a déanamh faoi bhás Michael Lyster, iriseoir mór le rá a raibh an-ghean go deo air i saol poiblí na hÉireann. Is le macántacht agus le gairmiúlacht a bhain sé amach a ghairm dochreidte san iriseoireacht, agus bhí sé tiomanta go daingean don tseirbhís phoiblí. Chaith sé blianta fada ag tabhairt léargas iontach ar cheisteanna le linn comhráite náisiúnta, trínar thuill sé meas agus muinín lucht féachana agus éisteachta ar fud na hÉireann.
“Ní hamháin gur chuir sé daoine ar an eolas trína chuid oibre ach spreag sé iad freisin, ba shólás leanúnach é ar an scáileán i dtithe ar fud na tíre. Taobh amuigh dá chuid éachtaí gairmiúla, is mar dhuine gnaíúil, umhal a chuimhneofar ar Michael agus mar dhuine a raibh fíornasc go deo aige le daoine. Cé go raibh aithne mhór air d’iompair sé é féin go macánta ciúin agus d'fhan sé bródúil riamh as a áit dúchais agus as a phobal féin. Is cúis mhór bhróin é do mhuintir na Gaillimhe go bhfuil fear a chuir go mór le saol agus le cultúr na hÉireann ar lár. Ar dheis Dé go raibh a anam.”
Beidh an leabhar ar fáil don phobal go dtí an 15ú Aibreán – ar líne nó i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste le linn gnáthuaireanta oscailte.