Leanfaidh an Chomhairle Cathrach ag Breathnú ar Thodhchaí Phictiúrlann Sainealaíne an Pháláis

Pálás Cinema exterior daytime

 

Cuireadh Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar an eolas ag Cruinniú na Comhairle Dé Luain an 11 Bealtaine 2026 maidir le hoibríocht tráchtála Phictiúrlann Sainealaíne an Pháláis mar fhreagra ar cheisteanna a ardaíodh. 

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh Léirithe Spéise d'oibríocht na pictiúrlainne i lár na bliana 2025, ar an mbonn go gcuirfeadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe léas fadtéarmach ar an ‘mhaoin’ ar fáil d’oibritheoir amháin. Dúradh san léiriú spéise nach gcuirfeadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon tacaíochtaí airgeadais eile ar fáil maidir le hoibriú na maoine.  

I ndiaidh an iarratais ar Léirithe Spéise, chuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun idirbheartaíochta le hoibreoir féideartha a chomhlíon sonraíochtaí an léirithe spéise. 

I mí Aibreáin 2026, i ndiaidh roinnt míonna de rannpháirtíocht dhearfach, d’ullmhaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe Príomhthéarmaí Comhaontaithe d’oibríocht an Pháláis amach anseo.

Mar sin féin, tar éis cruinniú boird eile leis na páirtithe a bhí bainteach, iarradh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an fógra a chur siar mar gheall ar ábhar imní faoi chostais athchóirithe, costais a bhí ag méadú. Is iad na hoibreacha athchóirithe a bhí beartaithe ná uasghrádú a dhéanamh ar an áitreabh le haghaidh eispéireas pictiúrlainne den chéad scoth. 

Coicís ina dhiaidh sin, tharraing an páirtí amach ar fad as an tionscadal go foirmeálta. 

Ba í an phríomhchúis leis an gcinneadh sin ná costas réamh-mheasta na n-athchóirithe a raibh sé ar intinn ag an bpáirtí tabhairt fúthu, mar gheall ar bhoilsciú san earnáil tógála agus neamhchinnteacht margaidh níos leithe atá bainteach le cúrsaí idirnáisiúnta leanúnacha. 

Gabhann Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas leis an bpáirtí as a chuid ama, a dhícheall chuí agus an rannpháirtíocht chuiditheach a léirigh sé i rith an phróisis, cé nár cuireadh i gcrích é mar a bhíothas ag súil leis. 

Ó tharraing an Páirtí siar go foirmeálta i ndeireadh mhí Aibreáin 2026, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag fiosrú roghanna sealadacha chun an tsaoráid a oscailt arís ar bhonn gearrthéarmach, fad is atáthar ag iarraidh teacht ar réiteach fadthéarmach. 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun plé le Fleadh Scannán na Gaillimhe faoi láthair chun cur ar bun na féile sa bPálás i mí Iúil 2026 a fhiosrú. 

Related news