Maoiniú bronnta ar Uimh. 45 agus Uimh. 47 Shráid Dhoiminic Íochtarach faoi Chiste na nDéanmhas Stairiúil

Dominick Street building exterior

 

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dámhachtain €170,000 a fháil le haghaidh oibreacha ar an díon ar Uimh. 45 agus Uimh. 47 ar Shráid Dhoiminic Íochtarach, áit a bhfuil Áras na nGael agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe, faoi Chiste náisiúnta na nDéanmhas Stairiúil 2026.

Is éard a dúirt Michael Scott, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is samplaí áille neamhchoitianta iad Uimh. 45 agus Uimh. 47 d’ailtireacht Sheoirseach na Gaillimhe, a bhfuil sainchomharthaí acu cosúil le foirm láidir, mionsonraí mínchóireáilte, comhdhéanamh simplí, agus láithreacht mhaorga ar an tsráid, atá déanta d’aolchloch, ábhar a cheaptar go mór le hoidhreacht tógtha na cathrach ó ré na meánaoise.

“Tá caidreamh stairiúil fadbhunaithe ag Uimh. 45 agus 47 leis an gcathair ón gceangal a bhí eatarthu le teaghlach Persse agus leis an mBantiarna Gregory, scoil theicniúil, oifigí Chomhairle Buirge Chathair na Gaillimhe mar a bhí ag an am, go dtí an úsáid a bhaintear astu sa lá atá inniu ann - Áras na nGael (Uimh. 45) ó 1938 agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe (Uimh. 47) ó 1988. Tá Áras na nGael agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe ar an láthair le breis agus 125 bliain, agus d’oibrigh siad ina mbealaí féin chun luach, tuiscint agus taitneamheacht na n-ealaíon, an chultúir agus na teanga sa chathair a fheabhsú agus a chur chun cinn.”

I ndiaidh Pleananna Bainistíochta Caomhnúcháin (CMPanna) a chur i gcrích don dá fhoirgneamh in 2025-2026, aithníodh go raibh gá le cur chuige roinnte maidir leis an díon. Is ionann na hoibreacha atá beartaithe agus gníomh tábhachtach a aithníodh sna Pleananna Bainistíochta Caomhnúcháin.

Dúirt Brendan Dunne, Pleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach don Oidhreacht agus don Chaomhnú Ailtireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is samplaí iontacha iad Uimh. 45 agus Uimh. 47 den chaoi ar féidir le foirgnimh stairiúla tacú le saol cultúir na cathrach. Is éard a bheidh i gceist leis na hoibreacha ná pacáiste cuimsitheach deisiúcháin ar an díon agus na fuinneoga dormánta stairiúla a thabhairt ar ais, rud a chinnteoidh dea-bhail fhadtéarmach na bhfoirgneamh stairiúil seo, agus a thacóidh lena n-úsáid leanúnach mar ionaid thábhachtacha don Ghaeilge agus do na hEalaíona i gCathair na Gaillimhe.”

Dúirt Megs Morley, Stiúrthóir Ealaíne, Ionad Ealaíon na Gaillimhe, “Is mór an rud é an dámhachtain seo ó Chiste na Struchtúir Stairiúla d’Ionad Ealaíon na Gaillimhe agus do shaol níos leithne an chultúir sa chathair.  Mar cheann de na heagraíochtaí cultúir is tábhachtaí i nGaillimh agus mar chaomhnóirí foirgnimh stairiúil i gcroílár na cathrach, cuideoidh an infheistíocht seo linn tabhairt faoi oibreacha riachtanacha chun cosaint a thabhairt don fhoirgneamh agus don ghníomhaíocht ealaíne ríthábhachtach a bhíonn ar bun ann. Tá úsáid bainte ag glúnta den chruthaitheacht, idirphlé agus malartú cultúir as Uimh. 47 Sráid Doiminic, agus cabhróidh an tacaíocht seo lena chinntiú gur féidir leis freastal ar ealaíontóirí, lucht spéise agus pobail go ceann blianta fada amach anseo. Táimid bródúil a bheith inár gcaomhnóirí ar an gcuid thábhachtach seo d’oidhreacht na cathrach ina gcuirtear spás beo ar fáil do chultúr nua-aimseartha, agus táimid thar a bheith buíoch as an tacaíocht.”

Is éard a dúirt Mícheál Mac Aoidh, Bainisteoir Áras na nGael, “Tá ríméad ar Ghael Forbairt na Gaillimhe, oibreoirí Áras na nGael, scéala a fháil faoin dámhachtain seo ó Chiste na nDéanmhas Stairiúil. Is sainchomhartha aitheanta stairiúil é Áras na nGael i gCathair na Gaillimhe a chuireann acmhainní, seirbhísí agus gníomhaíochtaí cultúir ar fáil do phobal Gaeilge rathúil, bríomhar agus ionchuimsitheach i gCathair na Gaillimhe.  Ní hamháin go ndéantar an Ghaeilge a fhoghlaim sa bhfoirgneamh seo, déantar í a cheiliúradh freisin. Is cuid lárnach d’fhéiniúlacht agus de rath na heagraíochta an foirgneamh é féin agus is siombail é dár dtiomantas don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann.” 

Déanann Ciste na nDéanmhas Stairiúil, ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta/Seirbhís Náisiúnta Oidhreachta Thógtha, caipiteal riachtanach a infheistiú inár n-oidhreacht thógtha luachmhar chun cabhrú le húinéirí agus caomhnóirí na struchtúr stairiúil iad a chosaint sa todhchaí, ar mhaithe le pobail éagsúla agus leis an bpobal. 

Is féidir tuilleadh a léamh faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil 

Related news