Meabhrán Tuisceana Ceannródaíoch Sínithe ag Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus Chicagoland

delegation posing for pic at Ireland House Chicago

 

Baineadh garsprioc mhór amach inniu i ndáil le caidreamh Comhchathrach na Gaillimhe agus Chicago nuair a síníodh Meabhrán Tuisceana (MT) idir Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála Chicagoland.

Bhí an searmanas sínithe ar siúl i dTeach na hÉireann agus bhí toscaireacht iomlán na Gaillimhe i láthair. Leis an gcomhaontú seo, déantar blianta fada den chomhoibriú foirmeálta agus bunaítear creat struchtúrtha le haghaidh rannpháirtíocht ghnó, éascú trádála, agus fás eacnamaíoch comhroinnte.

Chuir an Méara ar Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu fáilte roimh an bhforbairt, ag rá:

“Leis an gcomhaontú seo, déantar blianta fada den obair foirmeálta agus bunaítear creat soiléir le haghaidh rannpháirtíocht ghnó agus fás eacnamaíoch comhroinnte. Neartaíonn sé an ceangal idir Gaillimh agus Chicago agus cruthaíonn sé deiseanna nua dár ngnólachtaí, fiontraithe agus nuálaithe.”

Bhí an searmanas ar siúl tar éis clár maidine ina raibh cur i láthair ó chlár Grow Irish Notre Dame, IDA Ireland, agus Fiontraíocht Éireann ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, ardáin tuirlingthe gnó, agus tírdhreach eacnamaíoch réigiúnach an Mheán-Iarthair.

Tacóidh an Meabhrán Tuisceana seo le gnólachtaí na Gaillimhe atá ag fiosrú deiseanna sna Stáit Aontaithe, feabhsóidh sé comhoibriú idir gníomhaireachtaí fiontraíochta, agus neartóidh sé naisc thráchtála trasna an Atlantaigh.