Mí na Brataí Corcra á Ceiliúradh i nGaillimh i mí Deireadh Fómhair

Cllrs play in arcade

Tá ceiliúradh á dhéanamh i mí Deireadh Fómhair ag Cathair na Gaillimhe ar ‘Mhí na Brataí Corcra’, le haitheantas do na daoine, na bearta páirtnéireachta agus na háiteanna a chuireann brí agus beocht ar bhealach soicheallach sábháilte in eacnamaíocht an tráthnóna agus na hoíche sa chathair. Is creidiúnú gradamúil idirnáisiúnta seo a bhronnann Cumann na mBainisteoirí Bailte Móra agus Cathrach ar líon áiteanna ar fud an domhain nach dtéann thar 100 áit agus atá gnóthaithe ag Lár na Cathrach i nGaillimh agus ag Bóthar na Trá i ngeall ar fheabhas na bainistíochta maidir le heacnamaíocht an tráthnóna agus na hoíche (6 i.n. go dtí 5 r.n.). 

Eagraíodh ceiliúradh mhí Dheireadh Fómhair mar gheall ar athchreidiúnú Bhóthar na Trá le Bratach Chorcra don bhliain 2026, athdhearbhú ar an stádas maidir le háit ina leantar den chaighdeán is airde a bhaint amach maidir leis an mbainistíocht ar eacnamaíocht an tráthnóna agus na hoíche. Sa bhliain 2022 a ghnóthaigh Bóthar na Trá an creidiúnú den chéad uair agus leanadh den dea-obair ó shin le hobair pháirtnéireachta den scoth, caidreamh leis an bpobal agus infheistíocht i ngnéithe áisiúlachta agus sa mhéid a bhíonn le taithí ag an gcuairteoir. 

Ghnóthaigh Cathair na Gaillimhe creidiúnú Brataí Corcra den chéad uair sa bhliain 2015 agus táthar ag ullmhú faoi láthair don chéad scrúdú athchreidiúnaithe eile a bheidh ar siúl i mí na Samhna 2026 agus a bhfógrófar a thoradh i mí Eanáir 2027.

Deir an Comhairleoir Helen Ogbu, Méara Chathair na Gaillimhe, “Is iontach an deis Mí na Brataí Corcra le haird a dhíriú ar na bearta páirtnéireachta agus ar na daoine a fhágann gur breá an áit Cathair na Gaillimhe tar éis a 6 tráthnóna le maireachtáil ann, cuairt a thabhairt air nó siamsaíocht a dhéanamh ann. Gach tráth den bhliain, is áiteanna bríomhara Cathair na Gaillimhe agus Bóthar na Trá ina gcuirtear fáilte roimh dhaoine – roimh mhuintir na háite agus roimh chuairteoirí, óg agus aosta, ar mian leo sásamh a bhaint as cúrsaí spóirt agus cultúir, as an saol faoin aer nó as caidreamh sóisialta. Tá réimse iontach ar fáil anseo atá áisiúil agus sábháilte. 

Bíonn an dea-thoradh ar an mbeartaíocht in áiteanna a bhfuil an Bhratach Chorcra acu ag brath ar an gcomhar dlúth idir réimse leathan páirtithe leasmhara.

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Is ceiliúradh Mí na Brataí Corcra ar an bpáirtnéireacht a chuidíonn le heacnamaíocht bhríomhar, éagsúil, shábháilte an tráthnóna agus na hoíche a chruthú. Is ábhar ríméid againn creidiúnú na Brataí Corcra a bheith gnóthaithe arís eile ag Bóthar na Trá, teist mhaith ar an obair iontach atá ar siúl ag gnólachtaí, grúpaí pobail, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Garda Síochána agus páirtithe leasmhara eile.  Ar an gcuma chéanna, tá buntábhacht leis an gcomhar páirtnéireachta maidir le creidiúnú na Brataí Corcra a ghnóthú ansin. Ba mhaith liom buíochas faoi leith a ghabháil leis an nGarda Síochána, le gnólachtaí áitiúla, le muintir na háite, le lucht óstaíochta, le heagraíochtaí cultúir agus ealaíne, le grúpaí pobail, le Comhar Sábháilteachta Phobal Áitiúil Chathair na Gaillimhe, agus leis na rannóga ar fad i gComhairle Cathrach na Gaillimhe a gcuidíonn a gcuid dúthrachta agus oibre lena chinntiú go mbíonn Gaillimh agus Bóthar na Trá ina n-áiteanna soicheallacha, siamsúla agus sábháilte i gcónaí tar éis titim na hóiche”. 

Bhí an méid seo le rá ag Finbarr Philpott, Ceannfort in Aonad Rannpháirtíochta Pobail Chathair na Gaillimhe:

 

“Tá sábháilteacht i gcroílár geilleagar bhríomhar agus rathúil na hoíche. Léiríonn an creidiúnú Brataigh Corcra ar an dea-obair agus ar an gcomhoibriú idir an Garda Síochána, gnólachtaí áitiúla, ionadaithe pobail agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú gur eispéaras sábháilte fáilteach í Bóthar na Trá do chuile dhuine. Tá comhghairdeas tuillte ag Bóthar na Trá as an éacht seo agus leanfar leis an obair lenár gcomhpháirtithe chun timpeallacht sábháilte taitneamhach a chur ar fáil do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon.”

 

Deir an Comhairleoir Niall McNelis, Cathaoirleach Chomhar Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe:

“Áiteanna a chruthú ina n-airíonn daoine go bhfuil fáilte rompu agus go bhfuil siad sábháilte, sin é bun agus barr an chúraim maidir le sábháilteacht an phobail. Fónann an Bhratach Chorcra d’obair Chomhar Áitiúil na Sábháilteachta Pobail trí ghnólachtaí, seirbhísí poiblí, eagraíochtaí pobail agus muintir na háite a tharraingt le chéile i mbun aon chuspóir amháin a thabhairt i gcrích. Is teist an t-athchreidiúnú a ghnóthaigh Bóthar na Trá ar an dea-thoradh ar chur chuige sin an chomhair agus ar an dúthracht leanúnach maidir le sábháilteacht, soicheall agus folláine i measc an phobail.”

Leagfar béim i rith Mhí na Brataí Corcra, i mí Dheireadh Fómhair, ar an tairbhe fiúntach a dhéanann eacnamaíocht an tráthnóna agus na hoíche do shaol sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta na Gaillimhe chomh maith le haird a dhíriú ar an gcomhar páirtnéireachta agus ar na tionscnaimh a leanann ag cur lena mbíonn le taithí ag an uile dhuine a chónaíonn agus a oibríonn sa chathair nó i mBóthar na Trá nó a thagann anseo ar cuairt.

Áirítear ar thionscnaimh na míosa;

  • Crochfar bratacha corcra ar feadh Phromanáid Bhóthar na Trá le ceiliúradh a dhéanamh ar athghnóthú chreidiúnú na Brataí Corcra ag Bóthar na Trá agus le cur leis an aird agus an tuiscint ar an ngradam idirnáisiúnta seo.  
  • Tá síneadh 12 mhí curtha leis an gclár oiliúna Slán Sábháilte a leagadh amach do dhaoine a oibríonn in eacnamaíocht an tráthnóna agus na hoíche ionas go gcinntítear deis ag gnólachtaí agus ag na baill foirne iontu ar thraenáil phraiticiúil a chuireann bonn treise faoi aire don chustaiméir agus cúrsaí sábháilteachta agus folláine. 
  • Beidh físeáin de chuid an Gharda Síochána maidir le cúrsaí sábháilteachta á scaipeadh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i rith na míosa, ionas go spreagtar daoine le hiad féin agus daoine eile a choinneáil sábháilte le linn taitneamh a bhaint as oíche ar an mbaile mór.
  • Leanfaidh clár iléagsúil d’imeachtaí cultúir, pobail agus oíche i rith an gheimhridh mar chuid de Chlár an Gheilleagair Oíche. Féach an t-eolaire This is Galway maidir lena bhfuil ar siúl agus féach thisisgalway.ie/nighttime maidir le hócáidí taitneamhacha i nGaillimh. 
  • Moltar do dhaoine súil a chaitheamh ar na himeachtaí is deireanaí maidir leis an nGeilleagar Oíche atá ar siúl faoin gclár Gaillimh Ah Boo! lena dtarraingítear aird ar réimse leathan imeachtaí taitneamhacha don teaghlach atá ar siúl ar fud na cathrach. GaillimhAhboo.ie