Micheál D. Ó hUigínn, Iar-Uachtarán na hÉireann, le bheith ina Aoi Oinigh ag Paráid Lá Fhéile Pádraig 2026 i gCathair na Gaillimhe

Mayor Cubbard and former President Michael D Higgins

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go mbeidh Iar-Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ina Aoi Oinigh ag Paráid Lá Fhéile Pádraig 2026 i gCathair na Gaillimhe. Gaillimheach go smior atá ann agus beidh tábhacht ar leith ag baint le ceiliúradh na bliana seo mar gheall ar thacaíocht Uí Uigínn do na healaíona, cultúr, pobail agus seirbhísí poiblí.

Leagfaidh paráid 2026, ar a bhfuil téama “Laochra agus Réaltaí atá ag Teacht Chun Cinn”, béim ar na scéalta, na daoine agus na traidisiúin a mhúnlaíonn Gaillimh. Cuirtear fáilte mhór roimh rannpháirtíocht an iar-Uachtaráin mar ómós cuí dá dhúthracht do chultúr, comhionannas agus saol an phobail in Éirinn le fada an lá.

Ag labhairt dó ag an bhfógra, dúirt an t-iarUachtarán Micheál D Ó hUigínn, "Is mór agam féin agus ag Sabina an cuireadh  seo bheith mar phríomhaíonna ag Paráid na Féile Pádraig i nGaillimh, agus ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil leis an bhfáilte a fuaireamar ó a tháinig muid ar ais, ón oiread sin daoine aonair agus grúpaí sa bpobal."

Ag caint ar an bhfógra seo, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “I mo Mhéara dom ar Chathair na Gaillimhe, tá lúcháir orm go mbeidh iar-Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, in éineacht linn ina aoi oinigh ag paráid na bliana seo. Tá brí ar leith ag baint leis seo mar gheall ar an nasc atá aige le Gaillimh le fada an lá agus a dhúthracht do na healaíona, cultúr agus saol an phobail. Agus é fillte ar Chathair na Gaillimhe i mbliana, tar éis 14 bliana iontacha a chaitheamh san Áras, is mór an onóir dúinn gur ghlac sé lenár gcuireadh a bheith linn i bparáid na bliana seo. Léiríonn paráid na bliana seo cruthaitheacht agus spiorad mhuintir na Gaillimhe, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na grúpaí agus na daoine aonair ar fad a chuireann le hócáid chomh mór sin a dhéanamh gach bliain.”

Beidh clár bríomhar agus éagsúil de ghrúpaí pobail, ealaíontóirí, taibheoirí, eagraíochtaí óige agus rannpháirtithe cultúir ó cheann ceann na cathrach mar chuid d’fhéile na bliana seo. Buaicphointe ar leith do 2026 is ea Ceiliúradh, dráma pobail nua a fhaigheann tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Éire Ildánach, agus a forbraíodh i gcomhpháirtíocht leis an ealaíontóir agus amharclannóir Hugh Brown. Déanfaidh Ceiliúradh ceiliúradh ar na scéalta, na daoine agus na cultúir a dhéanann áit bheo bhríomhar de Ghaillimh sa lá atá inniu ann.

Dúirt Louise Osborne, Oifigeach Féilte agus Imeachtaí, Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Táimid thar a bheith sásta fáilte a chur roimh an iar-Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina Aoi Oinigh againn do Pharáid Lá Fhéile Pádraig 2026. Déanann téama na bliana seo, ‘Laochra agus Réaltaí atá ag Teacht Chun Cinn,’ ceiliúradh ar na daoine agus ar na scéalta iontacha a mhúnlaíonn Gaillimh, agus cuirfidh Micheál D. Ó hUigínn go mór le bród mhuintir na Gaillimhe ag an ócáid. Lá dár saol a bheidh i bparáid na bliana seo, tá súil againn.”

Tá Paráid Lá Fhéile Pádraig Chathair na Gaillimhe fós ar cheann de na himeachtaí cultúir bliantúla is mó sa réigiún, ag tarraingt na mílte lucht spéise agus ag ceiliúradh spiorad, éagsúlacht agus thraidisiúin na cathrach. Ócáid thar a bheith suntasach a bheidh i bparáid 2026 agus Micheál D. Ó hUigínn againn ina Aoi Oinigh.

Related news