Museum Lates fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe mar chuid de Chlár Geilleagair Oíche Chathair na Gaillimhe.

Pic of swans in front of museum

Tá ríméad ar Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe Museum Lates a fhógairt, tionscnamh a bheidh ar siúl ó mhí an Mheithimh go mí na Nollag 2026 agus a thacóidh le tairiscint chultúir rathúil, éagsúil agus inrochtana a chur ar fáil amach sa tráthnóna i gcroílár na cathrach. Neartaíonn Museum Lates tarraingteacht turasóireachta Chathair na Gaillimhe freisin trí shíneadh a chur le gníomhaíocht chultúir amach sa tráthnóna, trí ugach a thabhairt do chuairteoirí fanacht i lár na cathrach ar feadh tréimhse níos faide agus sásamh a bhaint as oidhreacht agus as cruthaitheacht na cathrach tar éis thitim na hoíche.

Beidh Museum Lates ar siúl gach Déardaoin deiridh den mhí ó 5 go 9pm, agus tugtar cuireadh don phobal siúl trí thaispeántais Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe tar éis ghnátham dúnta an mhúsaeim agus taitneamh a bhaint as cainteanna, ceardlanna, taibhléirithe tumthacha ceoil agus imeachtaí pobail. 

Ón 25 Meitheamh ar aghaidh, beidh cuairteoirí agus an pobal ábalta sásamh a bhaint as clár cainteanna, camchuairteanna agus taibhléirithe atá curtha le chéile go speisialta, lena n-áirítear Litreacha go hÉirinn – Taithí na nImirceach ina bhFocail Féin, taibhléiriú cumhachtach a bhaineann leas as cartlann iontach ina bhfuil na mílte litreacha atá fós againn a scríobh na daoine sin as Éirinn a chuaigh ar imirce go Meiriceá sa naoú haois déag agus sa bhfichiú haois, i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na Gaillimhe. 

Tiocfaidh beocht arís i ngailearaithe an mhúsaeim tar éis uaireanta dúnta a bhuí le taibhléirithe tumthacha ó cheoltóirí iomráiteacha amhail Lúan, Cathedral, Olan Monk agus neart eile a bhfuil cáil orthu as a gcuid stíleanna sainiúla agus as a dteacht i láthair tarraingteach nuair a bhíonn siad ag seinm beo. Athróidh na taibhléirithe sin an músaem féin taobh istigh, taithí chéadfach ar leith a bheidh ann, ina dtabharfar ceol agus oidhreacht le chéile ar bhealaí nach mbeifí ag súil leo agus ar bhealaí a fhanfaidh leat.

Beidh an Ghaeilge ina cuid lárnach den tionscnamh ós rud é go mbeidh imeachtaí ar siúl i gcomhar leis an ngrúpa An Bruach Thoir agus go mbeifear in ann dul ar thurais le Seán Ó Coistealbha.

Chomh maith le clár na n-imeachtaí, beidh cuairteoirí ábalta lán na súl a bhaint as taispeántais shaibhre agus iléagsúla Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, ar taispeántais iad a bhaineann le réimsí staire, cultúir agus eolaíochta lena n-áirítear Timpeallaithe ag Cloch, Caomhnóirí na nGael, Réabhlóid i nGaillimh, An Cladach, Eolaíocht na Mara, agus Fordhaonna.

Is éard a dúirt Kate Howard, Comhairleoir Geilleagair Oíche: “Tugann Museum Lates léargas ar na gnéithe is fearr a bhaineann lenár gcathair – an chruthaitheacht, an fháilte a chuirtear roimh chách, agus an bhrí a bhíonn inti amach go maith sa tráthnóna. Trínár spásanna cultúir a oscailt tar éis a ngnátham dúnta tá muid ag tacú le geilleagar oíche bríomhar fad a dhéanann muid na healaíona agus an cultúr níos inrochtana do chách”.

Mar phríomhghníomh i bPlean Gníomhaíochta Gheilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe —agus ag teacht leis an tuarascáil náisiúnta ar an nGeilleagar Oíche agus le Clár an Rialtais—Cuireann Museum Lates leis an teacht atá ag an bpobal ar na healaíona agus ar an gcultúr tar éis gnáthuaireanta oscailte, trína gcinntítear gur féidir le muintir na cathrach, teaghlaigh, mic léinn, cuairteoirí agus oibrithe baint a bheith acu sa gcruthaitheacht agus in eispéiris chultúir tar éis thitim na hoíche. Trí fhoirgnimh chultúir a oscailt níos déanaí agus cláir sheachtainiúla dhinimiciúla a chur ar fáil, neartaíonn an tionscnamh saol cultúir oíche na Gaillimhe, cuireann sé fonn ar níos mó daoine a n-aghaidh a thabhairt ar lár na cathrach, agus cothaíonn sé rannpháirtíocht níos mó i gcúrsaí cultúir. 

Is éard a dúirt Adam Stoneman, Stiúrthóir Gníomhach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe:

“Tá Museum Lates leagtha amach sa gcaoi go gcuirfear le rannpháirtíocht daoine i saol cultúir na cathrach san oíche, trí shíneadh a chur le huaireanta oscailte cinnteofar go mbeidh daoine ábalta teacht a bheith acu ar ár dtaispeantais agus ár mbailiúcháin agus fágfaidh taibhléirithe ceoil tumthacha, cainteanna agus ceardlanna tarraingteacha go mbeidh daoine ábalta sásamh a bhaint as ár dtaispeantais ar bhealaí nua agus iontacha.”

Le maoiniú ó scéim de chuid na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ‘Tar éis am dúnta san Iarsmalann’ agus ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, léiríonn Museum Lates tiomantas na Gaillimhe geilleagar oíche níos beoga, níos cuimsithí agus níos sábháilte a thógáil – geilleagar ina bhfuil ról lárnach agus spreagúil ag an gcultúr.

Tugtar cuireadh don phobal páirt a ghlacadh ann gach Déardaoin deiridh na míosa agus a bheith mar chuid de shaol cultúir na Gaillimhe tar éis thitim na hoíche, saol atá ag dul i méid. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlár imeachtaí agus faoi ghníomhaíochtaí Museum Lates: GalwayCityMuseum.ie agus ThisIsGalway/GalwayByNight