Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála cead a dheonú do Chuarbhóthar Chathair na Gaillimhe (N6 GCRR) an N6.
Is gné lárnach den réiteach iompair níos leithne do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe é GCRR an N6, ag tacú le BusConnects, feabhsuithe leanúnacha iarnróid, Taisteal Gníomhach agus seachadadh leanúnach ar mhórthionscnaimh iompair eile faoi Straitéis Iompair na Gaillimhe (SIG).
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus BIÉ le fios go raibh an próiseas pleanála fadálach le Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe an-dian ar úinéirí tí agus réadmhaoine a raibh tionchar ar mbealach beartaithe orthu.
Gabhfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus BIÉ ar aghaidh anois, tar éis athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar chinneadh an Choimisiúin Pleanála, go dtí an chéad chéim eile den tionscadal. Cuimsíonn an chéim ‘Cumasúchán agus Soláthar’ dul chun cinn an dearaidh mhionsonraithe, ullmhú cáipéisí chonartha agus an próiseas soláthair.