Nuashonrú - Geata Bus Beartaithe, Bun a Chnoic / Cnoc an Óir

An image of the possible designs of bus gates at Bun a Chnoic / Cnoc an Óir

D’fhoilsigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar tháinig de thoradh ar an mbeart comhairliúcháin poiblí a eagraíodh le gairid faoin togra maidir le geata busanna a chur isteach ag Bun a’ Chnoic agus Cnoc an Óir.

Is togra é seo, nach bhfuiltear ach ag tús na hoibre ina leith, a gcuirfeadh an tÚdarás Náisiúnta Iompair cistíocht ar fáil lena aghaidh agus a d’fhónfadh do leathnú ar Chóras Busanna na cathrach. Tá sé á leagan amach d’fhonn síneadh a chur le Bealach 3 agus seirbhís níos fearr a chur ar fáil do na daoine a chónaíonn le Bóthar Leitrí agus leis an gCuarbhóthar.

Eagraíodh beart comhairliúcháin poiblí i mí na Samhna agus mí na Nollag 2025 a bhfuarthas beagnach 70 freagra mar gheall air. Tá tuairisc achomair curtha le chéile ag an Rannóg maidir le Taisteal Gníomhach i gComhairle Cathrach na Gaillimhe agus tá sé sin ar fáil ach cliceáil ar an nasc seo.

Seoladh an tuairisc sin chuig an Údarás Náisiúnta Iompair, atá i mbun ceannródaíochta maidir le hAthchóiriú Chóras Busanna na Gaillimhe, agus tiocfaidh an fhorbairt ar an gcuid seo de chóras nua busanna na Gaillimhe faoina anáil.
 

Related news