Beifear ag tabhairt faoi oibreacha bóthair ag acomhal Bhóthar Stiofáin/Páirc Siopadóireachta Gateway (an acomhal ag Lidl), ag tosú Dé Luain an 7 Meán Fómhair.
Mairfidh na hoibreacha seo ar feadh seachtaine agus is iad Jons Civil Engineering Ltd. a bheidh i mbun na hoibre thar ceann Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is é cuspóir na n-oibreacha seo airde an acomhail ardaithe ag an acomhal seo a ísliú, mar thoradh ar aiseolas a fuarthas ó cuireadh an obair ar Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar Stiofáin i gcrích.
Ní bheidh aon bhealach rochtana ag feithiclí ag an acomhal seo ó 7:30 r.n. Dé Luain an 7 Meán Fómhair go dtí 5 i.n. Dé hAoine an 11 Meán Fómhair. Coinneofar bealach rochtana oscailte do shiúlóirí, do dheiseanna a bhfuil rothaí orthu agus do rothaithe.
Beidh comharthaíocht in airde chun tiománaithe a chur ar an eolas faoi na bealaí atreoraithe trí Bhóthar Dáileacháin an Iarthair agus trí Bhóthar Rathúin.
Beidh bealach rochtana chuig gach gnó, scoil agus teach trí na bealaí atreoraithe.
Cliceáil ar an nasc seo chun bileog eolais ar a bhfuil tuilleadh eolais a fheiceáil.