Tabharfar faoi oibreacha bóthair riachtanacha san oíche ar thaobh na hArdeaglaise de Dhroichead na mBradán agus ar an Droichead na mBradán, Dé Déardaoin an 19 Márta. Is cuid í an obair seo de Thionscadal Thrasrian Coisithe Dhroichead na mBradán.
Beidh an obair dhromchlaithe bóthair ar siúl idir 7pm agus 6am chun an méid cur isteach a bheidh i gceist a laghdú a oiread agus is féidir. Ní dhúnfar ach lána amháin de Dhroichead na mBradán ag an am.
Beidh córais bainistithe tráchta shealadacha i bhfeidhm, a mbeidh tionchar acu ar thiománaithe, siúlóirí, daoine ar dheiseanna a bhfuil rothaí orthu, agus rothaithe, fad is a bheidh an obair ar siúl.
Cuirfear comharthaíocht in airde chun tiománaithe a chur ar an eolas faoin obair.
Glactar buíochas leat roimh ré as do chomhoibriú agus do thuiscint.