Bí faoi réir chun an oíche a lasadh suas lenár Rith Dathanna le haghaidh Oíche #BeActive - imeacht lán le spraoi, dathanna beoga agus atmaisféar a spreagann a bheith gníomhach!
Is ceiliúradh bríomhar a bhíonn in Oíche #BeActive ina dtugtar spreagadh do dhaoine gach aois spraoi a bheith acu agus a bheith gníomhach ag an am céanna.
Bí linn do haghaidh Rith Dathanna den scoth Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair a thosóidh ag Trá na mBan i mBóthar na Trá.
Rith, siúil, rolláil nó damhsaigh do bhealach trí chúrsa lán le spraoi agus bain taitneamh ag an am céanna as na dathanna go léir agus atmaisféar den scoth. Caithfear dathanna geala leis na rannpháirtithe feadh an bhealaigh agus cruthóidh sé sin ócáid lán le fuinneamh, gáire agus spiorad pobail nach ndéanfar dearmad uirthi.
Tá áthas orainn béim a leagan ach go háirithe i mbliana ar an ionchuimsiú agus inrochtaineacht, ag tosú lenár Rith Dathanna Ionchuimsitheach ag 5pm. Beidh bearta i bhfeidhm ag an imeacht níos luaithe seo chun tacú le daoine a bhféadfadh riachtanais chéadfacha a bheith acu a bhaineann leis an bpúdar daite, agus chun eispéireas fáilteach, compordach agus taitneamhach a chur ar fáil do gach duine. Beidh an Rith Dathanna ag 6pm oscailte ina dhiaidh sin do chách, agus gealltar go mbeidh neart dathanna, spraoi agus spioraid pobail ann. Moltar go mór do na daoine a bheidh páirteach sa Rith Dathanna Ionchuimsitheach a bheith páirteach sa bpríomhimeacht ina dhiaidh sin, agus taitneamh a bhaint as tuilleadh dathanna agus spleodar más mian leo.
Clárú don Rith Ionchuimsitheach: 4.30pm agus tosóidh an rás ag 5pm.
Clárú don Ghnáthrith Dathanna: Beidh téamh suas éadrom agus ceol ann ag 5.45pm agus tosóidh an Rith ag 6.15pm
Is bealach iontach é seo le bheith páirteach i ngníomhaíocht fhisiciúil ar bhealach spraíúil agus tá an ócáid seo feiliúnach do gach duine, óg agus sean agus gach leibhéal aclaíochta; mar sin, cláraigh do chairde agus do theaghlach agus bígí linn le haghaidh tráthnóna nach ndéanfaidh sibh dearmad air. Ná caill amach ar an imeacht iontach seo – cláraigh anois agus lasaimis suas an oíche le chéile!
Cláraigh don Rith Dathanna Ionchuimsitheach agus don Rith Dathanna 2km ar www.GalwayActive.ie
Níl ach líon teoranta T-léinte ar fáil don ócáid; iarrtar ort éadaí a chaitheamh atá feiliúnach don aimsir agus don ócáid. Tá mórtas ar Lululemon 100 buidéal uisce saor in aisce a bhronnadh ar an gcéad 100 rannpháirtí a chláraíonn don ócáid, mar chuid dá ghealltanas tacú le folláine an phobail agus le stíleanna maireachtála gníomhacha.
Beidh Seachtain Spóirt na hEorpa ar siúl ón 23 go dtí an 30 Meán Fómhair; tugann an tseachtain seo Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla, Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta, clubanna agus grúpaí pobail ar fud na hÉireann le chéile chun an chumhacht atá ag an ngluaiseacht i dtaobh saol daoine a athrú a léiriú. Iarraimid ar gach club agus grúpa a gcuid gníomhaíochtaí do Sheachtain Spóirt na hEorpa a chlárú tríd an nasc seo a leanas:
https://www.SportIreland.ie/European-Week-of-Sport
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig GalwayActive@GalwayCoCo.ie