D’iarr Comhaltaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tseachtain seo ar an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an tsamhail mhaoinithe atá as dáta d’údaráis áitiúla, chun na bearnaí suntasacha i soláthar seirbhísí agus i mbonneagar poiblí ar fud Limistéar Cathrach na Gaillimhe a laghdú. Faoin tsamhail mhaoinithe reatha, rangaítear Cathair na Gaillimhe faoi bhun gach údarás áitiúil eile, idir uirbeach agus tuaithe, in Éirinn – ainneoin gurb í an chathair an lárionad uirbeach is mó i réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, príomhthiománaí fáis eacnamaíoch sa réigiún agus rannchuiditheoir suntasach le GDP náisiúnta. Leag comhaltaí béim ar an ngéarghá atá ann an stádas seo a athscrúdú, agus d’iarr siad go dtabharfaí isteach Cáin Turasóireachta phíolótach, ar nós cathracha agus réigiúin eile san Eoraip, chun easnaimh mhaoinithe a réiteach.
Tá an tsamhail mhaoinithe don údarás áitiúil agus cáin turasóireachta phíolótach mar chuid de chlár dhá ‘Thionscadal Tosaíochta’ dhéag do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a léiríonn ról na Gaillimhe mar thiománaí eacnamaíoch, sóisialta agus cultúir do réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair.
Ag Gnáthchruinniú de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i mí Aibreáin 2026, rinne Comhaltaí Tofa athbhreithniú ar thuarascáil ar an tsamhail mhaoinithe náisiúnta d’údaráis áitiúla – tuarascáil ina leagtar béim ar neamhréir mhór idir na leithdháiltí reatha do Chathair na Gaillimhe agus cuspóirí náisiúnta an Chreata Náisiúnta Pleanála agus Tithíocht do Chách, i measc beartais eile de chuid an rialtais.
Aithníodh sa tuarascáil go bhfuil bearnaí i ndáil le seirbhísí agus bonneagar a sholáthar i gceist mar gheall ar na socruithe maoinithe reatha, i réimsí lena n-áirítear tithíocht, glanadh sráideanna, iompar, na healaíona agus cultúr. Le fírinne, tá cistí a bhailítear go háitiúil trí cháin mhaoine áitiúil á n-infheistiú i gceantair eile, rud atá chun aimhleasa Chathair na Gaillimhe.
Thacaigh comhaltaí le moladh chun na socruithe maoinithe reatha do Chathair na Gaillimhe a athbhreithniú, d’fhonn go mbeadh siad ina léiriú ar riachtanais phraiticiúla soláthair i suíomh uirbeach ard-dlúis a fheidhmíonn mar chothromú i gcoinne ceantair uirbeacha eile sa Stát. D’iarr comhaltaí freisin plean infheistíochta saincheaptha do Limistéar Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe, agus go dtabharfaí isteach Cáin Turasóireachta phíolótach.
Chuirfí an méid seo a leanas san áireamh sa mhéadrach maoinithe nua atá a mholadh:
- Daonra: Ní ghabhtar daonra cónaitheach (84,000) agus daonra mac léinn (30,000) na Gaillimhe faoin bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), rud a chuireann Cathair na Gaillimhe faoi bhun na tairsí daonra de 100,000 a chuirtear i bhfeidhm don mhéadracht mhaoinithe náisiúnta.
- Turasóireacht: Chun lamháltas a thabhairt sa mhaoiniú do Ghaillimh mar gheall ar 2.4 milliún cuairteoir in aghaidh na bliana - ar chúinse uathúil atá ann ó thaobh éileamh seirbhíse de i gcomparáid le gnáthúdarás áitiúil.
- Ról Eacnamaíoch Straitéiseach: Liúntas ar leith do Stádas Cathrach na Gaillimhe mar thiománaí eacnamaíoch Réigiún an Iarthuaiscirt.
- Méadracht Líonbhunaithe do Bhóithre: Liúntas ar leith don mhéid tráchta ar bhóithre uirbeacha i gCathair na Gaillimhe, mar chás ar leithligh ó fhad na mbóithre i gcontaetha tuaithe eile. Tá an mhéadracht reatha bunaithe ar fhad bóithre tuaithe a mbíonn trácht íseal orthu, rud atá éagórach i dtaca le limistéir uirbeacha.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard: “Tá Gaillimh ar cheann de na hionaid uirbeacha is tapúla fáis in Iarthar na hEorpa, agus táthar ag súil go bhfásfaidh ár ndaonra ó 85,000 go breis agus 122,000 duine faoin mbliain 2040. In ainneoin an leibhéal eisceachtúil fáis seo, tá Cathair na Gaillimhe ag feidhmiú ar bhonn airgeadais atá taobh thiar de gach údarás áitiúil sa tír, lena n-áirítear contaetha tuaithe Longfoirt, Ros Comáin agus Liatroma. Ghlac na Comhaltaí Tofa roinnt cinntí dúshlánacha le dhá bhliain anuas chun ioncam a mhéadú tríd an gCáin Mhaoine Áitiúil agus ARV – ach tá an t-airgead sin ag imeacht ón údarás áitiúil chun infheistíocht a dhéanamh in áiteanna eile. Níl sé sin inbhuanaithe agus níl cothrom na Féinne á thabhairt. Tá Comhaltaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar an Rialtas náisiúnta a chinntiú go bhfaighidh muintir na Gaillimhe an infheistíocht atá de dhíth ar a gcathair agus atá tuillte aici, trí shamhail mhaoinithe a chur i bhfeidhm atá ina léiriú ar stádas na Gaillimhe. Táimid ag iarraidh tacaíocht freisin chun cáin turasóireachta a thriail i gCathair na Gaillimhe, ar nós cleachtais atá i bhfeidhm go hidirnáisiúnta. Is margadh oiriúnach í Cathair na Gaillimhe chun an mheicníocht seo a thriail chun maoiniú a ghiniúint do sheirbhísí áitiúla. Tacaíonn Cathair rathúil na Gaillimhe le réigiún rathúil, agus le tír rathúil.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Le fiche bliain anuas, tá Gaillimh tar éis athrú ó bhaile mór go cathair mheánmhéide Eorpach – ach tá an tsamhail mhaoinithe d’infheistíocht sa chathair gan mórán athraithe le linn an ama sin.” Go praiticiúil, tá sé seo le feiceáil trí cheaduithe tithíochta bheith á ndiúltú mar gheall ar easpa bóithre rochtana, bonneagair iompair nó fóntas; am caillte de bharr plódú tráchta; amanna taistil neamhiontaofa agus príomhacomhail ag feidhmiú thar a n-acmhainn; moill ar infheistíocht i gcosaint in aghaidh tuilte i gceantair inar aithníodh go bhfuil leochaileacht i gceist; agus tionchair eile fhíorshaoil a eascraíonn as easpa maoinithe. Chomh maith leis sin, teastaíonn acmhainní cuí ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i ndáil le réimsí ina bhfuil ról ceannaireachta réigiúnaí ag an údarás áitiúil – mar shampla, sa turasóireacht mar phointe rochtana ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, i mbainistiú dobharcheantar Abhainn na Gaillimhe, nó i seirbhísí tacaíochta do dhaoine gan dídean. Ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae na Gaillimhe, táimid dírithe ar chomhoibriú agus ar fhorbairt réigiúnach – ach caithfear an tsamhail mhaoinithe náisiúnta a uasdátú anois chun scála na seirbhísí bonneagair a bhfuiltear ag súil go soláthrófaí i gcathair Eorpach nua-aimseartha atá ag fás go mear a chomhlíonadh‑.”
Rinne na Comhaltaí athbhreithniú freisin ar mholtaí tuarascála maidir le ‘Cáin Turasóireachta’ phíolótach i gCathair na Gaillimhe, rud a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn mar bhealach chun infheistíocht i dturasóireacht, agus i mbonneagar agus seirbhísí gaolmhara, a threisiú. Tá gá le reachtaíocht chumasúcháin chun an clár píolótach seo a chur chun cinn, faoi fhorálacha an Achta Rialtais Áitiúil, arna leasú.
Gné de chuid mhaoiniú rialtais áitiúil ar fud an OECD i láthair na huaire is ea cáin turasóireachta, ina measc sin, sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc, sa Spáinn, san Iodáil agus sa Ghearmáin. Ciallaíonn sé seo go bhfuil turasóirí chomh maith le pobail áitiúla ag cur le forbairt shocheacnamaíoch an cheantair – agus go roinntear an t-ualach a bhaineann le bonneagar agus seirbhísí a sholáthar idir na daoine a bhaineann leas as an soláthar sin.
Is í Cathair na Gaillimhe an tríú cathair is mó a dtugtar cuairt uirthi i bPoblacht na hÉireann agus feidhmíonn sí mar mhol do chuairteoirí i gContae na Gaillimhe agus mar phointe rochtana ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Tá breis agus 9,762 spás leapa de gach caighdeán i gCathair na Gaillimhe, gan lóistín ar champais san áireamh, rud a chuireann 2,475 spás leapa breise leis i mbuaicshéasúr na turasóireachta.
Agus 2.4 milliún cuairteoir ag teacht ar cuairt in aghaidh na bliana, bíonn brú leanúnach ar bhonneagar agus ar sheirbhísí poiblí i gCathair na Gaillimhe atá ag tacú le cónaitheoirí agus le cuairteoirí araon. Trí chlár píolótach de cháin turasóireachta a chur i bhfeidhm i gCathair na Gaillimhe, d’fhéadfaí ioncam suntasach, imfhálaithe‑, a ghiniúint chun tacú le seirbhísí agus saoráidí a bhaineann le turasóireacht.
I measc na réimsí a bhféadfaí maoiniú a chur ar fáil ina leith, tá glanadh sráide, bainistiú bruscair, soilsiú poiblí, spásanna glasa, clóis súgartha, limistéir il‑úsáide spóirt, bealaí siúil, páirceáil rothair níos fearr, agus feabhsuithe sa ríocht phoiblí, chomh maith le tacaíocht do shaoráidí cathartha agus cultúrtha barrthábhachtacha ar nós Leisureland, Amharclann Halla na Cathrach, an Black Box Theatre, agus Músaem Cathrach na Gaillimhe.
Trí ranníocaíocht turasóireachta a thabhairt isteach, chuideodh sé sin le cinnte a dhéanamh de go ndéanfaí an costas a bhaineann leis na seirbhísí seo a sholáthar agus a chothabháil a roinnt ar bhealach níos cothroime, tríd an ualach atá faoi láthair ar íocóirí rátaí tráchtála a laghdú agus trí ioncam turasóireachta a athinfheistiú go díreach ar ais sa chathair ar mhaithe le cuairteoirí agus cónaitheoirí araon.
Is tuarascálacha iad ‘An Cás chun stádas maoinithe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a athbhreithniú’ agus ‘Cás Imlíneach maidir le tabhairt isteach Cánach Turasóireachta i gCathair na Gaillimhe’ atá ar fáil ar an nasc seo.