Cén chuma atá ar an aoisiú sláintiúil i ndáiríre? I nGaillimh, d’fhéadfadh an freagra a bheith ag snámh sa bhfarraige i lár an gheimhridh, cluiche babhlála, obair dheonach ag seachadadh béiltí, nó go simplí a bheith i láthair i gcónaí do do phobal.
Is ceiliúradh bliantúil í Seachtain an Aoisithe Dhearfaigh (25 Meán Fómhair - 2 Deireadh Fómhair) ar an ionchur ríthábhachtach agus éagsúil a dhéanann daoine scothaosta dá bpobail, agus is deis í chun dúshlán a thabhairt don idirdhealú bunaithe ar aois. Tugann téama na bliana seo, 'Ceangal idir na Glúnta', cuireadh dúinn naisc a chothú, dúshlán a thabhairt do steiréitíopaí agus luach, agus taithí agus ionchur daoine atá scothaosta a aithint.
Bhí príomhimeacht 'Laochra Áitiúla an Aoisithe Dhearfaigh' i gcroílár cheiliúradh na bliana seo níos luaithe sa tseachtain, ag tabhairt ómóis do 26 duine ó chathair agus ó chontae na Gaillimhe. Is samplaí den scoth na gnáth chúrsaí laethúla atá ag na daoine dearfacha seo, atá sláintiúil agus gníomhach, agus saibhríonn siad saolta an oiread sin daoine.
Tá Louise McLaughlin, Ceannaire Sheirbhís Tacaíochta do Dhaoine Scothaosta COPE Galway, ina ball den ghrúpa oibre a d’eagraigh imeacht na bliana seo: “Ba mhór an pléisiúr bualadh leis an 26 duine den scoth ó chathair agus ó chontae na Gaillimhe, atá gníomhach ina dteaghlaigh agus ina bpobail go forleathan agus a chuireann go mór leis an tsochaí. Léiríonn siad dúinn an chaoi a gcabhraíonn sé linn go léir aois a bhaint amach go dearfach má fhanaimid gníomhach agus ceangailte go sóisialta.”
Déantar ceiliúradh ar na 26 laoch áitiúil i leabhrán a ghabhann leis an bhfeachtas freisin, agus beidh taispeántas ag taisteal ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe sna seachtainí amach romhainn, ag tosú le Leabharlann Chathair na Gaillimhe an tseachtain seo.
I gcás laoch áitiúil amháin, Maureen Grealish ón gCladach, is cuid dá saol laethúil é fanacht gníomhach agus is é a sláinte, a teaghlach agus a cairde na rudaí is tábhachtaí di. Téann sí ag snámh sa bhfarraige ceithre lá sa tseachtain, fiú i rith mhíonna an gheimhridh, agus tá cur chuige úr agus simplí aici maidir le dul in aois go maith: “téigh amach, buail le daoine agus coinnigh ag gluaiseacht– tá an ghné shóisialta chomh tábhachtach céanna leis an aclaíocht!”
Glacann Veronica Cronin, ball inspioráideach de phobal Bhaile an Phoill, leis an aoisiú gníomhach trí ghníomhaíochtaí ar nós babhlála, agus ceol. Spreagann Veronica gach duine chun páirt a ghlacadh ina bpobail áitiúla, chun fanacht i dteagmháil le daoine eile, agus chun labhairt amach má bhíonn deacrachtaí acu, ag cur i gcuimhne dúinn go mbíonn tacaíocht áitiúil ar fáil i gcónaí. Tá súil ag Veronica an aois céad bliain a bhaint amach, ach ní bhaineann a scéal chomh mór sin le líon na mblianta, ach leis an gcaoi a gcaitear na blianta sin – trí ghlacadh leis an ngrá, leis an ngáire, leis an gceol, leis an gcairdeas agus leis an bpobal.
Is é an rud a choinníonn Eamon Mac Giobúin ag imeacht ná bualadh le daoine agus fanacht gníomhach sa phobal. Agus é ina fhoghlaimeoir ar feadh a shaoil agus ina oibrí deonach tiomanta le Meals4Health — fiontar sóisialta de chuid COPE Galway — tacaíonn Eamon le daoine eile trí obair phobail, agus é ag fanacht gníomhach trí *parkrun*, spórt agus cairdeas. Thug an obair dheonach deis bhríoch dó tacú le daoine eile agus fanacht ceangailte dá phobal.
Tá Richard (Richie) Byrne, atá 95 bliain d’aois, fós ceangailte go dlúth lena theaghlach, lena chairde agus lena phobal. Tá grá mór ag Richie dá cheantar dúchais, don CLG agus don phortach; bhí sé fós ag casadh agus ag cruachadh móna agus é sna nóchaidí. D’éirigh sé as a phost mar Chathaoirleach ar *Community Alert* Chill Chonla-Chill Bhánáin i mbliana féin, agus tugadh aitheantas dó as an méid ollmhór a chuir sé leis an eagraíocht. Do Richie, is cuid dá shaol é a bheith rannpháirteach sa phobal.
Léiríonn dearcadh na ‘Laochra Áitiúla’ seo an rud a léiríonn staidéir éagsúla: go bhfuil baint ag dearcadh dearfach i leith an aosaithe le saol níos faide, chomh maith le cuimhne agus soghluaisteacht níos fearr sna blianta ina dhiaidh sin. Dúirt Louise McLaughlin: "Sin an fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin aird a tharraingt ar ár Laochra Áitiúla a léiríonn Aosú Dearfach. Is samplaí iad den tábhacht a bhaineann le fanacht gníomhach go fisiciúil agus go meabhrach, aire a thabhairt don teaghlach, obair dheonach a dhéanamh, leanúint ar aghaidh ag obair nó ag foghlaim, cairdeas a chothú, agus ról gníomhach a bheith agat sa phobal áitiúil. Is inspioráid iad dúinn go léir chun fanacht ceangailte, leanúint orainn ag foghlaim agus fanacht gníomhach agus muid ag dul in aois."
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chuile dhuine de na 26 laochra áitiúila spreagúil i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, íoslódáil an leabhrán; chun dátaí agus ionaid na dtaispeántais a fheiceáil, tabhair cuairt ar copegalway.ie/positiveageingweek.