Bailíodh os cionn €30,000 do chúig charthanacht áitiúla le linn Bhál Mhéara Chathair na Gaillimhe, arna óstáil ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard. Bhí an bál ar siúl Dé Sathairn an 18 Aibreán 2026 in Óstán an Galmont agus bhí os cionn 300 duine i láthair, iad go léir ag baint súp as oíche ghalánta lán ceoil agus ceiliúrtha ar mhaithe le Ability West, ACT for Meningitis, AsIAm, Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe agus HopeSpace.
Is éard a dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard: “Is iontach an deis é Bál an Mhéara airgead a bhailiú do chúig charthanacht áitiúla a chuireann seirbhísí ar fáil go háitiúil i gCathair na Gaillimhe. Mo mhíle buíochas leis na hurraitheoirí, na deontóirí agus na daoine iontacha ar fad a tháinig le chéile chun oíche den scoth a dhéanamh di, agus a bhailigh os cionn €30,000. Cuirfear an t-airgead uilig a bailíodh le linn na hócáide i dtreo tacaíocht a thabhairt don obair ríthábhachtach a dhéanann Ability West; ACT for Meningitis; AsIAm, Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe agus HopeSpace ar fud Chathair na Gaillimhe agus níos faide i gcéin.”
Chuir MC Ronan Lardner siamsaíocht ar fáil dóibh siúd a d’fhreastail ar an mbál agus rinne Liam Silke, Bolscaire an Bhaile, creil a bhualadh, d’éascaigh O’Donnellan and Joyce ceant carthanachta agus cuireadh neart duaiseanna iontacha a d'urraigh gnólachtaí agus eagraíochtaí na cathrach ar chrannchur freisin, mar sin bhí neart spraoi agus spóirt ag cách.