D’oscail Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu agus an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD Páirc Bharr an Chalaidh, atá athfhorbartha as an nua, go hoifigiúil inniu i ndiaidh tionscadal athghiniúna ar fiú €1.5 milliún é* i gcroílár Chathair na Gaillimhe.
Arna chur i gcrích ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, bhí maoiniú €1,030,834 ar fáil don tionscadal trí Scéim Infheistíochta Caipitil Athbheochana Uirbí Fáilte Ireland, agus d'infheistigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe €519,166 eile, chun spás poiblí tarraingteach, inrochtana agus bríomhar a chruthú a chuireann le tarraingteacht na Gaillimhe mar cheann scríbe turasóireachta fad a chuirtear tairbhí buana ar fáil do phobail áitiúla. Tacaíonn an infheistíocht leis na cuspóirí atá i bPlean Forbartha Cinn Scríbe agus Eispéiris Chathair na Gaillimhe Fáilte Ireland cuidiú leis na háiseanna caithimh aimsire faoin spéir atá ar fáil agus an méid atá ar fáil do chuairteoirí i nGaillimh a neartú.
Suite le hais Abhainn na Gaillimhe, tá ceann scríbe fáilteach déanta den pháirc cois abhann ar mhaithe le cúrsaí cultúir, oidhreachta, cruthaitheachta agus caithimh aimsire faoin spéir. Níl an pháirc ach cúpla nóiméad siúil ó lár Chathair na Gaillimhe agus, mar sin, ceanglaíonn sí an chathair leis an abhainn, trína gcruthaítear deiseanna nua do chuairteoirí agus do mhuintir na háite taitneamh a bhaint as an áit.
Tá timpeallacht fháilteach tharraingteach cruthaithe leis an athfhorbairt, ina bhfuil cosáin atá inrochtana go hiomlán, soilsiú feabhsaithe, áiteanna suí, gnéithe nádúrtha spraoi agus spásanna solúbtha d’imeachtaí. Cuireadh go mór leis an mbithéagsúlacht sa gceantar freisin trí ghairdíní báistí, bláthanna fiáine agus fálta sceach agus crainn nua a chur. Tá feabhas curtha ar an teacht atá ag an gcomharsanacht máguaird ar an bpáirc mar gheall ar chosáin leathnaithe, trasrianta uasghrádaithe do choisithe agus bonneagar feabhsaithe don fhearann poiblí.
Neartaíonn an tionscadal an ceangal atá ann le cúrsaí cultúir i nGaillimh freisin, trína gcruthaítear deiseanna do chláir agus d’imeachtaí cultúir beo a chuirfidh beocht leis an áit i rith na bliana. Mar chuid den oscailt oifigiúil, nocht an t-údar Patricia Forde as Éirinn plaic nua ar Chonair Filíochta na Gaillimhe. Dán leis an tSiúr Finnín Ní Chonceanainn atá ar an bplaic, ina ndéanann sí ceiliúradh ar Loch Coirib agus a chuireann tuilleadh le hoidhreacht liteartha ar leith na Gaillimhe.
Ag labhairt di ag an oscailt oifigiúil, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu:
“Tá rud éigin speisialta faoin áit seo. Suite ar bhruach Abhainn na Gaillimhe, tá daoine ag tarraingt ar Bharr an Chalaidh le fada an lá chun teacht le chéile agus chun taitneamh a bhaint as an abhainn agus as croílár na cathrach. Tá an ceangal sin neartaithe leis an athfhorbairt seo, agus timpeallacht fháilteach cois abhann cruthaithe inar féidir le teaghlaigh teacht le chéile, inar féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as an méid is fearr atá ar fáil i nGaillimh, agus a thugann beocht agus fuinneamh don cheantar i rith na bliana. Tá lúcháir orm go bhfuil an spás poiblí álainn seo oscailte go hoifigiúil anois ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as.”
Is éard a dúirt an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD:
“Is sampla den scoth é oscailt Pháirc Bharr an Chalaidh den chaoi ar féidir le hinfheistíocht straitéiseach feabhas a chur ar bhailte agus ar chathracha na tíre, agus tairbhí fadtéarmacha a chur ar fáil don turasóireacht agus do phobail áitiúla ag an am céanna. Trí Scéim Infheistíochta Caipitil Athbheochana Uirbí Fáilte Ireland, tá an Rialtas ag tacú le tionscadail a chuireann beocht i spásanna poiblí, a dhéanann ceiliúradh ar fhéiniúlacht áitiúil agus a fheabhsaíonn taithí na gcuairteoirí. Léiríonn an athfhorbairt seo ár dtiomantas d’fhorbairt inbhuanaithe turasóireachta agus d’uaillmhianta an bheartais náisiúnta turasóireachta a bhaint amach. Tá áthas orm go bhfuil an tionscadal bunathraitheach seo oscailte go hoifigiúil agus táim ag súil leis an tionchar dearfach a bheidh aige ar Ghaillimh a fheiceáil as seo go ceann blianta fada.”
Is éard a dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Iomaíochais agus Inbhuanaitheachta Turasóireachta ag Fáilte Ireland:
“Tá ról tábhachtach ag spásanna poiblí dea-dheartha a gcuirtear beocht iontu chun cinn scríbe bhríomhara fháilteacha a chruthú do chuairteoirí agus do phobail áitiúla araon. Trí Scéim Infheistíochta Caipitil Athbheochana Uirbí Fáilte Ireland, rinneadh ceann scríbe tarraingteach cois abhann de Pháirc Bharr an Chalaidh, áit a ndéantar ceiliúradh ar chultúr, ar oidhreacht agus ar thimpeallacht nádúrtha ar leith na Gaillimhe. Agus muid ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chuidíomar le spás a chruthú a spreagann cuairteoirí agus muintir na háite araon níos mó ama a chaitheamh i gcroílár na cathrach, sásamh a bhaint as an saibhreas cultúir atá ar fáil i nGaillimh agus tuilleadh a fháil amach faoi na gnéithe sin den chathair a dhéanann chomh uathúil sin í."
Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
“Léiríonn athfhorbairt Pháirc Bharr an Chalaidh tiomantas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe spásanna poiblí ar ardchaighdeán a chruthú a thacaíonn le folláine an phobail, leis an mbithéagsúlacht agus le turasóireacht inbhuanaithe. Tá athrú ó bhonn tagtha ar shuíomh tábhachtach i lár na cathrach de bharr an tionscadail seo, agus tá ceann scríbe inrochtana bríomhar déanta de a rachaidh chun tairbhe do mhuintir na háite, do chuairteoirí agus do ghnólachtaí áitiúla, agus a chuirfidh leis an méid atá ar fáil ó thaobh cultúir agus comhshaoil i nGaillimh ag an am céanna.”
Is iad na huiscebhealaí agus an tírdhreach stairiúil a bhaineann le hAbhainn na Gaillimhe a spreag an dearadh, ina bhfuil cosáin ar geall le srutháin iad agus spásanna neamhfhoirmiúla cruinnithe. Cuireadh áit bhuan ar fáil freisin don saothar ealaíne Orb na Gaillimhe, a coimisiúnaíodh ar dtús mar chuid de chlár na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.
Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe athnuachan Pháirc Bharr an Chalaidh i gcrích le tacaíocht ón bpríomhchomhairleoir agus ailtire tírdhreacha LUC agus ó fhoireann ildisciplíneach deartha. Chuidigh infheistíocht bhreise ón tSeirbhís Bainistíochta Abhantraí freisin le gairdíní báistí a chur ar fáil sa bpáirc. Trí rannpháirtíocht fhairsing le páirtithe leasmhara áitiúla, rinneadh ceann scríbe bríomhar cois abhann den pháirc a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht, ar chultúr agus ar thimpeallacht nádúrtha na Gaillimhe.