Nochtadh plaic chomórtha in ómós do shaighdiúir as Gaillimh a gortaíodh go marfach agus é ag fónamh ar mhisean síochánaíochta sa Liobáin os cionn 45 bliain ó shin. Bhí Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard, i dteannta mhuintir an tSaighdiúra Shingil Stephen Griffin, nach maireann, chun an phlaic cloiche a nochtadh, a crochadh in aice le Bóthar Stiofáin, Rathún, atá ainmnithe in ómós dó.
Ní raibh an Saighdiúir Singil Griffin ach 21 bliain d'aois nuair a gortaíodh go marfach é an 7 Aibreán, 1980, in At Tiri i nDeisceart na Liobáine. Bhí sé ar fónamh ann leis an 46ú Cathlán Coisithe. Ba é an chéad saighdiúir Éireannach a maraíodh de bharr gníomhaíocht naimhdeach i seirbhís Fhórsa Eatramhaigh na Náisiún Aontaithe sa Liobáin.
Nochtadh plaic cloiche a cuireadh isteach le déanaí ag ócáid chomórtha Dé Domhnaigh seo caite, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Óglaigh na hÉireann. Dúirt Séiplíneach na nÓglach, an tAthair Paul Murphy, paidir ag an ócáid, ar fhreastail ionadaithe as Dún Uí Mhaoilíosa chomh maith le roinnt d’iar-chomhghleacaithe an tSaighdiúra Shingil Griffin as Dún Uí Choileáin i gCorcaigh, áit a raibh sé lonnaithe, uirthi.
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard, go raibh sé oiriúnach gur crochadh plaic chun íobairt an tSaighdiúra Shingil Griffin a thabhairt chun cuimhne.
“Ba mhór an onóir dom cuireadh a fháil chun an phlaic seo an nochtadh i dteannta mhuintir Stephen, thar ceann mhuintir na Gaillimhe. Cuimhníonn go leor daoine ar fud na cathrach, go háirithe daoine arb as áit chónaithe Stephen i Rathún dóibh, ar a bhás tragóideach. Anois coinneoidh an phlaic seo a chuimhne buan agus cabhróidh sé le glúnta níos óige foghlaim faoina íobairt agus faoin dea-thionchar agus an oidhreacht a d’fhág Stephen agus oifigigh shíochánaíochta Éireannacha eile.”
“Le roinnt seachtainí agus míonna anuas, cuireadh i gcuimhne dúinn na contúirtí a thugann ár n-oifigigh síochánaíochta aghaidh orthu sa Liobáin. Cuireann an phlaic seo tionchar dearfach agus oidhreacht phearsanra Óglaigh na hÉireann agus a gcuid misean síochánaíochta i gcuimhne dúinn freisin, sa Liobáin agus níos faide i gcéin, thar na mblianta.”
Ag labhairt thar ceann an teaghlaigh, dúirt deirfiúr Stephen, Áine, “Táimid an-bhuíoch gur cuireadh an phlaic seo in airde i gcuimhne ar Stephen. Cabhróidh sé lena thabhairt chun cuimhne sna blianta amach romhainn, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a thug cúnamh dúinn é seo a dhéanamh.”
“Meabhraíodh dúinn le roinnt míonna anuas nach rud cinnte atá sa tsíocháin. Bíonn oifigigh shíochánaíochta ar intinn ag ár dteaghlach go minic, go háirithe oifigigh ar nós Stephen a rinne íobairt ollmhór agus iarracht á dhéanamh acu an tsíocháin a chosaint.”
“Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na daoine ar fad a d’fhreastail ar an ócáid seo, ár gcairde, ár muintir, na comhaltaí tofa, pearsanra an airm agus iar-chomhghleacaithe Stephen.”
Cuireadh an phlaic cloiche in airde le linn na n-oibreacha atá ar bun faoi láthair ar Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar Stiofáin, atá beagnach críochnaithe. D’iarr Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe plaic a chrochadh le linn na céime pleanála don tionscadal seo. Tá na hoibreacha taistil ghníomhaigh ar Bhóthar Stiofáin maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus ag Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (URDF) an rialtais, agus tá an tionscadal á chur i gcrích ag Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Fotheideal (an phríomhghrianghraf): Na deartháireacha agus deirfiúracha don tSaighdiúra Shingil Stephen Griffin - Michael, Mary, Siobhain, Catherine, Seamus, Padraig, Aine, Tommy and Gabrielle - agus Méara Chathair na Gaillimhe an Clr Mike Cubbard.