Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála cead pleanála a thabhairt do mhórthionscadal fearainn uirbigh phoiblí ag Páirc Bhaile an Rí agus ag Páirc Lána an Mhuilleora - ar ionann é agus cloch mhíle shuntasach i dtabhairt chun críche na háise pobail bunathraithí seo do Chnoc na Cathrach, do Rathún agus do cheantar níos leithne Chathair na Gaillimhe. Fuarthas dea-scéala eile an tseachtain seo i ndiaidh an chinnidh nuair a d’fhógair an tAire James Browne go gcuirfí maoiniú €7.5 milliún ar fáil ón gCiste Infheistíochta Athghiniúna Bailte agus Cathracha ionas go mbeifí in ann tús a chur leis an tionscadal iomlán, ag tosú le Tionscadal An Tús Bhaile an Rí, a thabharfaidh an chéad chéim de Pháirc Phoiblí Nua Bhaile an Rí i gcrích.
Le Tionscadal iomlán Pháirceanna Poiblí agus Fhearann Uirbeach Poiblí Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora cuirfear saoráidí agus páirceanna nua spóirt, foirgnimh phobail, spásanna poiblí oscailte níos fearr, tionscnaimh aeráide, saoráidí le haghaidh bealaí sábháilte chun na scoile, spásanna d’imeachtaí, áiseanna caifé, naisc fheabhsaithe siúil agus rothaíochta, bithéagsúlacht níos fearr, chomh maith le réimse saoráidí caithimh aimsire ar fáil ionas go mbeifear in ann tacú le stíleanna maireachtála gníomhacha agus le folláine an phobail.
Is éard a dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu: “Cuirim fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála cead pleanála a thabhairt do Pháirceanna Comharsanachta nua bunathraitheacha na Gaillimhe i mBaile an Rí agus ag Lána an Mhuilleora, Rathún. Tá cead faighte anois tús a chur leis an tionscadal iontach seo, agus cuirfear saoráidí spóirt den chéad scoth ar fáil don haca, don sacar, don rugbaí, don liathróid láimhe, don chluiche corr, do bhúlaí agus don chruicéad, chomh maith le réimse leathan saoráidí agus áiseanna do leanaí agus do dhaoine óga.
Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Léiríonn tionscadal Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora tiomantas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe spásanna poiblí inrochtana, uilechuimsitheacha agus inbhuanaithe a chur ar fáil. Is mór an t-éacht é do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus don fhoireann tionscadail ar fad an cead pleanála seo a bheith faighte. Gabhaimid buíochas leis na Comhaltaí Tofa as a dtacaíocht chun an tionscadal seo a thabhairt chuig an gcéim thábhachtach seo, agus le gach duine a ghlac páirt sna comhairliúcháin phoiblí, a roinn a dtuairimí, a spreag tacaíocht don tionscadal agus a bhí linn gach céim den turas. I bhfianaise go bhfuil cead pleanála faighte anois agus go bhfuil infheistíocht tosaigh mhór dar luach €7.5 milliún faighte ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tseachtain seo, tá an tionscadal céim níos gaire dá chur i gcrích. Tabharfaidh sé seo an fhís a bhaineann le tionscadal Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora chun fíre agus cruthóidh sé acmhainn luachmhar don phobal a mbainfidh glúin an lae inniu agus glúnta amach anseo tairbhe aisti.
I bhfoirgnimh ilfheidhmeacha an tionscadail beidh saoráidí feistis, seomraí céadfacha, cistineacha beaga a mbeidh fáil ag an bpobal orthu, leithris phoiblí agus cithfholcadáin a mbeidh teacht orthu ón taobh amuigh, halla mór spóirt, seomraí cruinnithe agus gníomhaíochtaí, ardáin féachana ina mbeidh foscadh ón aimsir, both tráchtaireachta, caifé lena n-áirítear plás clúdaithe faoin spéir, chomh maith le saoráidí seachtracha d’fheithiclí lónadóireachta agus d'imeachtaí.
Dearadh na foirgnimh chun ardchaighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh agus comhlíonta comhshaoil a bhaint amach faoi Chaighdeán Idirnáisiúnta LEED, agus i measc na ngnéithe a bhainfidh leo beidh Painéil Ghréine, Athúsáid Uisce Báistí, Aeráil Éighníomhach, pointí luchtaithe do ghluaisteáin agus do rothair leictreacha, chomh maith le soilsiú poiblí féinluchtaithe.
I measc na n-áiseanna a bheidh ar fáil sna páirceanna nua beidh spásanna poiblí nua, príomhphlás poiblí, amfaitéatar seomra ranga faoin aer, príomhchabhsa siúlóide a mbeidh crainn ag fás ar gach aon taobh de, áiteanna súgartha do leanaí, bealaí siúil agus rothaíochta, cúirteanna ilúsáide cluichí, páirc challaistéinice, dhá charrchlós nua lena n-áirítear saoráidí Bealaí Sábháilte chun na Scoile do Scoil Náisiúnta Naomh Eoin, chomh maith le spásanna do bhusanna, Spásanna do Theaghlaigh, spásanna atá oiriúnach do dhaoine aosta, agus spásanna do dhaoine faoi mhíchumas. Beidh páirceáil ar fáil do rothair, lena n-áirítear rothair lastais, chomh maith le seid stórála do rothair ar féidir glas a chur uirthi.
Cuirfear go leor plandaí chun slacht a chur ar an tírdhreach ann, cuirfear gairdíní báistí, móinéir atá oiriúnach do phailneoirí, sceacha dúchasacha, limistéir choillte nádúrthaithe (lena n-áirítear speicis dhúchasacha), toir ildaite, plandaí ilbhliantúla agus bolgáin shéasúracha.
Foireann ildisciplíneach chomhoibríoch a rinne an tionscadal a fhorbairt, ar a raibh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, MKO, DRLA, Punch Consulting Engineers, Quinn Architects, Moloney Fox, TC Estimating, Meehan Greene, Jensen Hughes agus Hayden Turfcare – i gcomhairle (i dtrí chéim) le grúpaí ionadaíocha an phobail áitiúil; le cónaitheoirí; clubanna agus eagraíochtaí spóirt; scoileanna; gnólachtaí; gníomhaireachtaí stáit; Ranna Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; agus na Comhaltaí Tofa, iad uile ag obair le chéile chun tionscadal a bhfuil géarghá leis sa gceantar a chur chun cinn.
Thug Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, aitheantas don tacaíocht a thug gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal a thabhairt chuig céim an cheada pleanála, agus dúirt: “Tá an-obair déanta chun tionscadal Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora a thabhairt chomh fada leis an gcéim seo, agus táimid ag tnúth leis na chéad chéimeanna eile agus leis an tacaíocht leanúnach chun na tionscadail a chur i gcrích agus a thabhairt chun fíre. Gabhaimid buíochas le Stephen Walsh, Stiúrthóir Páirceanna Feidhmiúcháin Sinsearach na Comhairle, leis an Innealtóir Sinsearach Sharon Connolly, agus leis an bhfoireann ar fad a thug cúnamh i gComhairle Cathrach na Gaillimhe chun an tionscadal a stiúradh agus a chur i gcrích in éineacht lenár gcomhpháirtithe in MKO Consulting, chomh maith leis an bhfoireann tionscadail níos leithne, lena n-áirítear Dermot Ryan Landscape Architecture, Quinn Architects, PUNCH Consulting Engineers, TC Estimating QS, Maloney Fox Consulting M&E Engineers, Meehan Greene, Jensen Hughes agus Hayden Turfcare. Gabhaimid buíochas leis an bpobal agus leis na Comhaltaí Tofa as a dtacaíocht go dtí seo, agus fáiltímid roimh tuilleadh rannpháirtíochta libh bhreise de réir mar a théann an tionscadal seo chun cinn agus de réir mar a thugtar chun fíre é.”
Tá trí thionscadal mhórscála cheannródaíocha dá leithéid seo i nGaillimh agus is é seo an chéad cheann díobh agus an ceann is mó a bhfuil forbairt déanta air. Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag cur dhá thionscadal eile faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála, is iad sin Máistirphleananna Comharsanachta na Páirce Theas agus Rinn Mhaoile. Cuirfear bonneagar poiblí, caithimh aimsire agus spóirt a bhfuil géarghá leis ar fáil leis na tionscadail seo, agus cuirfidh siad go mór le Gaillimh mar chathair nua-aimseartha agus inbhuanaithe amach anseo.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadal Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora ach dul chuig https://kingstonparkmillerslane.com/