Radharc na Tornóige, Headford Road, Contae na Gaillimh, Dáta Oscailte Tairseach

Radharc na Tornoige

Tá áthas ar Red Fox Residential 29 teach nua i Radharc Na Tornóige, Headford Road, Contae na Gaillimh e a chur ar an margadh. Tá ocht Árasán 1 Sheomra Leapa ar Urlár na Talún (gan áit pháirceála), cúig Árasán 2 Sheomra Leapa ar Urlár na Talún (Le 1 hÁit Pháirceála), deich Árasán Dhá Urlár 2 Sheomra Leapa (Le 1 hÁit Pháirceála), sé Árasán Dhá Urlár 3 Sheomra Leapa (Le 1 hÁit Pháirceála) á ndíol i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí na socruithe le haghaidh tithe inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 agus na rialacháin a ghabhann leis. 

Glacfar le hiarratais ó mheán lae (12.00) Dé Luain an 20 Aibreán 2026 go dtí meán lae (12.00) Dé Luain an 11 Bealtaine 2026. Is féidir clárú agus iarratas a dhéanamh ar an tairseach ar líne ar www.galwaycity.ie/tornoige

Tabharfar tús áite do gach iarratas báire de réir an dáta agus an ama a gheofar iad i gcomhréir le Scéim Tosaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

An t-iosphraghas ceannaigh: 

  • €234,980 atá ar na Árasán 1 Sheomra Leapa ar Urlár Talun (Gan áit Pháirceála)
  • €294,964 atá ar na Árasán 2 Sheomra Leapa ar Urlár Talun (Le hÁit Pháirceála)
  • €325,000 atá ar na Árasán Dhá Urlár 2 Sheomra Leapa (Le hÁit Pháirceála)
  • €349,988 atá ar na Árasán Dhá Urlár 3 Sheomra Leapa (Le hÁit Pháirceála

TDéanfar an praghas ceannaigh a íocfar a ríomh bunaithe ar d’ioncam agus do chumas morgáiste. Rachaidh tú I mbun Comhaontú Ceannaigh um Áitreabh Inacmhainne le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a ghlacfaidhgnáthscair i do theach, arb ionann an méid sin agus an difríocht idir an luach margaidh agus an praghas ceannaigh a íocfaidh tú. Is mar chéatadán de luach margaidh an tí a dhéantar an ghnáthscair a léiriú. 

Beidh tú in ann an ghnáthscair i do theach a cheannach amach am ar bith taobh istigh de 40 bliain in aon íocaíocht amháin nó i sraith íocaíochtaí le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Is gá an ghnáthscair a íoc ar ais má thagann cásanna áirithe chun cinn. 

SCÉIM TITHÍOCHTA INACMHAINNE

Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar an scéim má tá na critéir seo a leana á gcomhlíonadh agat: 

• Más Ceannaitheoir Céaduaire thú nó má chomhlíonann tú na heisceachtaí de réir an Phrionsabail le haghaidh Tús Nua. 

• Ní mór an ceart a bheith ag gach duine atá san iarratas cónaí sa Stát. 

• Ní mór gurb é an teach inacmhainne d’áit chónaithe. 

• Ní mór ar a laghad 5% de bhun cothromais a bheith ag teastáil uait ón údarás áitiúil. 

• Ní mór ar a laghad 10% den phraghas ceannaigh a bheith mar éarlais agat. 

• Ní mór d'iarratasóirí a morgáiste a bheith ceadaithe i bprionsabal dóibh sula ndéanann siad iarratas ar theach inacmhainne. 

Beidh an praghas a íocfaidh tú as do theach níos airde má bhíonn d’ioncam agus cumas morgáiste níos aired agus beidh an ghnáthscair níos ísle. Tá na teorainneacha ioncaim leagtha amach sa tábla thíos. 

Má tharlaíonn go bhfuil d’ioncam comhlán teaghlaigh níos airde ná na teorainneacha seo ach go bhfuil cumas morgáiste níos lú agat, tá seans ann go mbeidh tú fós incháilithe chun iarratas a dhéanamh. 

Má tá coigilteas, bronntanais nó cabhair agat le ceannach, b'fhéidir go mbeifeá in ann ceannach le hioncam teaghlaigh níos ísle. 

Féach na Ceisteanna Coitianta ar www.galwaycity.ie/affordable-housing

Cineál Maoine 

Teorainn ar Oillioncam Teaghlaigh 

Comhroinn Cothromais Max

Luagh Margaigh

Iosphraghas Ceannaigh

Uasphraghas Ceannaigh

Árasán 1 Sheomra Leapa ar Urlár Talun (Gan áit Pháirceála)  

€52,871

€75,000

€310,000

€234,980

€294,500

Árasán 2 Sheomra Leapa ar Urlár Talun (Le hÁit Pháirceála)

€66,367

€75,000

€370,000

€294,964

€351,500

Árasán Dhá Urlár 2 Sheomra Leapa (Le hÁit Pháirceála)

€73,125

€75,000

€400,000

€325,000

€380,000

Árasán Dhá Urlár 3 Sheomra Leapa (Le hÁit Pháirceála)

€78,747

€75,000

€425,000

€349,988

€403,750