Tuigtear do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil sé beartaithe agóid a chur ar siúl maidir le cóiríocht atá le ligean go gearrthéarmach a rialáil agus aithníonn sí an ceart atá ag daoine aonair agus ag grúpaí a dtuairimí a chur in iúl go síochánta.
Measann an Chomhairle go bhfuil sé tábhachtach ról na n-údarás áitiúil a shoiléiriú i ndáil leis na rialacháin maidir le ligean gearrthéarmach agus i ndáil le hathruithe reachtacha a rinneadh le déanaí.
An Creat Reachtaíochta Náisiúnta
Is le reachtaíocht náisiúnta agus le beartas Rialtais a rialaítear rialáil na cóiríochta atá le ligean go gearrthéarmach. Ní hiad na húdaráis áitiúla a shocraíonn na beartais sin ach is gá dóibh an creat reachtúil arna achtú ag an Oireachtas a riar agus a fhorfheidhmiú.
Leis na hathruithe a rinneadh le déanaí, tugadh isteach córas náisiúnta clárúcháin le haghaidh cásanna ligin ghearrthéarmaigh. Ní mór do sholáthraithe cóiríochta na ceanglais chlárúcháin agus aon cheanglais phleanála ábhartha a chomhlíonadh. Tá sé mar aidhm leis an gcóras clárúcháin, atá á bhainistiú ag Fáilte Éireann, trédhearcacht níos fearr agus tuiscint níos soiléire a chur ar fáil ar ghníomhaíocht ligin ghearrthéarmaigh ar fud na tíre.
Mar an t-údarás pleanála don chathair, ceanglaítear ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gearáin agus sáruithe ar reachtaíocht pleanála a d’fhéadfadh a bheith ann a fhiosrú, lena n-áirítear úsáid neamhúdaraithe réadmhaoine le haghaidh ligean gearrthéarmach.
Tugtar faoi imscrúduithe forfheidhmithe i gcomhréir le nósanna imeachta seanbhunaithe dlí agus ceanglaítear ar an gComhairle fianaise leordhóthanach a bhailiú chun tacú le haon ghníomhaíocht forfheidhmithe. Ós rud é go bhféadfadh ionchúiseamh coiriúil a bheith mar thoradh ar imeachtaí forfheidhmithe pleanála i ndeireadh na dála, is ar an údarás áitiúil atá an dualgas cruthúnais agus ní mór aon chion líomhnaithe a chruthú gan aon amhras réasúnach.
Tá a leanas i gceist le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ó 2025:
· Tá 140 gearán faighte maidir le gníomhaíocht a bhaineann le ligean gearrthéarmach.
· Tá 129 imscrúdú forfheidhmithe tionscanta.
· Tá 85 litir rabhaidh agus 12 fhógra forfheidhmithe eisithe.
· Tá 7 gcás tarchurtha le haghaidh imeachtaí dlí.
· Tá 41 toradh comhlíontachta faighte.