Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., go bhfuil Emmet Humphreys agus Nathalie Weadick, thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, roghnaithe ina gcoimeádaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an 20ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta sa Veinéis, La Biennale di Venezia - an t-ardán domhanda is tábhachtaí do thaispeántas ailtireachta. Roghnaíodh a dtionscadal, RESIDUUM, tar éis glao oscailte ó Chultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.
Tagraíonn RESIDUUM don rud atá fágtha: na spásanna, na struchtúir, an cultúr ábhartha agus an fabraic shóisialta atá leabaithe inár gcathair a bhfuil dearmad déanta orthu, ní mar iarsmaí ach mar acmhainní nach bhfuil leas á baint astu. Moltar leis an tionscadal modheolaíocht chun an chathair oidhreachta a dheisiú, ag freagairt do na tírdhreacha scoilte atá cruthaithe ag blianta fada den scaipeadh uirbeach trí áiteanna den mhuintearas, ceangal agus saol sibhialta a dhéanamh dóibh. Ag a chroílár tá cur chuige uaillmhianach i leith cruthú cathracha a thugann aghaidh ar na dúshláin idirnasctha a bhaineann le tithíocht, cruthú áite agus féiniúlacht, ag fí taipéis uirbeach níos saibhre agus níos comhtháite.
Maidir leis na Coimeádaithe, is Ailtire Sinsearach i gComhairle Cathrach na Gaillimhe é Emmet Humphreys, agus is straitéisí cultúir, comhairleoir agus coimeádaí í Nathalie Weadick atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Oibreoidh na coimeádaithe le foireann ildisciplíneach ar a mbeidh Frank Monahan ó Architecture at the Edge ar an gclár poiblí; Alice Casey agus Cian Deegan ó TAKA Architects ar dhearadh taispeántais; Jim Byrne ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar chomhordú ábhair agus taighde; Peter Maybury ar dhearadh céannachta agus foilseachán; Caoimhín Corrigan mar bhainisteoir tionscadail; agus Elaine White ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mar riarthóir tionscadail.
Cé go bhfuil RESIDUUM bunaithe ar Chathair na Gaillimhe, baineann sé le cathracha ar fud an domhain. Le ról an ailtire phoiblí ina chroílár, tabharfaidh an taispeántas an cuairteoir ar thuras trí dhéantáin, múnlaí, léirithe, cásanna tuairimíochta agus comhráite, ag cúlú siar isteach sa gcathair oidhreachta agus ar aghaidh i dtreo na todhchaí a d’fhéadfadh a bheith aici. De réir mar a thagann an scéal chun cinn, tagann ailtireacht, beartas poiblí, rialtas áitiúil agus pobail isteach sa phlé, lena thaispeáint mar is féidir le gníomhartha beaga deisiúcháin rud neamhghnách a dhéanamh den ghnáthrud. Ag croílár an togra tá moladh atá simplí agus radacach araon: go dtosaíonn todhchaí ár gcathracha trí aitheantas a thabhairt do na rudaí atá ann cheana féin nach bhfuil leas ar bith á mbaint astu.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, faoin rogha, “Táim an-bhródúil gur roghnaíodh Cathair na Gaillimhe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ailtireachta 2027 i Veinéis. Déanfar ceiliúradh le tionscadal Residuum ar an bPobal agus scrúdóidh sé mar is féidir leis na Bardais ag dul i mbun rannpháirtíocht réamhghníomhach le pobail aonair é a chur ar a gcumas a n-áit féin a mhúnlú agus, le chéile, tús a chur le Cathair na gComharsanachtaí Inbhuanaithe, Ceangailte agus Inrochtana a dhéanamh de Ghaillimh a bheidh ann amach anseo, mar atá uainn go léir. Táim ag tnúth leis an bpróiseas a fheiceáil ag bogadh ar aghaidh chomh maith le torthaí an tionscnaimh seo a mbeidh tionchar dearfach aige ar Chathair na Gaillimhe sna blianta amach romhainn.”
Deis a bheidh i dtaispeántas 2027 chun smaointe a mholadh, lena ndúshlán a thabhairt agus iad a neartú, agus cinnteoidh sé sin nach críochphointe é an taispeántas ach cuid ghníomhach d'athrú leanúnach Chathair na Gaillimhe.
Dúirt Emmet Humphreys agus Nathalie Weadick, Coimeádaithe RESIDUUM: “Is cúis áthais dúinn é gur fógraíodh muid inár gcoimeádaithe ar Phailliún na hÉireann thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is mór an onóir dom ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an 20ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis. Cé gur bunaithe ar Chathair na Gaillimhe atá RESIDUUM, déantar iniúchadh leis ar dhúshlán tráthúil atá ábhartha ar fud an domhain: an chaoi ar féidir leis an acmhainneacht atá leabaithe inár gcathracha, ar acmhainneacht í a bhfuil dearmad déanta uirthi, cabhrú le háiteanna nasctha ar féidir maireachtáil iontu a dhéanamh as tírdhreacha uirbeacha ilroinnte. Tá sé i gceist le RESIDUUM lucht spéise éagsúil a mhealladh agus cuir chuige a spreagadh a chabhróidh le cathracha leas a bhaint as an acmhainneacht sin. Ní taispeántas amháin é Pailliún na hÉireann, is áit é ina gcothaítear spreagadh, áit ina moltar smaointe, ina dtugtar dúshlán dóibh agus ina saibhrítear iad chun a chinntiú nach críochphointe é an taispeántas ach gur cuid ghníomhach é d'athrú leanúnach na Gaillimhe".
Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, faoin rogha seo “Is deis iontach é do Chathair na Gaillimhe ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ailtireachta na Veinéise chun na cúiseanna gur áit iontach, chruthaitheach agus bhríomhar í Gaillimh a chur in iúl do chách. Is é an Fíor-Ailtireacht príomhthéama Biennale na bliana seo chugainn, agus leis an tionscadal Residuum tabharfar deis Cathair na Gaillimhe a chur chun cinn mar áit ina bhfuil daoine ar thús cadhnaíochta sa smaointeoireacht ar ardán idirnáisiúnta. Comhghairdeas ó chroí le gach duine a raibh baint acu leis an onóir seo a bhaint amach do Chathair na dTreabh.”
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe aitheantas a thabhairt don tacaíocht a fuarthas ónár bpríomhchisteoirí; Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon; ónár n-urraitheoirí agus ónár gcomhpháirtithe tacaíochta, ní fhéadfaí seo a dhéanamh murach iad.
Beidh an 20ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta – La Biennale di Venezia ar siúl go hoifigiúil ón 8 Bealtaine go dtí an 21 Samhain 2027 agus is é fós an t-ardán domhanda is tábhachtaí chun an ailtireacht a chur i láthair. Is iad Wang Shu agus Lu Wenyu a bheidh i mbun an taispeántais a choimeád in 2027 faoin teideal Do Architecture. Tugtar deis le linn an Biennale, deis nach bhfuil a sárú le fáil, d'ailtirí na hÉireann labhairt le lucht spéise idirnáisiúnta. Cuireann Éire ag Veinéis 2027 le láithreacht láidir na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise le blianta beaga anuas. Ba iad Shelley McNamara agus Yvonne Farrell as Grafton Architects a rinne an 16ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis a choimeád in 2018.
Beidh deis ag an bpobal níos mó a fhoghlaim ag ceardlanna atá beartaithe don fhómhar i gCathair na Gaillimhe.
Fógrófar na sonraí uilig go luath ar shuíomh gréasáin Architecture at the Edge.