AN tACHT UM PLEANÁIL & FORBAIRT, 2000 (arna leasú)
NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2001-2026 (CUID 8)
Scéim Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) maidir le Taisteal Gníomhach
Iarratasóir: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Áit: An R339, Bóthar Mhuine Mheá, Cathair na Gaillimhe
Togra: I ndáil le Cuid XI den Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000 (arna leasú) agus Cuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt, 2001-2026, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo faoi thogra chun bealach rothaíochta scoite d'ardchaighdeán a chur ar fáil feadh an R339, Bóthar Mhuine Mheá, Gaillimh; dar teideal “Scéim Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) maidir le Taisteal Gníomhach”.
Is mar a leanas an suíomh:
-
An R339, Bóthar Mhuine Mheá, ó acomhal an bhóthair leis an R865, Bóthar an Bhaile Bháin, go dtí acomhal an bhóthair leis an L5028, Seanbhóthar Bhaile an Bhriotaigh.
Is carrbhealach dhá bhealach lána amháin é Bóthar Mhuine Mheá faoi láthair, a leathnaíonn go dhá lána ag acomhail chun áit a dhéanamh do lánaí chun casadh. Níl aon bhonneagar rothaíochta ar Bhóthar Mhuine Mheá faoi láthair ach tá cosáin ar gach aon taobh den bhóthar feadh a fhaid. Tá an chuid de Bhóthar Mhuine Mheá atá á breithniú thart ar 1.7km ar fhad.
Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an bhforbairt seo:
-
Rian rothair dhá bhealach a sholáthar a bheidh 3m ar leithead go hiondúil, ag cúngú in áiteanna a mbeidh srianta i gceist.
-
Leithead an charrbhealaigh bóthair a chúngú (lánaí 3.2m ar leithead go hiondúil).
-
Athailíniú acomhal chomh maith le crosairí ardaithe a thabhairt isteach ar gach aon taobh-bhóthar chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí coisithe agus rothaithe.
-
Lánaí rothair/cosáin trasnaithe díreach tríd ar acomhal ar thaobh-bhóithre chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí rothaithe.
-
Trasrianta le comharthaí orthu a sholáthar do choisithe agus do rothaithe.
-
Beidh pointí trasnaithe comhroinnte agus coisithe le tabhairt isteach ag áiteanna éagsúla.
-
Tírdhreachú a dhéanamh feadh na mbealaí.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ar líne ag https://planning.localgov.ie/ nó ar láithreán gréasáin na Scéime: https://www.galwaycity.ie/services/active-travel/active-travel-services/monivea-road-east-active-travel-scheme
Ullmhaíodh Tuarascáil ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Tionchair Timpeallachta i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe agus de réir Airteagal 120(1)(b)(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2026, thángthas ar an gconclúid nach raibh gá le Tuarascáil le haghaidh Measúnacht Tionchair Timpeallachta. De réir Alt 120 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2026 is féidir le haon duine, laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhógra seo, iarratas a dhéanamh leis An Coimisiún Pleanála do chinneadh scagtha i dtaobh an bhféadfadh tionchair mhóra a bheith ag an bhforbairt ar an timpeallacht. Ba chóir aighneacht den chineál sin a chur ar aghaidh chuig an Rúnaí, An Coimisiún Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902.
Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi Thuarascáil ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí agus baineadh de thátal, nach bheadh éifeachtaí suntasacha ag an bhforbairt atá beartaithe ar aon láithreán Natura 2000 Eorpach, agus nach bhfuil gá le Measúnacht Chuí iomlán i leith na forbartha beartaithe seo.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe, lena n-áirítear an Tuarascáil ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus an Tuarascáil ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí, ar fáil lena n-iniúchadh nó lena gceannach ag an bpobal ar tháille nach mó ná an costas réasúnta a bhaineann le cóip a dhéanamh, le linn uaireanta oifige ar feadh 4 seachtaine ó Déardaoin 23 Lúil 2026 go dtí Dé hAoine 21 Lúnasa 2026 an dá lá sin san áireamh le linn uaireanta poiblí san Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8 ó 9:00am go 4:00pm Luan go hAoine, seachas Laethanta Saoire Bainc. Le haghaidh coinní, téigh i dteagmháil leis an lucht pleanála ag 091 536400 nó trí ríomhphost ag planning@galwaycity.ie.
Déanfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, i scríbhinn chuig an Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, nó ag https://planning.localgov.ie/, nó ar ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie, nó trí https://www.galwaycity.ie/services/active-travel/active-travel-services/monivea-road-east-active-travel-scheme ach iad a bheidh faighte an Dé hAoine 4 Meán Fómhair, nó roimhe, agus ba cheart iad a mharcáil go soiléir le Scéim Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) maidir le Taisteal Gníomhach. Ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le gach taifead atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Beidh gach tuairim, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a thugann tuairimí, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle maidir leis an scéim seo mar chuid den tuarascáil atá riachtanach go reachtúil a chuirfear i láthair ag cruinniú na gcomhaltaí tofa. Dá réir sin, is féidir iad a chur san áireamh freisin i miontuairiscí an chruinnithe sin agus féadfaidh siad a bheith san fhearann poiblí. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir fhorálacha na Saorála Faisnéise (Achtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2014) agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2013.
Derek Pender,
Stiúrthóir Seirbhísí,
An Stiúrthóireacht um Fhorbairt Tionscadal,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Dáta: 23 Lúil 2026