Tá áthas ar Cairn 25 teach nua i Slí na hAbhann, Ballymoneen Road, Cathrach na Gaillimhe e
a chur ar an margadh. Tá Deich dtheach 2 Sheomra Leapa (le 1 hÁit Pháirceála), Cúig dtheach 3
Sheomra Leapa (Le 2 hÁit Pháirceála), Deich dtheach 3 Sheomra Leapa (Le 2 hÁit Pháirceála), á ndíol i
gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí na socruithe le haghaidh tithe inacmhainne faoin
Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 agus na rialacháin a ghabhann leis.
Glacfar le hiarratais ó mheán lae (12.00) Déardaoin 24 Meán Fómhair 2026.
Is féidir clárú agus iarratas a dhéanamh ar an tairseach ar líne ar www.galwaycity.ie/slinahabhann.
Tabharfar tús áite do gach iarratas báire de réir an dáta agus an ama a gheofar iad i gcomhréir le
Scéim Tosaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
An t-iosphraghas ceannaigh:
• €330,000 atá ar na tithe lár-shraithe 2 sheomra leapa (Le 1 hÁit Pháirceála)
• €395,000 atá ar na tithe lár-shraithe 3 sheomra leapa (Le 2 hÁitPháirceála)
• €410,000 atá ar na tithe ardán deiridh 3 sheomra leapa (Le 2 hÁit Pháirceála)
Déanfar an praghas ceannaigha íocfar a ríomh bunaithear d’ioncam agus do chumas morgáiste.
Rachaidh tú I mbun Comhaontú Ceannaigh um Áitreabh Inacmhainne le Comhairle Cathrach na
Gaillimhe a ghlacfaidhgnáthscair i do theach,arb ionann an méid sin agus an difríocht idir an luach
margaidh agus an praghas ceannaigh a íocfaidh tú.
Is mar chéatadán de luach margaidh an tí a dhéantar an ghnáthscair a léiriú.
Beidh tú in ann an ghnáthscair i do theacha cheannach amacham ar bith taobh istighde 40 bliain in
aon íocaíochtamháin nó i sraith íocaíochtaí le Comhairle Cathrachna Gaillimhe.
Is gá an ghnáthscair a íoc ar ais má thagann cásanna áirithe chun cinn.
TACAÍOCHTAÍ TITHÍOCHTA TOSAIGH
Tá tú i dteideal iarratasa dhéanamh ar an scéim má tá na critéirseo a leana á gcomhlíonadh agat:
•Más Ceannaitheoir Céaduaire thú nó má chomhlíonann tú na heisceachtaí de réir an Phrionsabail le
haghaidh Tús Nua.
• Nímór an ceart a bheithag gach duine atá san iarratas cónaí sa Stát.
• Nímór gurb é an teach inacmhainne d’áit chónaithe.
• Nímór ar a laghad 5% de bhun cothromais a bheith ag teastáil uait ón údarás áitiúil.
• Nímór ar a laghad 10% den phraghas ceannaigh a bheith mar éarlais agat.
•Ní mór d'iarratasóirí a morgáiste a bheith ceadaithe i bprionsabal dóibh sula ndéanann siad iarratas
ar theach inacmhainne.
Beidh an praghas a íocfaidh tú as do theach níos airde má bhíonn d’ioncamagus cumas morgáiste
níos aired agus beidhan ghnáthscair níos ísle. Tá na teorainneacha ioncaim leagtha amachsa tábla
thíos.
Má tharlaíonn go bhfuil d’ioncam comhlán teaghlaigh níos airde ná na teorainneacha seo ach go
bhfuil cumas morgáiste níos lú agat, tá seans ann go mbeidh tú fós incháilithe chun iarratas a
dhéanamh. Má tá coigilteas, bronntanais nó cabhair agat le ceannach, b'fhéidir go mbeifeáin ann
ceannach le hioncam teaghlaigh níos ísle.
Féach na Ceisteanna Coitianta ar www.galwaycity.ie/affordable-housing
| Cineál Maoine | Teorainn ar Ollioncam Teaghlaigh | Comhroinn Cothromais Max | Luach Margaidh | Íosphraghas Ceannaigh | Uasphraghas Ceannaigh |
| Teach lár-shraithe 2 sheomra leapa (Le 1 hÁit Pháirceála) |
€74,250 | €75,000 | €405,000 | €330,000 | €384,500 |
| Teach lár-shraithe 3 sheomra leapa (Le 2 hÁit Pháirceála) |
€88,875 | €75,000 | €470,000 | €395,000 | €446,000 |
| Teach ardá deiridh 3 sheomra leapa (Le 2 hÁit Pháirceála) |
€92,250 | €75,000 | €485,000 | €410,000 | €460,500 |