Tá scéim phíolótach nua trína gcuirfear mataí rochtana trá ar fáil ar Thrá Bhaile an Locháin agus ar Thrá na gCeann seolta i gCathair na Gaillimhe. Feabhsóidh na mataí sin an teacht atá ag dhaoine i gcathaoireacha rothaí, ag daoine a bhfuil deacrachtaí luaineachta acu, ag teaghlaigh a bhfuil bugaithe acu agus ag daoine scothaosta ar an gcladach.
Is comhoibriú é an tionscnamh idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Grúpa Rochtana Trá na Gaillimhe, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe, Tús agus Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, agus iad go léir ag obair le chéile chun tránna Chathair na Gaillimhe a dhéanamh níos cuimsithí.
Is í Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe trí scéim Tús a bheidh freagrach as bainistiú na mataí ó lá go lá, agus cinnteoidh sí go leagfar amach na mataí go sábhailte agus go ndéanfar iad a chothabháil. Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chuir na mataí, na haonaid stórála agus an trealamh ar fáil agus a reáchtáil taispeántais do na grúpaí deonacha.
Is éard a dúirt Sharon Connolly, Innealtóir Sinsearach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a bheith ag obair leis na hoibrithe deonacha agus leis na grúpaí ionadaíocha chun teacht ar réiteach inoibrithe do scéim phíolótach ar Thrá na gCeann agus ar Thrá Bhaile an Locháin. Is cinn scríbe iad na tránna seo a bhfuil an-tóir ag cuairteoirí agus ag teaghlaigh orthu agus is fada linn go bhfeicfear torthaí na scéime píolótaí seo agus go ndéanfar iniúchadh ar chomhoibriú agus ar an méid is féidir a bhaint amach amach anseo”.
Tá fáilte curtha ag Grúpa Rochtana Trá na Gaillimhe agus ag Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann roimh sheoladh an tionscadail agus tá a mbuíochas curtha in iúl acu do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus Tús as cuidiú leis an tseirbhís thábhachtach seo a chur ar fáil i nGaillimh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag urlabhraí thar ceann na gcomhpháirtithe:
“Trí bheith ag obair le chéile, tá céim phraiticiúil á glacadh againn chun ár dtránna a dhéanamh níos fáiltí do chách. Fágfaidh na mataí seo go mbeidh sé níos éasca ag daoine ar bheagluaineacht taitneamh a bhaint as Trá Bhaile an Locháin agus as Trá na gCeann.”
Is éard a dúirt Linda Sice Brogan, Príomhfheidhmeannach Chomhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe, “Tá lúcháir ar Chomhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe go bhfuil ról lárnach aici i gcur i gcrích an tionscadail seo. Tá rochtain do chách ar ár n-áiseanna nádúrtha iontacha i nGaillimh mar chuid lárnach de mhisean cuimsithe shóisialta Chomhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe. Is sampla eile é an tionscadal seo de chomhpháirtíocht áitiúil éifeachtach faoi lán seoil. Is fada linn muintir na háite agus cuairteoirí a fheiceáil ag úsáid na mataí agus go bhfaighidh muid aiseolas uathu ionas gur féidir rochtain níos fadtéarmaí a chinntiú.”
Cuirfear tús leis an scéim phíolótach ar Thrá na gCeann Dé Máirt an 28 Iúil.
Cuirfear tús leis an scéim phíolótach ar Trá Bhaile an Locháin i dtús mhí Lúnasa.
Beidh an scéim phíolótach á reáchtáil go dtí deireadh mhí Lúnasa 2026 agus foilseofar sceideal rialta a thabharfaidh na tréimhsí a mbeidh na mataí amuigh le fios. Táthar ag súil go mbeidh straitéis níos fadtéarmaí agus clár leathnaithe d'infreastruchtúr trá inrochtana ar fud Chathair na Gaillimhe mar thoradh ar thriail a n-éireoidh léi.
Is féidir sonraí faoin amchlár a fháil ar www.GalwayCity.ie agus ar na meáin shóisialta. Féach Grúpa Rochtana Trá na Gaillimhe nó Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar Facebook.