Scoláireachtaí ‘Gaeilge Chois Trá’ seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

one man sailing boat in the claddagh

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, fáilte a chur roimh iarratais ar Scoláireachtaí ‘Gaeilge Chois Trá’, agus sé áit ar fáil ar fiú €320 an scoláire iad. Tugann an cúrsa ar leith seo deis do scoláirí san Idirbhliain agus sa Chúigiú Bliain ullmhú do scrúdú béil na Gaeilge san Ardteist – ag caitheamh na maidine i ranganna, tráthnónta ar an uisce agus ar an talamh le gníomhaíochtaí cosúil le seoltóireacht, snámh, spraoi ar bháid inséidte, agus ag léim den ché. Déan iarratas ar líne ag www.GalwayCity.ie faoi 10 Bealtaine 2026. Beidh Crannchur na Duaiseanna ar siúl ar an tseachtain ag tosaigh 11 Bealtaine 2026. 

Tá sé cinn de scoláireachtaí ar fáil do scoláirí atá ina gcónaí agus ar scoil i gCathair na Gaillimhe. 

Beidh na cúrsaí ar siúl i gClub Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe i Rinn Mhíl ón 8-12 Meitheamh agus 15-19 Meitheamh, ó 9:30am go 4:30pm - ag cur ‘eispéireas Gaeltachta’ ar fáil nach féidir a shárú, ach beidh na scoláirí in ann a bheith ar a gcompord sa mbaile gach tráthnóna! 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacaíocht a thabhairt do sheisear scoláirí sa chathair a muinín sa Ghaeilge a chothú, trí ghníomhaíochtaí lán le spraoi ar an uisce agus ar an talamh. Beatha teanga í a labhairt – caithfidh tú teanga a labhairt lena coinneáil beo.”

Beidh ranganna Gaeilge acu ar maidin le scrúdaitheoir Ardteistiméireachta de chuid na Roinne Oideachais, agus tabharfar leideanna agus noda dóibh a thabharfaidh cúnamh dóibh na pointí is airde a bhaint amach. Cuimsíonn an chuid eile den lá gníomhaíochtaí uiscebhunaithe agus gníomhaíochtaí ar an talamh chun na scileanna labhartha atá foghlamtha acu a chleachtadh. Is cainteoirí líofa Gaeilge iad na teagascóirí agus na traenálaithe go léir. Déanann teagascóirí cáilithe Sheoltóireacht na hÉireann maoirseacht ar na gníomhaíochtaí uisce. 

I measc na nGníomhaíochtaí Uiscebhunaithe tá: Seoltóireacht Dingí; spraoi ar bháid inséidte; Snámh; Raftáil; agus ag Léim den Ché. I measc na nGníomhaíochtaí ar an talamh tá: Siúlóidí Cois Cladaigh agus Sealgaireacht; Cluichí; Tráth na gCeist; Ceol agus Damhsa; Tarraingt Téide agus Céilí Mór gach seachtain.

Dúirt Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “I gcathair dhátheangach agus i mBaile Seirbhíse Gaeltachta, tá ról ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i saol laethúil daoine agus i dtaobh an taithí atá acu ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Trí spás a chruthú inar féidir le daoine óga an Ghaeilge a úsáid, agus iad ag foghlaim scileanna nua ar an uisce ag an am céanna, tá Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe ag cur spás den scoth ar fáil don Ghaeilge agus don spraoi.”

Dúirt Johnny Shorten, Bainisteoir an Ionaid Oiliúna, Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, “Is í seo an dara bliain againn ag cur na gcúrsaí seo ar fáil agus tá an-tóir go deo orthu.  Bealach iontach atá iontu do dhaoine óga taithí a fháil ar ghníomhaíochtaí seoltóireachta agus uisce, agus iad ag cur feabhas ar a gcuid Gaeilge agus á coinneáil suas le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Tá clú agus cáil ar ár gclub seoltóireachta, atá suite díreach 7 míle as Gaillimh, as an réimse leathan clár oiliúna agus imeachtaí a bhíonn á gcur ar fáil againn do rannpháirtithe de gach aois”.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ar líne leis an nasc seo.

Déan iarratas roimh faoi meán oíche 10 Bealtaine 2026.

Beidh Crannchur na Duaiseanna ar siúl ar an tseachtain ag tosaigh 11 Bealtaine 2026.

Léigh tuilleadh faoi chúrsaí Ullmhúcháin don Scrúdú Béil Chlub Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe ag www.GBSC.ie

Léigh na téarmaí agus coinníollacha iomlána a bhaineann leis an gcrannchur thíos. 

Téarmaí agus Coinníollacha:

  1. Measfar gur ghlac iontrálaithe i gcrannchur na nduaiseanna leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo. 
  2. Tá an crannchur seo oscailte do scoláirí atá ina gcónaí agus ar scoil i gceantar údaráis áitiúil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 
  3. Ní mór d’iontrálaithe cur isteach ar an gcrannchur roimh faoi meán oíche 10 Bealtaine 2026 tríd an bhfoirm ar líne atá ar fáil ag www.GalwayCity.ie. Ní ghlacfar le hiontrálacha a fhaightear lasmuigh den tréimhse seo. 
  4. Ceadaítear iontráil amháin in aghaidh an scoláire. 
  5. Ní mór do scoláirí a bheith ag críochnú na hIdirbhliana nó an Cúigiú Bliain i mí na Bealtaine 2026. 
  6. Níl cead ach ag tuismitheoirí/caomhnóirí cur isteach ar an gcrannchur thar ceann a scoláire. 
  7. Beidh Crannchur na Duaiseanna ar siúl ar an tseachtain ag tosaigh 11 Bealtaine 2026.
  8. Roghnófar na buaiteoirí go randamach. 
  9. Roghnóidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe scoláire amháin san Idirbhliain nó sa Chúigiú Bliain in aghaidh an chúrsa in aghaidh an toghcheantair áitiúil. Cinntigh go bhfuil an toghcheantar áitiúil ceart – Thoir, Láir nó Thiar, roghnaithe agat, féach https://experience.arcgis.com/experience/e94c8f5025784e30ae66e1c24723031c
  10. Déanfar teagmháil leis an mbuaiteoir tríd na sonraí a cuireadh ar fáil sa suirbhé, tar éis an chrannchuir. Mura bhfreagraíonn an buaiteoir laistigh de 3 lá oibre tar éis do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe teagmháil a dhéanamh leo, caillfidh siad an duais agus beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dteideal buaiteoir eile a roghnú de réir an phróisis a bhfuil cur síos déanta air thuas. Mura nglacann buaiteoir leis an duais, nó má tá an iontráil neamhbhailí nó má sháraíonn sé na Téarmaí agus Coinníollacha seo, caillfidh siad an duais agus beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dteideal buaiteoir eile a roghnú.
  11. Bailítear sonraí pearsanta chun an crannchur seo a rith agus chun na críche sin amháin, agus ní dhéanfar iad a roinnt ná a phróiseáil chun aon chríche eile, seachas i dtaca le hiontráil sa chrannchur seo. Déanfar do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil de réir pholasaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Cosaint Sonraí. Chun eolas a fháil ar pholasaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Cosaint Sonraí, féach www.GalwayCity.ie
  12. Roinnfear sonraí teagmhála an tseisear buaiteoirí/a dtuismitheoirí/caomhnóirí le Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe chun clárú dá gcúrsaí. 
  13. Cláraítear trí Chlub Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, de réir a dTéarmaí agus Coinníollacha. 
  14. Sula ndéanann siad iarratas, ní mór do thuismitheoirí/caomhnóirí a dheimhniú gur féidir leis an scoláire páirt a ghlacadh sa chúrsa, de réir threoir Chlub Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, a bhfuil achoimre déanta air thíos. Le haghaidh na sonraí ar fad, féach https://www.gbsc.ie
    • Tá an cúrsa seo dírithe go sonrach ar scoláirí san Idirbhliain agus sa Chúigiú Bliain, le béim ar leith ar ullmhúchán ar Scrúdú Béil Gaeilge na hArdteiste. Tacaíonn an clár le scoláirí muinín, líofacht agus cruinneas a fhorbairt sa Ghaeilge labhartha, agus iad a chur ar an eolas faoin struchtúr, critéir mharcála agus céard atá rompu sa scrúdú béil.
    • Tá snámh a bheith ag an scoláire inmhianaithe ach níl sé riachtanach chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí uiscebhunaithe.
    • Ní mór duit a chur in iúl roimh ré má tá aon fhadhbanna sláinte, riachtanais speisialta nó fadhbanna iompair aitheanta ag an rannpháirtí ar chóir dúinn a bheith feasach orthu agus/nó a mbeadh tionchar acu ar a gcumas páirt a ghlacadh go sábháilte sna gníomhaíochtaí go léir.
    • Cuireann GBSC áiseanna snámhachta ar fáil. Beidh cultacha fliucha ar fáil, ach má tá a gculaith fhliuch agus a mbuataisí féin ag an scoláire, is fearr é sin a thabhairt leo go mbeidh siad ar a gcompord.
    • NÍ mholtar Cuaráin, Flip Fleapanna, Crocs ná bróga oscailte eile cosúil leo. Molaimid Bróga Reatha, Bróga Uisce nó Buataisí.
    • Tabhair leat:
      • Do chulaith fhliuch féin (má tá ceann agat), buataisí nó seanbhróga reatha
      • Uachtar gréine, hata, spéaclaí gréine.
      • Tuáille, athrú stocaí /fo-éadaí.
      • Éadaí tirim te le caitheamh nuair a thagann tú amach as an uisce.
      • Leabhar nótaí agus peann/peann luaidhe (le haghaidh obair chúrsa).
      • Lón gach lá (má bhíonn do chúrsa ar siúl ar feadh an lae), uisce, deoch te
    • Molaimid gan seodra, fáinní, muincí srl a chaitheamh le linn an chúrsa ar eagla go gcaillfí iad, go rachaidís i bhfostú agus/nó go ngortódh siad thú.
  15. Níl an duais inmhalartaithe, ná inaistrithe, agus ní féidir é a mhalartú i gcomhair airgead tirim nó duaiseanna eile 
  16. Mura bhfuil na buaiteoirí in ann páirt a ghlacadh sa chúrsa, tabharfar an áit do scoláire eile. 
  17. Tá sé de cheart ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe duais eile den luach céanna a chur in ionad na duaise sa chás nach bhfuil an duais bhunaidh ar fáil
  18. Foilseofar sonraí na mbuaiteoirí ar líne, ar na meáin shóisialta, agus roinnfear iad leis na meáin trí phreasráiteas. Foilseofar iad freisin i dtuarascálacha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Toilíonn gach iontrálaí dó sin freisin agus iad ag cur isteach ar an gcrannchur duaiseanna. 
  19. Ní ghlacann Comhairle Cathrach na Gaillimhe (CGC) aon fhreagracht as iontrálacha a théann amú, atá mall, atá curtha chuig an seoladh mícheart nó neamhchríochnaithe, nó nach féidir a sheachadadh nó a chur isteach ar chúis theicniúil nó eile.
  20. Ní féidir le fostaithe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cur isteach ar an gcrannchur seo. 
  21. Ní ghlacann Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon fhreagracht as aon damáiste, caillteanas, dliteanais, díobháil nó díomá a tharlaíonn mar thoradh ar chur isteach ar an gCrannchur nó glacadh leis an duais
  22. Ní bheidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi dhliteanas i leith an cúrsa seo a chur ar fáil, an cúrsa a chur ar ceal, ná saincheisteanna a bhaineann le cáilíocht an chúrsa. 
  23. Tá an ceart ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag am ar bith agus ó am go ham an Crannchur seo a athrú nó deireadh a chur leis, go sealadach nó go buan, le fógra roimh ré nó gan fógra roimh ré mar gheall ar chúiseanna nach bhfuil faoina rialú (lena n-áirítear, gan teorainn, i gcás calaoise a bhfuiltear ag súil leis, a bhfuil amhras faoi nó atá ann i ndáiríre). Is cinneadh críochnaitheach agus ceangailteach é cinneadh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i ngach ábhar atá faoina rialú agus ní dhéanfar aon chomhfhreagras.
  24. Ní bheidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi dhliteanas duit má tharlaíonn aon chaillteanas nó damáiste duit/do scoláire trí chur isteach ar chrannchur duaiseanna (aon chaillteanas indíreach, pionósach, speisialta, eiseamláireach, teagmhasach nó iarmhartach gan teorainn, caillteanas brabúis, caillteanas ioncaim, caillteanas cáilmheasa a eascraíonn as nó i dtaca le do rannpháirtíocht sa chrannchur duaiseanna) nó ó dhiúltú na Comhairle cead a thabhairt duit páirt a ghlacadh sa chrannchur duaiseanna má tharraingímid amach as an gcrannchur duaiseanna nó má theipeann ort nó mura bhfuil tú in ann páirt a ghlacadh sa chrannchur duaiseanna nó tairbhe a bhaint as ar chúis ar bith.